Aiste: Oidhreacht Laochra Na Cásca (Eibhlín Halpin) - Buaiteoir Chomórtas Dréimire 2016


Tá breis is céad bliain caite ó d’fhógair Pádraig Mac Piarais, duine de mhórlaochra Éirí Amach na Cásca 1916 agus ball den IRB, na focail chumhachtacha seo in óráid chuimhneacháin ag sochraid Jeremiah Ó Donabháin Rossa ag reilig Ghlas Naoían i mBaile Átha Cliath. Níl dabht ar bith ann ach gur spreag na focail seo laochra Éirí Amach na Cásca: Séamus Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donagh, Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Séamus Ó Chonghaile agus Íosaif Pluincéad. D’fhás na laochra seo aníos i gceann de na tréimhsí ba chorraithí agus ba fhoréigní i stair na hÉireann agus tugann na focail dá chuid léargas dúinn ar a chuid smaointe pearsanta polaitiúla a bhí múnlaithe ag eachtraí éagsúla le linn a shaoil. Gan saoirse polaitiúil, gutha agus teangan chreid an Piarsach nach mbeadh síochán cheart i ndán d’Éire riamh. Bhí na gnéithe sin mar dhlúthchuid d’fhís náisiúnach an Phiarsaigh i gcónaí - fís a theastaigh uaidh a bhaint amach ó thús a shaoil. Bliain i ndiaidh na hóráide cháiliúla sin, rinne an Piarsach agus baill den eagraíocht rúnda Poblachtánach, an IRB, beart de réir a mbriathar. Ar Luan Cásca 1916 socraíodh aghaidh a thabhairt ar lár chathair Bhaile Átha Cliath chun cumhacht Impireacht na Breataine a threascairt ón tír agus poblacht nua a fhógairt. Bhí céim chun tosaigh tógtha do ghlúinte ina ndiaidh sin agus maoin luachmhar fágtha do ghlúinte eile i ndiaidh a mbás; ina measc an dúil, an féinspreagadh agus an misneach chun troid i gcomhair saoirse iomlán na hÉireann.


Ar an gcéad dul síos, sna blianta roimh Éirí Amach 1916, bhí éiginnteacht go forleathan maidir le todhchaí polaitíochta na hÉireann. Dornán bliain roimhe sin, dhiúltaigh Rialtas na Breataine rialtas dúchais a lonnú i mBaile Átha Cliath - rialtas a chuirfeadh féinrialú go pointe áirithe i bhfeidhm sa tír. Bhí muintir na hÉireann idir dhá thine Bealtaine nuair a cuireadh an Rialtas Dúchais ar athló go dtí tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - cogadh a mhair idir 1914 1918. Ní raibh aon stádas neamhspleách ag Éire dá bharr agus bhí an tír fós faoi riail daingean docht Westminter Shasana.  Chreid grúpa ar leith go raibh sé bhfad thar am aghaidh a thabhairt ar an éagóir nimhneach seo - an IRB agus Arm Cathartha na hÉireann. Grúpa míleata ab ea é Arm Cathartha na hÉireann a rinne ionadaíocht ar lucht oibre na hÉireann. Rinneadh atheagrú orthu ag an am sin. B’airm é a chosain oibritheoirí Bhaile Átha Chliath le linn Frithdhúnadh 1914. Mhol Seán O Casey, ball den airm, gur chóir córas sothuigthe a chur i bhfeidhm chun ord agus eagar a chur ar an eagraíocht. Scríobh sé bunreacht an airm a mhaígh gur chóir do gach fear a bheith cothrom san eagraíocht. Grúpa míleata Poblachtánach ab ea Óglaigh na hÉireann a raibh fís dá gcuid féin acu - Éire iomlán aontaithe. D’armáil siad iad féin le raidhfilí Mauser ón nGearmán a tugadh isteach faoi choim i mBinn Éadair i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1914. Thug an tArm Cathartha ballraíocht cothrom d’fhir agus mná, nóisean réabhlóideach, spreagúil nuair a chuimhnítear faoi ról na mban ag tús na fichiú aoise. In ainneoin go raibh bunspriocanna ar leith ag an dá fhórsa, bheartaigh ceannairí an dá eagraíocht Éirí Amach a chomhordú níos déanaí i dteannta a chéile. Cinneadh suntasach gan dabht. Cinneadh a léirigh an fonn a bhí beo i measc an dá ghrúpa chun athrú suntasach polaitiúil bhaint amach.


Fad is a bhí an Chéad Chogadh Domhanda faoi lá seol i lár na hEorpa, d’éirigh lucht Óglaigh na hÉireann mífhoighneach faoin easpa dul chun cinn a bhí bainte amach ó thaobh an Rialtais Dúchais de. Bhí fonn orthu “cearta agus saoirse muintir na hÉireann a dhainghniú” - gnéithe a luí go mór le mianta an Phiarsaigh. Ag an am céanna, sheas an ceannaire, Séamus Ó Conghaile, i bhfad i gcéin ó cheannairí eile Óglaigh na hÉireann. Rinne sé iarracht baill Airm Chathartha na hÉireann a spreagadh i dtreo an tsóisialachais trína chuid scéalta a roinnt go hoscailte - scéalta a raibh a chuid tuairimí polaitiúla le feiceáil go smior iontu. Ag cruinniú de chuid Chomhairle Míleata an IRB, d’áitigh Séamus Ó Cléirigh agus Padraig Mac Piarais, ar Ó’Conghaile gan aon sórt pleanála nó bagairt a chur chun cinn. Mhol siad gur chóir comhoibriú ar mhaithe le cúrsaí polaitíochta na hÉireann a athrú chun maitheasa. Is ag an gcruinniú sin a bheartaigh an IRB agus Arm Cathartha na hÉireann troid i dteannta a chéile um Chásca an bhliain úd sin. Tá seanfhocal Gaeilge ann a deir ‘ní neart go cur le chéile’. Ba é sin go díreach a chreid na hionadaithe ón dá ghrúpa sin a bhí i láthair ag an gcruinniú stairiúil sin. Bhíothas araon ar tí oidhreacht stairiúil a fhágáil ina ndiaidh.


Díreach cosúil le Ó’Conghaile, gnáthfhear ab é Pádraig Mac Phiarais. Gníomhaí sóisialach ab ea Ó’Conghaile. Múinteoir ab ea an Piarsach. Mhúin sé Gaeilge do scoláirí ag tús a shaoil shuntasaigh. Ní haon ionadh go raibh Mac Piarais mar bhall lárnach de Chonradh na Gaeilge ó 1896 ar aghaidh. Ghlac sé ballraíocht sa Chonradh ag aois sé bliana déag agus chuir sé go mór le gluaiseacht na teangan lena linn. Rinne sé tréaniarracht an Ghaeilge a chur chun cinn nuair a ghlac sé le post mar eagarthóir leis an nuachtain cultúrtha Gaeilge ‘An Claidheamh Soluis’. Is fiú a lua go bhfuil scéalta agus scríbhneoireacht an Phiarsaigh fós mar ábhair suimiúil staidéir i scoileanna agus ollscoileanna ar fud na hÉireann. Gné suntasach eile dá n-oidhreacht gan dabht. Sa bhliain 1913, tugadh cuireadh do Mhac Piarais freastal ar chruinnuithe Óglaigh na hÉireann. An bhliain chéanna, ionduchtaíodh é san IRB, eagraíocht rúnda míleata Poblachtánach a bhí ag iarraidh an lámh in uachtair a fháil ar Rialtas na Breataine agus toilteanach foiréigean a úsáid chun é sin a bhaint amach. Déanta na fírinne, ba é seo an cloch cora i saol Phadraig Mac Piarais. Roghnaigh Séamus Ó Cléirigh Mac Piarais mar urlabhraí don Eirí Amach a bhí le teacht a bhuíochas do bhua na horáide a bhí aige. Mar thoradh ar a chuid scríbhneoireachta pholaitiúla agus náisiúnaí, ghlac baill an IRB leis mar ionadaí an Éirí Amach i 1916. Thainig athrú mór ar mheon an phobail tar éis óráidí spreagúla Mhic Phiarais. Ba é siúd an té a léigh amach Forógra na hÉireann os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath - doiciméad a d’fhógair phoblacht na hÉireann. Ba é seo an gníomh a chuir tús le hÉirí Amach na Cásca. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil oidhreacht fadtéarmach ag baint leis na focail a bhéic sé in ard a chinn is a ghutha ar choischéimeanna Ard-Oifig an Phoist ar an lá sin.


Is minic a cheistítear cad go díreach atá i gceist leis an bhForógra agus cén tábhacht a bhain leis? Ba dhoiciméad é Forógra na Saoirse a d’fhógair poblacht in Éirinn. Doiciméad a mhaígh go raibh ‘ceart úinéireachta ag pobal na tíre ar Éire’. Tar éis sé lá d’ár agus d’fulaingt, buamáil ó bhád cabhlaigh na Breataine An Helga mar aon le scrios fuilteach forleathan, d’ordaigh An Piarsach d’fhórsaí na n-Óglach chun géilleadh. Ardaíodh an brat bán agus cuireadh ceannairí an Éirí Amach faoi ghlas i gcillíní Phríosúin Chill Mhaighneáin - ina measc Séamus Ó Cléirigh, Sean MacDiarmada, Thomas MacDonagh, Eamonn Ceannt, Seosamh Pluincéad, Séamus Ó Conghaile agus Pádraig MacPiarais. Ar an tríú lá de mhí Bealtaine, 1916, cuireadh na laochra uile chun báis os comhair scuad lámhaigh. Ó scaoileadh an chéad urchair ar an lá cinniúnach sin, bhí stádas iomráiteach, meas agus oidhreacht ar leith bainte amach ag an seachtar sínitheoirí seo.


Beagnach leathchéad bliain i ndiaidh marú na gceannairí, tá meas mór millteach ag daoine ó gach aicme, gach cúlra agus gach creideamh ar éacht agus ghaisce laochra an Éirí Amach. Nuair a bhí na Trioblóidí faoi lán seol i dTuaisceart na hÉireann sna 1960í ar aghaidh, fuair an IRA Sealadach spreagadh ó oidhreacht Mhic Phiarais agus ceannairí uile an Éirí Amach. Cháin roinnt staraithe iad freisin, áfach. Maíodh go minic gur fhir “fanaiceacha, neamhsheasmhacha ó thaobh na síceolaíochta de” ab ea iad. Scéal rómánsúil é scéal lucht an Éirí Amach agus scéal an Phiarsaigh go háirithe. Is eol do chách gur cuireadh an seachtar laochra úd chun báis, ach nach breá an oidhreacht a bhaineann lena scéal agus lena bhfís. Eachtra dorcha drámatúil ab ea an Éirí Amach i stair na hÉireann, cinnte, ach is eachtra é atá tar éis iontas na n-iontas a chuir ar óg agus aosta na tíre.


Fiú i ndiaidh a mbás is minic a tharaingníonn oidhreacht laochra na Cásca go leor conspóide. Ní féidir a shéanadh ach gur lean conspóidí Mac Piarais, go háirithe, cé go bhfuil sé imithe i bhfad ar shlí na fírinne. Sa bhliain 1918, d’fhoilsigh a dheirfiúir is óige, Mary-Bridget, dialann phearsanta a dheartháir a fuair bás dhá bhliain roimhe sin. Cuireadh racht feirge ar a dheirfiúr eile, Margaret. Mhaígh sí gur fágadh an dialann di tar éis bhás a dheartháir. Níor réitigh na deirfiúireacha an díospóireacht roimh bhás Mhargaret trí bliana dhéag ina dhiaidh sin. In ainneoin na troda seo, thaispeáin tábhacht agus ábhar na dialainne seo do mhuintir na hÉireann go raibh fíorcheannaire roghnaithe acu. Céad bliain ar aghaidh, is léir go bhfuil spéis agus suim an phobail fós á mhúscailt i laochra uile Éirí Amach na Cásca, Pádraig MacPiarais ina measc.


In ainneoin éachtaí na laochra, caithfear a admháil go raibh roinnt drochthionchar ag baint le gníomhaíochtaí lucht an Éirí Amach ar an iomlán, go háirithe do mhuintir na hÉireann. Ceistíodh íobairt fola laochra an Éiri Amach go rialta. Ar ghéill an seachtar sínitheoirí an iomarca chun a n-aisling a bhaint amach? Phléigh W.B. Yeats an cheist achrannach seo ina dhán ‘Easter 1916’: “Was it needless death afterall? For England may keep faith for all that is done and said”. Níor scaoil Impireacht na Breataine a ghreim ar Rialtas na hÉireann go dtí i ndiaidh Cogadh na Saoirse nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach. Mhúscail oidhreacht na gceannairí ó Éirí Amach na Cásca 1916 na gaiscígh a bhí i gcoinne an Conradh Angla-Éireannach. Is léir gur spreag Éirí Amach 1916 ceannairí cosúil le Micheál Ó Choileáin, Liam Ó Loingsigh agus Éamonn de Valera chun leanúint leis an sreachailt ar son saoirse na hÉireann. É sin ráite, n’fheadar an dea-thionchar é seo. Threascair forsaí na Breataine na réabhlóidithe go héasca agus cuireadh formhór de na ceannairí chun báis. Ba chaillteannas saoil tromchúiseach agus tragóideach é seo agus cailleadh mórcheannairí tábhachtacha na linne sin. Thar aon ní eile, is dóigh gurb é an slad agus an sléacht a rinneadh ar dhaoine neamhchiontacha an ghné is diúltaí den scéal rómánsúil tragóideach a d’fhág laochra Éirí Amach na Cásca ina ndiaidh.

Mar fhocal scoir, níl dabht ar bith i m’aigne ach gur thug gníomhaíochtaí lucht an Éirí Amach spreagadh do mhuintir na hÉireann níos déanaí chun tús áite a thabhairt dá bhféiniúlacht agus dá gcultúr. Athrú mór chun na maitheasa ab ea é gan dabht ach faraor ghéar, mar is eol do chách, bíonn dhá insint ar gach scéal. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag baint leis an Eirí Amach ar shaol an mboicht, go háirithe i mBaileÁtha Cliath. Tá an t-ábhar seo pléite agus athphléite ag scríbhneoirí ón am sin i leith. Léiríonn Seán O Casey ina dhráma ‘The Plough and the Stars’ an droch-thionchar a bhí ag an gcogadh tubaisteach seo ar shaol an lucht oibre. Nochtaíonn sé an damáiste a rinne an Éirí Amach sna línte cailiúla ‘Go bhfóire Dia orainn, nach mór an feall é!’. In ainneoin na tragóide seo, caithfear a admháil go raibh an cogadh seo riachtanach chun an chéad chéim a thógáil chun Éire a shaorú ó riail cruálach na Breataine.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)