An Choiriúlacht - Fadhb Mhór Ár Linne (Hope Ross)

Is ceist achrannach í an choiriúlacht atá i mbéal an phobail le fada an lá. Is léir do gach mac máthair go bhfuil an fhadhb seo ag déanamh scime dúinn le tamaill anuas. Tá sé imithe ó smacht! Níl teorainn leis na scéalta atá le cloisteáil ar an nuacht ó thaobh coireanna tromchúiseacha ar nós dúnmharú nó éigniú, agus freisin, ó thaobh na mionchoiriúlachta ar nós gadaíochta. Is fáinne fí í an choiriúlacht agus níl aon dul as. Beidh mé ag déanamh plé ar réimse leathan coiriúlachta, idir fheileonacht agus ollghníomhartha. Ar dtús báire, nochtóidh mé mo chuid tuairimí ar choiriúlacht eagraithe.
         Is éard atá i gceist le coiriúlacht eagraithe ná grúpaí áitiúla náisiúnta nó idirnáisiúnta a ghlacann páirt i bhfiontar cóiriúil i gcomhair brábúis. D’fhéadfadh cúrsaí polaitíochta nó airgeadais amháin a bheith mar chúis leis an gcoiriúlacht seo. Tá an-chuid saghsanna grúpaí coiriúlachta eagraithe ar nós an Mafia, gnóthaí éillithe nó dronga coirpeach. Coiriúlacht gan srian a bhíonn á dhéanamh ag na grúpaí seo, ar nós dúnmharú gan trua gan taise. Is coirpigh phroifisiúnta iad na grúpaí seo. Is léir dom go bhfuil an fhadhb seo thar taomadh. Tá na grúpaí coiriúlachta ag teacht i réim toisc go ndeirtear nach neart go cur le chéile. Freisin, tá na hoifigigh éillitheacha ag déanamh neamhaird ar an bhfadhb seo toisc gur craosairí amach is amach iad agus glacann siad le breabanna. Ní féidir a shéanadh ach gur scéal millteanach é seo. Déantar sceilpín gabhair de na híospartaigh neamhchiontacha a bhfuil tionchar ag an gcoiriúlacht orthu.
         Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt chun a fheiceáil go bhfuil an tír seo ag cur thar maoil le drugaí. Bíonn réimse fairsing daoine a bhaineann leas as drugaí, idir andúiligh agus daoine óga a mealltar i dtreo saol rúndiamharach na ndrugaí nuair a thagann an crú ar an tairne. É sin ráite, bíonn éifeacht na ndrugaí mar an gcéanna ar an saol mór. D’fhéadfadh drugaí dochair dáiríre a dhéanamh don sláinte. Faraor, is í fírinne an scéil ná go bhfuil drugaí le fáil go furasta. Thiontódh sé do ghoile, an t-uafás drugaí támhshuanacha atá ar fáil go rábach in Éirinn. Le déanaí, gabhadh seilbh ar luach €3,000 de chócaon i mBaile Átha Cliath. Ní mór dúinn bheith san airdeall faoin eipidéim seo, agus daoine óga a chur ar an eolas faoi éifeachtaí na ndrugaí sula gcasann siad go dtí na drugaí seo chun éalú ó bhrú an tsaoil, nó mar bheart in am na héigne. Is minic a bhaineann mangairí drugaí earraíocht as daoine óga agus soineanta. Sprionlóirí amach is amach is ea iad na daoine seo, atá ag lord airgid dona chéad steall eile. Tá siad cráite go hiomlán ag an gcoiriúlacht. Is iomaí coir eile a eascraíonn ó andúil drugaí. Go minic, téann andúiligh i muinín na gadaíochta chun airgead a fháil do dhrugaí. Goideann siad airgead ó dhaoine atá ag cur allais na gcnámh ina gcuid oibre, tá sé go huile is go hiomlán éagórach. Tá cáil na tíre seo i dtreis ó thaobh na coiriúlachta de, agus caithfimid athrú chun feabhais a dhéanamh.
         I gcomhthéacs an lae inniu, cloistear a lán cainte faoi choiriúlacht an bhóna bháin. Tráth dá raibh, bheadh comhlachtaí iontaofa ach anois bíonn feidhmeannaigh santach ar mhaoin. Cuireann siad an dallamullóg ar dhaoine neamhurchóideacha. Is coir an-chomónta í calaois, go háirithe calaois idirlíne, san aimsir seo. Is léir go bhfuil an chibearchoireacht ag ardú ar an taoide, agus tá maithe agus móruaisle na tíre ag ceistiú an bhfuil an idirlíon tairbheach don sochaí, nó an bhfuil drochtionchar aige ar rithim laethúil an tsaoil. Is oth liom a rá go dtarlaíonn an saghas calaoise seo lá i ndiaidh lae, i bhfoirm camscéimeanna ríomhphost, brádaíl aitheantais, calaois creidmheasa agus níos mó. Caithfear a bheith feasach ar na camscéimeanna seo ionas nach mbuaileann na comhlachtaí bob orainn, mar níl ar a n-intinn acu ach airgead bog a ghnóthú. D’fhulaing miondíoltóir Éireannach caolaois creidmheasa ar na mallaibh. Rinne na caimiléirí iarracht sceamáil a dhéanamh ar an gcomhlacht níos mó ná 172 n-uaire. Dá ndeachfadh na hinbhearta ar fad i gcrích, chaillfidís thart ar €16,000. Is scannal saolta é seo. Bhí luach €29.6 mhilliún ar chalaois creidmheasa in Éirinn i 2015, agus de réir dealramh, rinneadh 70% den chalaois sin ar líne. Tá na figiúirí seo ag fás níos gasta agus níos gasta. Mar bharr ar an donas, ní dhéantar monatóireacht ghéar ar ghníomhaíocht mhídhleathach ar líne. Tá na Gardaí ag imeacht bán ar an bhfadhb seo.
         Ó chuaigh an saol ar shuíochán, cloistear cainte go minic faoi mhionchoiriúlacht ar na sráideanna. Feictear scéalta faoi ghadaíocht, loitiméireacht, brádaíl siopa agus treaspás i ngach áit sa lá atá inniu ann. Bíonn sé á phlé go mion minic ar na páipéir nuachtáin. Is í mo thuairim féin ná gurb é aineolas is mó leis an ardú as cuimse seo. Is léir go mbíonn daoine óga ag glacadh páirte sa mhionchoiriúlacht in am an ghátair nó mar thoradh ar phiarbhrú. Nach bocht agus truamhéalach an scéal é go gceapann déagóirí go gcaithfidh siad goid, in ionad airgead a thuilleamh go hionraic. Ba chuma sa tsioc leo go bhfuil siad ag sárú an dlí. Ar an drochuair, freisin, caithfear a admháil go bhfuil fadhb an ólacháin faoi aois sa tír seo curtha ó rath ar fad. Tá an iomarca béime curtha ar alcól mar ghné den saol sóisialta in Éirinn, mar sin ní haon ionadh é go bhfuil déagóirí na tíre ag tosnú ag ól níos óige is níos óige ná mar a bhí riamh. Aon uair a bhíonn ocáid le céiliúradh againn, téimid chuig an teach tabhairne agus glactar leis mar ghné den saol. Táimid ag tabhairt an nós seo d’óige na tíre. Is furasta dul i bhfeidhm ar pháistí, agus is léir go mbíonn tionchar ollmhór ag a dtuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha orthu. Caithfear a bheith mar eiseamláirí do pháistí, ionas nach dtéann siad ar bhóthar a n-aimhleasa. Bíonn daoine faoi aois ag ól ina chaláin le blianta beaga anuas. Bíonn drochthoradh ag baint leis seo, go háirithe nuair a théann déagóirí ar rágús óil. Bíonn siad ag achrann is ag bruíon, ag titim i laige, ag caitheamh aníos ar sráideanna i ngach cearn den tír. An cloch is mó ar mo phaidrín ná déagóirí a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil. Téann siad i gcontúirt anama leis, agus bíonn a mbeatha i mbaol. Is léir go bhfuil fírinne ag baint leis an seanfhocal, ‘Nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an ciall lasmuigh.”
         Tá an-chuid cúiseanna taobh thiar den choiriúlacht. Ó thaobh coiriúlacht an bhóna bháin de, bíonn saint mar phríomhchúis taobh thiar de na coireanna slítheanta a tharlaíonn faoi rún i gcomhlachtaí nó sa rialtas. Bíonn daoine cumhachta gafa le hairgead. Taibhsítear dom gur andúil é an t-airgead, i mbealach éigin. Ní ligeann na coirpigh seo do rud ar bith bac a chur orthu nuair atá airgead i gceist. Baineann bochtanas go mór leis an gcoiriúlacht chomh maith. I mo thuairim mheáite, níl an locht ar na coirpigh ar tógadh iad i teaghlaigh bhriste, nó i limistéir faoi míbhuntáiste. Is gnáth-rud í an choiriúlacht dóibh, agus níl taithí acu ar an ní eile toisc nach bhfaigheann siad an t-oideachas cuí. Bíonn an choiriúlacht mar shlí maireachtála dóibh. Cruthaíonn ár gcóras sóisialta timthriall bochtaineachta ina bhfanann na daoine seo, agus ní éalaíonn siad uaidh go minic. I gcás déagóirí in Éirinn, is dócha go bhfuil piarbhrú taobh thiar d’fhormhór na coiriúlachta. Spreagann cairde daoine óga iad chun botúin a dhéanamh. D’fhéadfadh éifeacht diúltach a bheith ag eachtra coiriúlachta ar a saol ar deireadh thiar thall. Freisin, bíonn tionchar ag drocheiseamláirí ar óige na tíre. Feictear réaltaí ceoil, teilifíse agus na meáin sóisialta gach uile lá, ag tógáil drugaí nó ag léiriú iompar inghlactha sa sochaí. Téann na daoine mór le rá seo i gcion ar dhaoine óga i ngan fhios dóibh féin.


         Mar fhocal scoir, is léir ón méid atá pléite agam go bhfuil fadhbanna coiriúlachta ag crá is ag creimeadh na tíre seo. Conas is féidir le héinne an fhadhb seo a réiteach, má tá réiteach ann ar chor ar bith? Tá géarghá le hinfheistíocht a chur ar fáil i gcomhair cláracha oideachais agus áiseanna athshlánúcháin chun deireadh a chur leis an bhfulaingt. Tá treoir, spreagadh agus tuiscint riachtanach chun an cheist seo a réiteach. Is topaic chonspóideach í seo faoi láthair ach caithfear a bheith dóchasach go dtiocfaidh athrú chun na maitheasa ar an scéal seo. Ní fios cad a tharlóidh sa todhchaí ach, mar a deir mo sheanmháthair liom i gcónaí, ‘Is maith an scéalaí an aimsir.’

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)