Aiste: Fadhb an Óil (David Kennedy)

Ceist achrannach is ea fadhb an óil atá ag déanamh scime dúinn le fada sa tír bheag seo. Tá an cheist seo pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe, ach níl an fhadhb á réiteach againn ar ráta sásúil. Cad go díreach atá i gceist le fadhb an óil áfach? I dtosach báire, déanfaimid sainmhíniú ar an gceist. Séard is brí le fadhb ná ábhar a bhfuil contúirt agus drochéifeacht ag baint leis. Níl dabht ar bith ann acu gurb í fadhb an ólacháin an fhadhb is treise a chuireann isteach ar dhaoine agus ar an sochaí sa lá atá inniu ann.

Ar an gcéad dul síos, is cuid lárnach de chultúr na hÉireann é an t-alcól. Bhí béim curtha ar an substaint seo ó tháinig na céad lonnaitheoirí chuig an tír bheag bhídeach seo. I ngach baile, sráidbhaile agus cathair sa tír, tá réimse leathan de thithe tábhairne le feiscint. Is cuid lárnach den phobal é an teach tabhairne. Is gnáthrud é an t-alcól anseo, agus is gné ollmhór den saol sóisialta é. I mo thuairim féin, is í an stair seo atá againn anseo atá mar chúis leis an bhfadhb seo atá á fhiosrú againn. Toisc go bhfuil sé mar chuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht, ní fheicimid í mar fhadhb, fadhb atá ag crá agus ag creimeadh na tíre seo.

Tá a fhios ag an saol agus a mháthair go bhfuil réimse mór cúiseanna ag baint le fadhb an óil i láthair na huaire. Mar is eol dúinn ar fad, is é an t-alcól faoin aois dhleathach ceann dena fadhbanna is measa a bhaineann leis an topaic seo. É sin ráite, an féidir linn an milleán seo a chur ar pháistí agus déagóirí iad féin? Cinnte dearfa, ní féidir. Tá páistí chomh óg le naoi mbliana d’aois tar éis blas a fháil ar dheochanna meisciúla, ach creidim féin nach bhfuil an locht le cur ar na páistí neamhurchóideacha seo. Is cosúil go bhfuil tuismitheoirí agus caomhnóirí beag beann ar an scéal. Ní thuigeann siad an dochar atá á dhéanamh ag na deochanna mallaithe seo ar a bpáistí agus caithimid aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo chun páistí a tarrtháil ó fhadhbanna sláintiúla agus sóisialta - fadhbanna a fhorbróidh níos forleithne mar thionchar ar mhí-úsáid an alcóil.

Ní hé an t-ólachán faoin aois dhleathach an t-aon chúis le fadhb an óil, áfach. Sílim féin gurb í inrochtanacht an óil, chomh maith leis an bhfógraíocht a dhéantar ar bhrandaí na ndeochanna meisciúla seo, na cúiseanna is treise a chuireann leis an bhfadhb seo. I láthair na huaire, tá sé chomh éasca buidéal uisce a cheannach le cannaí beorach. Is minic a fheictear daoine os cionn na haoise dleathaí ag ceannach alcóil do chomhghleacaithe i bhfad ní ba óige. Ní féidir a shéanadh go bhforbraíonn an inrochtanacht seo fadhb an óil sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis seo, feictear ar fud na háite an fhógraíocht a chuireann na deochanna seo chun cinn. Meallann na fógraí seo déagóirí óga, gan dabht. Cuirim an locht ar na comhlachtaí alcóil neamhscrupallacha. Ní gá ach féachaint ar chaiteachas airgeadais an Ghrúpa Guinness in aghaidh na bliana. Caitheann an comhlacht thart ar £8.7 milliún gach bliain ar mhargaíocht deochanna. Níl sé seo inghlactha in aon chor! Tá na fógraí seo ag cruthú íomhá ídéalach den alcól don tomhaltóir neamhchríonna agus níl siad ar an eolas faoi na drochéifeachtaí a ghabhann leis.


Is coitianta an rud é go n-úsáideann muintir na háite an t-alcól mar éalú ón strus agus ó fhadhbanna pearsanta sa lá atá inniu ann. Tuigim gur rud spraoúil é an t-alcól nuair a chaitear leis go freagrach, ach is iomaí fadhb soiléir a ghabhann leis nuair a slogtar é go minic chun éalú ón saol ar feadh tamaillín. Is cosúil gur leigheas intinne é do dhaoine áirithe. Tá ár sochaí agus ár gcomhphobal tar éis meon a chruthú, meon a deireann gur rud é an t-alcól a chabhróidh leat do scíth a ligean. Creidtear, chomh maith, nach féidir taitneamh a bhaint as ócáidí gan cúpla braon alcóil a ól, ach chun an fhírinne a insint, is minic a mhilleann an t-alcól na céiliúrtha seo. Is cinnte nach ndéanann an meon seo ciall in intinn duine sláintiúil. Measaim féin go bhfuil sé ag cur go mór le fadhb an óil, toisc go bhfuil daoine á úsáid chun éalú ón saol atá mórthimpeall orthu ar feadh scaithimh. Ní féidir le héinne a dhúiltiú gur nós é seo a chruthaíonn an gnáthandúileach.

Ní hiad an cúlra agus na fáthanna an t-aon dhá ghné a bhaineann leis an bhfadhb seo. Bíonn éifeachtaí móra a eascraíonn ó mhí-úsáid an druga marfach seo gan dabht. Drochéifeacht ollmhór a chúisíonn an t-alcól ná an dochar a dhéanann sé do chorp agus do shláinte an duine. Dar le lucht leighis agus siceolaíochta bíonn baint ag an deoch nimhniúil le breis is trí bhás in aghaidh na bliana sa tír bheag seo. Anuas ar an bhfíric sin, is cúis le thart ar chúig chéad cás ailse le linn na bliana é. Ní féidir an fhírinne a shéanadh. Tá dúnmharú á dhéanamh ag an deoch mhallaithe seo orainn. Caithimid oideachas a chur ar fáil do dhaoine, ionas nach gcaillfimid níos mó dár ngaolta mar thoradh ar na babhtaí tromólacháin seo.

De réir na staitisticí is déanaí atá eisithe ag eagraíochtaí ar nós an Príomh-Oifig Staidrimh, bíonn éifeachtaí ollmhóra ag an alcól ar bhuiséid agus ar chuntais bainc an tomhaltóra agus an Rialtais. Is caiteachas airgeadais ollmhór é an t-alcól don tír seo gach uile bliain. Ina iomlán, chaith teaghlaigh in Éirinn thart ar €6.54 billiún ar an deoch an bhliain seo caite. Is staitistic fhaitíosach, inglachta agus náireach í an fhigiúr seo. Tá an iomad á chaitheamh ag muintir na tíre sna siopaí eischeadúnais, sna tithe tábhairne agus sna ghnáthollmhargaí. Tá daoine ag sreachailt le fadhbanna airgeadais agus is seafóid dochreidte é sin. Chomh maith leis an ngnáthdhuine, tá na billiúin á gcaitheamh ag Rialtas na hÉireann ar an bhfadhb seo freisin. In 2016, bhí beagnach 1,500 leaba sna hospidéil timpeall na tíre in úsáid ag daoine a raibh fadhbanna acu mar thionchar ar an alcól. Caithimid feachtais a bhunú ionas gur féidir linn an t-airgead seo a chur i dtaisce agus é a úsáid i mbealach freagrach agus stuama!

Ná bíodh an iomad eagla agus éadóchas oraibh, áfach. Creidim go bhfuil réitigh simplí ann chun dul i ngleic le fadhb an óil agus an cheist mar atá sé a fheabhsú. I mo thuairim féin, tá saol an madra bháin ag polaiteoirí agus Rialtas na hÉireann, agus ní bhíonn an fhadhb seo á bplé acu a dhóthain. Tá an iomarca béime curtha ar chaiteachas airgid ag iarraidh fadhb an alcóil a shocrú, seachas aird a thabhairt ar na réitigh féidearthachta atá ann chun an fhadhb seo a sheachaint. In ionad an t-airgead ar fad a thabhairt do chatharnachtaí agus d’eagraíochtaí a chabhraíonn le haindiúlaigh amháin, ba chóir don Rialtas céatadán den bhuiséad seo a infheistiú i bhfeachtais agus in eagraíochtaí atá ag moilliú fadhb an óil. Caithimid feidhmniú i dteannta a chéile mar phobal chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an óil. Mar a deir an seanfhocal, ‘ní neart go cur le chéile’.

I mo thuairim féin, céim chiallmhar i dtreo réiteach na faidhbe seo ná píonós níos géire a chur i bhfeidhm orthu siúd a bhriseann an dlí i dtaobh an óil. Mar atá luaite agam cheana, is minic a fheictear déagóirí faoin aois dhleathach ag slogadh na ndeochanna nimhniúla seo. Is annamh a chuirtear aon phíonós orthu, áfach. Caithfidh na Gardaí agus seirbhísí cosanta na tíre aghaidh a thabhairt ar fhadhb an óil. Caithfear deileáil leis an lámh láidir le daoine atá ag ól go mídhleathach. Anuas air seo, chun réiteach a fháil ar an bhfadhb casta seo, caithimid praghas an alcóil a dhéanamh níos neamhtharraingtí don tomhaltóir. Bíonn lascainí tarraingteacha alcóil á gcur os a gcomhair an t-am ar fad. Spreagann siad daoine chun méid mhór alcóil a cheannach ag aon am amháin. Cúisíonn sé seo na babhtaí tromólacháin agus pótaireachta a fheictear go forleathan. Measaim go gcaithimid cosc a chur ar na praghasanna laghdaithe seo agus dleachtanna níos airde a chur chun cinn chun é a dhéanamh níos costasaí do thomhaltóirí an t-alcól a cheannach. Laghdódh an fhabhb mar thoradh, táim cinnte de!


Mar fhocal scoir, ní féidir a shéanadh ach gur fhadhb chasta, ach tábhachtach í fadhb an óil. Is cinnte gur dúshlán ollmhór í fadhb an óil atá le sárú ag muintir na tíre seo. É sin ráite, is cinnte go bhfuilimid ar fad lán-ábalta teacht le chéile chun drochéifeachtaí na faidhbe seo a réiteach. Bíodh dóchas againn. Faoi mar a deir an seanfhocal ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin.’ Nach bhfuil sé in am dúinn dul an bóthar céanna leis an ól is a chuamar le caitheamh tobac? Táim cinnte go bhfuil!

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)