Scéalta Móra an Lae Inniu (Aoibhinn McNamara)

Ní túisce a chonaic mé teideal na haiste seo ná rug mé ar mo pheann chun mo chuid tuairimí a bhreachadh síos. Níl lá dá ngealann nach gcloisimid faoi scéalta móra an lae inniu. Cuireann na cúrsaí seo isteach orainn mar phobal anois níos mó ná riamh. Idir an ghéarchéim thithíochta, an Bhreatimeacht, agus uachtaránacht Donald Trump, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil tionchar ollmhór ag na scéalta thuas ar shaol an duine na laethanta seo.

Chuile uair a chasaim cnaipe na teilifíse, cloisim faoin ngéarchéim thithíochta agus líon na ndaoine gan dídean sa tír seo. De réir ‘Focus Ireland’, tá an líon seo tar éis méadú fá fiche a chúig faoin gcéad ó Mhí Iúil 2016. Tá sé thar am ag an rialtas súil ghéar a chaitheamh air seo. Is minic a fheicim daoine ina gcodladh ar na sráideanna i Luimneach, gan trácht ar Bhaile Átha Cliath. Ach céard is cúis leis seo? Tá easpa soláthar tithe againn i ndiaidh cliseadh an tionscail tógála - cliseadh a tharla mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta. I rith an Tíogair Cheiltigh, bhí borradh tithíochta in Éirinn ach tithe daora a bhí i gceist agus níl an t-airgead ag daoine chun cónaí iontu anois. Tá an praghas iarrata meánaigh ar fud na tíre ag sárú dhá chéad caoga míle euro — praghas atá míréasúnta costasach. Anuas air sin, tá an fhadhb le hardú cíosanna tar éis dul ó smacht. Tá an phraiseach ar fud na mias. Tá cíosanna 13.5% níos airde ná mar a bhí siad anuraidh. Is scéal achrannach í an ghéarchéim thithíochta agus i ndeireadh na dála tá sé mar fhreagracht ag an tAire Tithíochta, Eoghan Murphy, chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

Ceist chonspóideach is ea í faoin mBreatimeacht i láthair na huaire. Sa bhliain 2016, vótáil fórmhór de mhuintir na Breataine ar son an tAontas Eorpach a fhágáil. Ba mhinic a bhí na polaiteoirí ag cur is ag cúiteamh maidir leis an gcinneadh seo ach ba chóir dúinn uile a bheith san airdeall agus an dá thaobh den scéal a chloisteáil. Cúis amháin go raibh roinnt daoine ag iarraidh an tAontas Eorpach a fhágáil ná gur cheap siad nach raibh aitheantas náisiúnta acu agus nach raibh smacht acu ar theorainneacha na tíre ó thaobh inimirce de. Os a choinne sin, rinne daoine eile cás ar son fanacht san Aontas Eorpach, ag argóint go mbeadh sé mar chéim chun donais don gheilleagar. Pé scéal é, ba é an deireadh a bhí leis ná gur vótáil an tromlach ar son na Bhreatimeachta sa reifreann. Is ábhar imníoch é seo d’Éire mar gheall ar chúiseanna éagsúla. Tráth dá raibh, bhí limistéir fisiciúil idir Tuaisceart agus Poblacht na hÉireann, ach i rith an bhallraíocht san Aontas Eorpach, bhí limistéar saorghluaiseachta eatarthu. Anois, tá éiginneacht ag baint leis, ach tá cúrsaí fós á bplé idir rialtas na Breataine agus na hÉireann chun teacht ar chomhréiteach. Anuas air sin, tá baol ann go lagfaidh an Bhreatimeacht eacnamaíocht na hÉireann. Cuireann deacrachtaí easpórtála isteach ar an earnáil talamhaíochta, mar gheall ar an méid mairteoil a onnmhairítear chun na Breataine ón tír seo. Bíodh sin mar atá, tá taobh dearfach ag an scéal dúinn. Ní thaitníonn an míshuaimhneas eacnamaíochta le roinnt comhlachtaí atá lonnaithe sa Bhreatain agus is í Éire an áit is fearr dóibh anois. Tá infheistíocht dhíreach eachtrach ag an leibhéal is airde riamh in Éirinn agus tá an Bhreatimeacht mar chúis leis seo.

Ní théann nóiméad tharainn nach bhfuil Donald Trump, Uachtárán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an nuacht. Deirtear gur ceist chasta agus iltaobhach í uachtaránacht Trump ach tá sé dosheachanta gur rud achrannach atá i gceist. D’fhostaigh sé airí rialtais neamhcháilithe - ar nós é féin. Tóg Betsy DeVos, an tAire Oideachais, mar shampla: ní thacaíonn sí fiú le hoideachas poiblí. Níl taithí ar bith aici. Is billiúnaí í a thug airgead do Trump i rith a fheachtais uachtaránachta. Níl na daoine seo ach ag tochailt ar a gceirtlín féin. D’fhéadfaí a rá gur caimiléireacht atá i gceist anseo. Chomh maith leis sin, tá a fhios ag gasúr i gcliabhán faoin nasc conspóideach atá idir Trump é féin agus Vladimir Putin sa Rúis. Le déanaí, rinne Trump bagairt, go hamaideach, ar an gCoiré Thuaidh maidir le tástálacha diúracán a bhí ar siúl acu. Ní nach ionadh gur fhreagair siad le níos mó tástálacha. Mar bharr ar an donas, is eiseamláir é don idirdhealú. Tá sé tar éis cosc a chur ar dhaoine transincne a bheith san arm; daoine nach bhfuil ag iarraidh ach troid ar son a dtíre féin. Anuas air sin, ní féidir dearmad a dhéanamh ar an uair go raibh sé ag spochadh as tuairisceoir a bhí faoi mhíchumas. Thiontódh a ghníomhartha do ghoile. Dhírigh sé ar Éire in óráid le gairid, ag cáineadh an cáin chorparáide íseal atá againn - cáin a mheall comhlachtaí Meiriceánacha anseo. Dar leis, ba leo na postanna a tháinig anseo. D’fhógair sé go bhfuil sé chun dlíthe nua a chur i bhfeidhm a chuirfidh srian ar na comhlachtaí sin na Stáit Aontaithe a fhágáil. Má fhéachaimid siar ar phár na staire, tá an-chuid cosúlachtaí idir uachtaránacht Trump agus deachtóireacht, gan dabht.

An bhfuil réiteach ar bith ar na fadhbanna a bhaineann le scéalta móra an lae inniu? Ar an dea-uair, creidim go láidir go bhfuil. Tá an tAire Tithíochta Eoghan Murphy tar éis tithíocht shóisialta a phlé leis an Taoiseach Leo Varadkar agus dúradh go dtógfar 3,800 tithe shóisialta sa bhliain 2018. Leis an méadú in infheistíocht dhíreach eachtrach, tá geilleagar na tíre ag feabhsú go leanúnach agus tá níos mó tithe á dtógáil. Maidir leis an mBreatimeacht, bíonn na polaiteoirí ag achrann is ag bruíon i gcónaí chun na téarmaí a eagrú. Is dócha go mbeidh socrú speisialta idir an Bhreatain agus Éire ionas go réiteofar na fadhbanna faoin limistéar agus easportáil. Ó thaobh uachtaránacht Trump, is minic a bhíonn agóidí ar siúl ar fud Meiriceá chun fearg an phobail a léiriú. Anois, tá seanadóirí ag déanamh iarracht é a tháinseamh, ach b’fhéidir go gcruthófar níos mó fadhbanna toisc go bhfuil tuairimí polaitiúla níos amhrasaí ag an leasuachtarán Mike Pence.

Mar fhocal scoir, is iomaí fadhbanna a bhaineann le scéalta móra an lae inniu. Tá an ghéarchéim thithíochta práinneach, tá éiginnteacht ag baint leis an Bhreatimeacht, agus tá uachtaránacht Trump ar an dé deiridh. Ar an dea-uair, tá réiteach ar fáil don chuid is mó de na fadhbanna ar bhonn rialtais. Caithfimid a thuiscint nach dtarlóidh athruithe thar oíche, ach mar a dheireann an seanfhocal, buail an t-iarann te.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)