Filíocht: An tEarrach Thiar (Hope Ross)

(i) Cad é an príomhthéama sa dán An tEarrach Thiar, dar leat? Déan plé ar na híomhánna a úsáideann an file sa dán chun an príomhthéama sin a léiriú. 

Is é príomhthéama an dáin An tEarrach Thiar ná grá áite. Chuaigh an téama seo go mór i bhfeidhm orm. Tá sé ríshoiléir don léitheoir go bhfuil grá láidir ag Máirtín Ó Díreáin don oileán, Inis Mór tríd an gcur síos álainn a dhéanann sé ar an oileán, agus an ard-mheas a léiríonn sé don phobal. 
      Sa chéad véarsa, nochtaíonn an file íomhá d’fhear ag glanadh cré den spáid tar éis lá dian oibre. Is aoibhinn leis an bhfile an radharc seo agus an slí go bhfuil muintir an oileáin féinleorga. 
                                                    “Sa gciúnas shéimh 
                                                       I mbrothall an lae”
Déanann sé cur síos gleoite ar an bhfear agus é i mbun oibre. Is léir go bhfuil pobal an oileáin i dtiúin leis an nádúr agus tá meas ag an file don obair a dhéanann siad gach uile lá amuigh faoin aer.
      I véarsa a dó, péinteálann an file íomhá galánta den dhuirling bán, a taispeánann an grá atá aige da áit dúchais agus an síocháin atá san atmaisféar.
                                             “Is an fheamainn dhearg 
                                                            Ag lonrú
                                                 I dtaitneamh gréine”
Ní cháineann sé an t-oileáin riamh. Is breá leis áilleacht an nádúr agus na sean-nósanna atá ag an oileán. Sa véarsa seo, faighimid leargas ar aoibhneas na duirlinge agus an lá brothallach atá ann, a chuireann grá an fhile in iúl dúinn.
      Sa tríú véarsa, feictear íomhá do na mná ag bailiú sliogán agus iad in aice na taoide.
                                                  “Támh-radharc síothach”
Úsáideann an file friotal mhealltach chun cur síos a dhéanamh ar an radharc. Léiríonn an file íomhá foirfe den trá, nuair atá an ghrian ag spalpadh. Is léir dom go mbraitheann an file a bhaile dúchais uaidh de bharr go molann sé an t-oileán go hard. Tá ról ag gach uile duine ar an oileán sa nádúr agus tá sé soiléir go bhfuil meas ag an file ar an tábhacht a bhaineann leis na postanna seo.
      Sa véarsa deireanach, déantar cur síos álainn ar an bhfarraige agus mealltar an cluas le fuaim bhinn shuaimhneach na maidí ráimhe.
                                                         “Ar ór-mhuir mhall”
Is diamhrach an cur síos é seo. Feicimid na curracha ag teacht isteach chun tíre agus an ghrian ag dul faoi tráthnóna. I mo thuairim, is é seo an sampla is láidre den grá áite atá ag an file d’Inis Mhóir. Aimsíonn sé an áilleacht sna rudaí simplí ar an oileán.
      Ar deireadh, ceapaim gurb é grá áite an téama is láidre sa dán seo de bharr go mollann an file an oileán go minic tríd an dán. Scríobhann sé go ceanúil faoin saol a bhí ann fadó. Níl focal ar bith le rá aige faoi dhiúltachtaí Inis Mhóir.

(ii) Cad é an mothúcháin is láidre a léiríonn an file sa dán seo? 

I mo thuairim mheáite, is é cumha an mothúchán is láidre atá le feiceáil sa dán An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Díreáin. Tá sé soiléir go mothaíonn sé a bhaile dúchais uaidh.
                                                     “Niamhrach an radharc”
Is dócha gur spreag an difríocht idir an saol a bhí aige sa bhaile agus an saol a bhí aige i mBaile Átha Cliath é chun an dán a scríobh. Ceapaim go mbraitheann an file aiféala gur bhog sé ón oileán simplí, gleoite go dtí an cathair salach agus glórach. Is léir gur fear sean-fhaiseanta é mar tá meas aige ar na sean-nósanna atá ag pobal an oileáin, ar nós na hiascaireachta. Tá an file ag iarraidh bheith i measc a dhaoine féin arís, agus imeacht ó saol gnóthach na cathrach.

(iii) Úsáideann an file go leor aidiachtaí sa dán. Roghnaigh dhá cheann de na haidiachtaí sin agus déan plé gairid ar an tábhacht a bhaineann leo sa dán, dar leat.

Baineann tábhacht leis na haidiachtaí a úsáideann an file sa dán seo. Úsáideann sé na haidiachtaí seo chun a mhothúcháin a léiriú agus chun léargas doimhin a dhéanamh ar na híomhánna atá le feiceáil ar an oileáin.
      Úsáideann an file an aidiacht, “binn,” chun cur síos a dhéanamh ar an bhfuaim a dhéanann an fear agus é ag glanadh an cré den spáid. Taispeánann seo dúinn go n-aimsíonn an file suaimhneas ón nádúr agus go bhfuil meas gan cheilt aige don obair láimhe a bhíonn ar siúl ag pobal an oileáin.

      Baineann an file úsáid as an aidiacht, “niamhrach,” chun an íomhá den dhuirling bán a léiriú dúinn. Nochtaíonn an aidiacht seo atmaisféar síochánta, suaimhneach agus beagáinín diamhrach toisc go bhfuil an suíomh chomh ciúin agus socair. Faighimid tuiscint níos fearr ar shéimhe an oileáin agus cé chomh ceanúil is atá Ó Díreáin ar a áit dúchais de bharr úsáid na n-aidiachtaí seo.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)