Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Fadhbanna Daoine Óga
 (comhscríofa ag Bliain 5 Rang Prionnsias)


Ábhar conspóideach is ea an scéal seo faoi fhadhbanna daoine óga sa lá atá inniu ann. Tá an cheist seo pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní mór dúinn na fadhbanna a iniúchadh chun teacht ar réiteach éigin ar an scéal. Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach lia duine ná tuairim”. Tá fírinne ag baint leis an seanfhocal seo, dar liom. Níl dabht ar bith ach go bhfuil réimse leathan de dhúshláin agus de chrá pearsanta ag baint le saol déagóirí sa lá atá inniu ann: fadhb na ndrugaí, fadhb an óil, piarbhrú, bulaíocht, cúrsaí scoile, fadhbanna teaghlaigh agus fadhbanna sláinte. 

Ar an gcéad dul síos, ní féidir a shéanadh ach is ar éigean a théann lá thart nach mbíonn tagairt éigin d’fhadhb na ndrugaí i measc daoine óga sa lá atá inniu ann. Caithfear a admháil gur scéal náireach é seo. Nach suntasach an rud é go bhfuil cúrsaí amhlaidh? Is iomaí cúis atá taobh thiar den fhadhb thromchúiseach seo. Bíonn piarbhrú i gceist ó chairde, teastaíonn éalú uathu ó strus an tsaoil agus bíonn ar leadrán ar dhéagóirí ar na deireadh seachtaine go minic. Tá sé rí-éasca do dhéagóirí lámh a leagan ar dhrugaí difriúla ar an margadh: drugaí boga ar nós cannabas, drugaí crua ar nós piollaí eicstéise, brostaitheacha, suaimhneasáin agus támhshuanacha. Is féidir le haon déagóir siúl síos aon sráid sa tír agus drugaí mídhleathach a cheannach ó mhangairí drugaí sna clubanna oíche, sna tithe tabhairne agus ar chúinní na sráide. Scriosann agus loiteann na drugaí déisteanacha seo saol teaghlaigh agus saol an aindiúlaigh. De réir staitisiticí ón tuairisc.ie is iad déagóirí na hÉireann na húsáideoirí is mó cannabas agus cócaon san Eoraip. Is fadhb í seo le meirg air. An bhfuil an fhadhb seo imithe ó smacht? Tá cinnte. Caithfear breis áiseanna a chur ar fáil d’aindiúlaigh, breis deiseanna a sholáthar d’aos óg na tíre agus infheistíocht a dhéanamh in ionaid athshlánúcháin chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. 

Tá a fhios ag gasúr i gcliabhán go bhfuil an dúil ag déagóirí an lae inniu san ólachán. Faoin dlí, tá cosc ar dhéagóirí alcól a cheannach sna heischeadúnais, sna siopaí agus sna tithe tabhairne. Ní stopann sé seo déagóirí faoi aois a lámh a leagan ar bhuidéal vodca nó cannaí beorach ar an deireadh seachtaine. Tá drochíomha tuillte ag déagóirí áirithe mar gheall ar chúltúr an óil atá fréamhaithe sa stair sa tír seo. Gach deireadh seachtaine, scaoileann na tithe tabhairne agus na clubanna oíche na mílte daoine óga amach ar na sráideanna i dteannta a chéile agus an formhór dóibh caochta ar meisce. An bhfuil an fhadhb seo imithe ó smacht? Tá cinnte. Dar liom, tá an locht is mó na déagóirí iad féin, a dtuismitheoirí agus ar an rialtas. De réir staitisticí ó thuairisc.ie tá méadú tagtha ar an líon déagóirí atá buailte le galar ae. Ní chloistear go minic ach faoi fhadhb an óil i measc na bhfear agus na ndéagóirí. Tá cruachás ann freisin i measc mná óga sa tír seo freisin. Is cruachás faoi cheilt é seo go minic. Ní féidir a shéanadh ach gur dúshlán ollmhór é seo dona húdaráis. Ní mór rialacha agud dlíthe níos déine a chur i bhfeidhm chun an fhadhb marfach seo a leigheas. 

Creid é nó ná creid, fadhb mhór eile i measc déagóirí ná an cibearbhulaíocht ar líne ar na suíomhanna sóisialta. Is minic a dhéanann déagóirí magadh faoi dhuine eile, ag seoladh teachtaireachtaí maslacha nó ag roinnt íomhánna mí-oiriúnacha ar na meáin shóisialta ar nós Facebook, Snapchat agus Instagram. Is fadhb leanúnach í seo nach n-imíonn nuair a théann íospartach abhaile. Níl bealach éalaithe acu. Mothaíonn siad teanntaithe agus srianta go minic. Is scanallach an méid déagóirí a chuireann a lámh ina mbás féin, a fhulaingníonn fadhbanna meabharshláinte agus a ghortaítear go pearsanta de bharr fadhb na cibearbhulaíochta. De réir na figiúirí is déanaí tá méadú cúig déag faoin gcéad tagtha ar eachtraí cibearbhulaíochta le dhá bhliain. Ábhar imní ollmhór is ea é do thuismitheoirí. Creidim go láidir go bhfuil sé fíorthábhachtach an bhulaíocht seo á aithint sna scoileanna chomh luath agus is féidir. Conas is féidir linn cabhrú le daoine óga ar íospartaigh iad? Ba chóir do scoileanna cúrsaí sábháilteachta idirlín a chur ar fáil do dhéagóirí, ba chóir do thuismitheoirí maoirseacht a dhéanamh ar dhéagóirí óga ar líne agus ar deireadh agus píonóis níos géire a chur ar chiontóirí chun an bhulaíocht a chosc. 

Mar fhocal scoir, ar deireadh thiar ceapaim féin go bhfuil deacair ag déagóirí na hÉireann agus ar fud an domhain. Bíonn brú uafásach agus dochreidte ar dhéagóirí maidir le drugaí, alcól, brú scoile, cibearbhulaíocht agus piarbhrú. Ba chóir dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do dhéagóirí atá faoi bhrú. Dar leis na saineolaithe tá na fadhbanna millteanacha ag éirí níos measa bliain i ndiaidh bliana. Caithfear dul i ngleic leis na fadhbanna seo láithreach bonn! Bíodh foighne againn! Mar a deir an seanfhocal “i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin”.



Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Scéalta Móra an Lae Inniu (Aoife Harrington)

Aiste: Mórcheisteanna i gCúrsaí Spóirt (comhscríofa ag Rang Phádraig, Bliain 6)