Aiste: Scéalta Móra an Lae Inniu (Aoife Harrington)


Ní túisce a chonaic mé teideal na haiste seo ná a rug mé ar mo pheann chun mo chuid tuairimí a bhreacadh síos. Tá roinnt tuairimí le nochtadh agam ar an ábhar seo, scéalta móra an lae inniú. Ábhar is ea cúrsaí reatha a bhfuil an-suim agam ann, ach ná déan dearmad go mbíonn dhá thaobh ar gach scéal. Thar gach ní eile, is dóigh liom gurb iad gearchéim an chórais sláinte, an sceimhlitheoireacht agus an Bhreatimeacht na teideal is mó atá á bplé i mbéal an phobail i láthair na huaire.

Is rud scanallach é an méid daoine a íocann cáin don chóras slainte úafásach atá againn. Tá an córas ina praiseach ar fud na mias! Sin í an fhadhb mar a fheictear domsa é, agus is fadhb phráinneach í gan amhras. Níl a dhóthain seirbhísí ó thaobh lucht saothair, trealamh, nú fiú spás ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó an FSS. Is náireach an rud é nach bhfuil faic á dhéanamh ag an Rialtais fad is atá an fhadhb mhillteanach, nimhneach seo ag leanúint ar aghaidh gan stop, gan teorainn. Tá na drochscéalta cloiste ag an formhór den phobal- seandaoine ag feitheamh le tamaill fada chun cúram leighis a fháil, liostaí feithimh a leanann ar aghaidh ar feadh blianta anuas, dochtúirí óga ag dul ar eisimirce toisc go bhfuil siad braon den tslí a chaitheann an córas leo. Go bhfios dom, níl deascéal ag aon saoránach Éireannach faoin gcóras sláinte atá againn! Tá údar imní ann. Tá réiteach á lorg ag an bpobal le haghaidh na mblianta anois. Mo léan, níl amhras ach go bhfuil cuid mór do pholaiteoirí cama sa tír seo faoi láthair, agus is cuma sa tsioc leo fhadhbanna móra na tíre seo. Níl tionchair ar bith ag na fadhbanna orthú! Dar leo, tá dualgais ar an bpobal an fód a sheasamh go dtí go bhfuil réiteach oiriúnach dóibh acu. An t-aon chloch ar a bpaidrín ná iad féin a sásamh thar gach ní eile. Níl réiteach simplí ar an bhfadhb. Ach, is é mo bharúilse ná go ba cheart don rialtais airgead a infeistiú a dhéanamh i scéim a cheartóidh an praiseach seo. Mar a fheictear domsa, ní haon donas é go n-íocfaidh na bpolaiteóirí as a bpócaí féin é! Is fearr go mall ná go brách a deireann an seanfhocal, agus tá súil agam go mbeidh réiteach den scoth againn i ndeireadh na dála. 

Má fhéachaimid siar ar phar na staire, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil fadhb na sceimhlitheoireachta i bhfad níos forleithne anois ná mar a bhí riamh. Mar is eol do chách, bhí muintir na hÉireann sceimhlithe ina mbeatha san am ina raibh an IRA ag déanamh ionsaithe gan choinne measc an phobal. Fadhb chóngarach don bhaile ab ae é. Níl an slad idirnáisiúnta seo atá á dhéanamh ag grupaí antoiseacha Moslamacha ceart, cóir, ná cothrom. Dar le taighde déanta ag an Innéacs Idirnáisiúnta Sceimlitheoirachta, bhí méadú 650% ar ionsaithe sceimlitheoireachta sna tíortha a bhfuil an eacnamaíocht is mó acu. Nach figiúir scanrúil é sin, mo léan. Níl bun ná bárr leis an bpian agus an leis an bhfulaingt a chruthaíonn na hionsaithe gan choinne - atá níos brúidiúla, níos nimhní, agus ag tarlú níos minicí ná riamh. Tá an cheist seo phléite agus athphléite, ach ní lia duine ná tuairim. Is cosúil go bhfuil ag teip orainn, go dtí seo, teacht ar aon réiteach sásúil ar an bhfadhb seo. An chúis gur réiteach achrannach é dul ar fheachtais buamála in aghaidh na ngrúpaí antoiseacha seo ná - nach féidir jíohádach a phiocadh amach go héasca. Neantóg i measc na nóiníní is ea iad! Deirtear gur fadhb soréitithe í. Toisc nach féidir linn teacht ar réiteach, musclaíonn an bhagairt úafás agus sceimhle i measc an phobail. Níl cogadh domhanda eile ag teacht, ach cogadh eile religiúnach le daoine neamhchiontacha gortaithe ar an dá taobh. Is minic a bhíonn na meáin cumarsáide  ag úsáid na heachtraí creathnacha seo chun scéalta a chuirfeadh alltacht ar an phobal a scríobh. Bíonn na meáin cumarsáide ag iarraidh ár n-intinn a mhunlú go minic, le tuairimí claonta maidir leis ‘an namhaid’  - na híoslamacha. Caithfear a rá gur mallacht úafásach ar an tsochaí é an sceimhlitheoireacht, ach i gcomhthéacs an lae inniú is scéal go mór i mbéal an phobal é.

Scéal mór eile ar na meáin le déanaí ná an Bhreatimeacht. Gan aon amhras, is mór an tionchar a bheidh ag Breatimeacht orainn in Éirinn - an t-oiléan is congaraí don Bhreataine. Chuaigh an fíric go raibh luach 13.7 billiún euro ar na earraí a heaspórtáil Éire go dtí an Breataine i 2015 go mór i bhfeidhm orm. Bhí ionadh ar an domhain ar fad nuair a vótáil pobal na Breataine amach as an Aontas Eorpach - bhí se dochreidte. Toisc nár tharla aon rud cosúil leis cheana féin, tá an cheist ann “céard atá chun tarlú anois?” faoi chaibidil go minic ag polaiteoirí, iriseoirí, saineolaithe, sna meáin agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní gá ach an teilifís a lasadh, nuachtán a oscailt, nó dul ar an idirlíon agus níl dabht ar bith i maigne go mbeidh ar a laghad alt amháin faoin mBreatimeacht ar feadh na míosa ina dhiadh. Vótáil tromlach Thuaisceart na hÉireann ar son fanacht san Aontas Eorpach, agus beidh impleachtaí móra ar an gceantar anois mar thoradh. Eascraíonn fadbh amháin ó fadbh eile leis. An mbeidh athdhéanamh ar an teorainn atá ag an Ríocht Aontaithe? An mbeidh Tuaisceart na hÉireann ag iarraidh fanacht leis an Ríocht Aontaithe? Tig liom gáire a dhéanamh anois ag faire siar ar na himpleachtaí a bhí ag bhreith na daoine ar na bpolaiteoirí bochta ag iarriadh an t-éileamh a shásamh! Níl aon dul as! Ar dtús, bhí stailceanna ar shráideanna na gcathracha ag na daoine a bhí ag súil le fanacht san Aontas Eorpach. Ach, ní haon mhaith a bheith ag seanchas nuair a bhíonn an t-anachain déanta. Socrú cinniúnach ab ae é, agus caithfidh tú beart a dhéanamh de réir do bhriathar . Tá an-trua agam do shaoránaigh Tuaisceart na hÉireann agus na hAlban, ach táim ag súil go seasfaidh a rialtais suas dóibh ionas go dtitfidh an toradh is fearr amach dóibh.


Mar fhocal scoir, ba cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun na ceisteanna sochaíocha seo a phlé. Mar a deireann an seanfhocail, ‘de réir a chéile a thógtar na caisléain’. Tógfaidh sé am teacht ar réiteach ar roinnt de na ceisteanna seo. Baineann cúrsaí reatha le saorántacht gníomhach i mo bharúilse. Tá ról ag gach duine a bheith páirteach sna cumarsáidí futhu. Tá guth ag gach duine le húsáid. Anuas ar sin, tá ról lárnach ag an rialtais a chinntiú nach dtéann cúrsaí in olcas agus chun saol na ngnáthdaoine a fheabhsú i ngach slí gur féidir leo.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)