Posts

Showing posts from November, 2020

Aiste: Aoibhneas na Tíre Seo (Scríofa ag Rang Gearóid BL. 5)

  Aoibhneas na Tíre Seo Éire - tír bheag bhídeach atá suite amach ó Mhór-Roinn na hEorpa. Tír a bhfuil daonra le cois cúig mhilliún ann. Is tír í seo a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain as an aoibhneas agus an áilleacht a bhaineann léi. Ní lia duine ná tuairim mar a deirtear agus is é mo thuairim phearsanta ná go bhfuil tuilleadh le fáil d’óg agus aosta i ngach cearn den tír iontach seo - stair, cultúr, spórt, teanga agus radharcanna atá thar insint scéil! Ar an gcéad dul síos, tá stair fhada chasta ag an tír seo. Téann annála na staire chomh fada siar le haimsir na clochaoise. Má fheachaimid siar ar phár na staire, tá flúirse le foghlaim faoi mhóreachtraí cinniúnacha a tharla fadó agus faoi iarsmaí na staire inár dtimpeall. Is iomaí áis stairiúil atá le feiceáil i ngach contae agus sráidbhaile ar fud na tíre. Ní dabht ar bith ach go gcuirimid lenár n-eolas faoin gcultúr agus faoin oidhreacht tríd an stair atá mórthimpeall orainn. Ní gá ach féachaint ar Bhrú na Bóinne i gCo