Posts

Showing posts from November, 2017

Cáca Milis: Anáilís ar na Carachtair

Image
Anáilís ar an mbeirt phríomhcharachtar: Cén sort duine í Catherine sa ghearrscannán Cáca Milis le Brian Lynch?  Bean óg, drochbhéasach ab ea í. Cúramóir dá máthair tinn - dílis di. Níl an dara rogha aici ach a bheith mar chúramóir dá mháthair atá faoi mhíchumas. Tá máthair breoite aici.  Tá éalú ag teastáil uaithi den obair thuirsiúil sa bhaile. Mífhoighneach - “nach mbím i gcónaí” - lig sí osna Ciaptha cráite ag an máthair Fuarchúiseach, easchairdiúil - ní raibh fonn cainte uirthi le Paul Tá mianta ar leith ag teastáil uaithi - an grá nó cion b’fhéidir - úrscéal grá á léamh aici ar an traein - seans go bhfuil caidreamh agus sonas á lorg aici Is príosúnaí í - tinn tuirseach den ghnáthshaol leadránach Ní raibh fonn éisteachta uirthi le Paul Is bean chruálta cruálach í - ag insint bréige dó faoin ‘loch’ agus ‘báid’ lasmuigh den fhuinneog agus faoin ‘bpéist’ sa cháca Bean mhíchompórdach - bhí déistean uirthi nuair a bhí Paul ag ithe ar nós ainmhí, níor theastaigh uai