Posts

Showing posts from October, 2017

An Gnáthrud - Freagra Samplach (Avril Condon) Bliain 5

Image
Tugtar léargas ar shaol na ngnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí agus réaltacht an tsaoil ag an am sin sa ghearrscéal, “An Gnáthrud” le Deirdre Ní Ghrianna. É sin a phlé.  Déantar cur síos cruinn ar shaol na gnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí sa scéal “An Gnáthrud”. Feicimid gur gnáth daoine iad, an príomhcharactar Jimmy, a bhean chéile Sarah, an freastalaí Liz sa Bhialann Síneach, agus cara Jimmy, Billy. Feicimid fuarchúiseacht, bagairt agus foréigean na dTrioblóidí go soiléir le linn an scéil seo, ach go háirithe ag deireadh an scéil nuair a dúnmharaíodh Jimmy go fuilteach agus é ag siúl abhaile.  Ar an gcéad dul síos, is léir gur gnáthfhear ciallmhar, síochánta é Jimmy a bhfuil gnáthnósanna agus gnáth-theaghlach aige. Feicimid ag tús an scéil nach raibh aon baint ag Jimmy leis an mbriúdiúlacht, an foréigean ná an sceimhle i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Ba ghnáthrud é do Jimmy dul go dtí teach tabhairne “Tobair Bhacais” gach Aoine chun