Posts

Showing posts from September, 2017

Prós: Ceist Scrúdaithe - Hurlamaboc (Anna Sheahan)

Image
"Sa sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc, léiríonn iompar agus dearcadh Lisín go leor gnéithe den saol nua-aimseartha" Pléigh an ráiteas sin. (30 marc) Is fíor go dtugtar léargas spéisiúil ar ghnéithe suimiúla den saol nua-aimseartha tríd iompar agus dearcadh Lisín sa sliocht seo as an úrscéal 'Hurlamaboc' le Eilís Ní Dhuibhne.            Ar an gcéad dul síos, feicimid seoinínteacht agus ardnósacht shaol nua-aimseartha Lisín ag tús an tsliochta seo. Bhí Lisín ag céiliúradh fiche bliain pósta lena fear chéile Pól agus bhí cóisir mór “cathréimneach” á eagrú aici. Bhí sí ag úsáid an chóisir chun íomhá dearfach di féin agus a clann a cur ós comhair na gcomharsan. "Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici" agus bhí sé lán le bia álainn. Iarracht ab ea é seo chun a saibhreas a léiriú os comhair an phobail. Freisin, chuir Lisín péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir agus bláthanna sna prócaí. Is léir do chách go raibh baothghalántacht ag baint le saol

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Image
Nótaí Úsáideacha don Scrúdú Cainte Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach bhfuil aon tinteán mar do thinteán féin”. Is fíor sin, dar liom.  Táim ar mo sháimhín só ina chónaí i _____________. Tá mé i mo chónaí i __________________________ . Tá cónaí orm i ________________________ . Is as ______________________ dom ó dhúchas. Rugadh agus tógadh mé i ____________________ . Bhog mé go dtí ___________________________ nuair a bhí mé ________________ bliana/ (mbliana) daois. Is aoibhinn liom mo cheantar áitiúil. Níl áit ar bith cosúil leis in Éirinn nó ar fud an domhain. Is ceantar ciúin, tuaithe (rural) agus iargúlta (remote) é __________________ . Is ceantar gnóthach, uirbeach agus cairdiúil é  _______________ . Is ceantar __________________ , _________________ agus _______________é. Tá daonra ___________________________ i mo cheantar. Is éard is ciall le hainm na háite ná _____________________________  . Is aoibhinn liom mo cheantar.  Tá mé an-bhródúil (proud)