Posts

Showing posts from 2017

Géibheann (le Caitlín Maude): Nótaí Dhul Siar

Image
Géibheann (Caitlín Maude) TÉAMAÍ: saoirse daoirse nádúr cumhacht an nádúir dínit  easpa dínite an timpeallacht PRÍOMHSMAOINTE/SCÉAL AN DÁIN: Véarsa a haon: leon ceannasach, ina áit dúchais, lán le bród, fuinneamh, eagla ar ainmhithe eile roimhe, rí na foraoise ab ea é, ina cheannaire san fhiántás, clú agus cáil ar a ghlór, glór cumhachtach, an fhoraois, na tropaicí, ceannaire, údarásach, bródúil, saoirse iomlán, cróga, stádas, bagarthach, bhí ardmheas ag na hainmhithe eile air, dínit, lán le spioraid, dáinséarach, saol nádúrtha, bhí neamhspleáchas aige Véarsa a dó: feicimid íomha de leon tuirseach sa zú, faoi ghéibheann; in ísle brí, suite i dtimpeallacht mínádúrtha, spiorad briste, easpa fuinnimh, lag, i bpríosún, teanntaithe, ní feidir leis éalú, in umar na haimléise, is taispeántas é do chuairteoirí sa zú, ábhár siamsaíochta do chuairteoirí, srianta, deireadh lena seansaol, tuirseach traochta, ag cuimhneamh siar ar bhóithrín na smaointe, sannaithe sa z

An Triail - Anáilís ar na Carachtair

Image
An Triail - Nótaí Dul Siar - Carachtair sa Dráma Máire Ní Chathasaigh óg, goilliúnach, chuaigh sí i gcoinne nósanna traidisúnta na 1960idí - caidreamh le fear pósta faoi smacht a máthar - damhsa faoi chrann smola ag Pádraig, chreid sí gach rud a dúirt sé neamhurchóideach - an lámh ina uachtar ag Pádraig - ordaíonn sé í gan sceitheadh béasach, umhal - dílis do Phádraig, macánta géilleann sí do Phádraig déantar dúshaothrú tríd an dráma - Pádraig, Bean Uí Chinsealaigh, .. imeallaithe tríd an drama saol fothainiúil - smacht diain sa bhaile uirthi in umar na haimléise - dea-oibrí caillte amach is amach íobartach de ghliceas Phádraig agus don sochaí easpa trua agus tuisceana ag an máthair tréigthe láidir agus diongbháilte - an leanbh a choimeád - altramas, ginmhilleadh thug sí an rún isteach san uaigh léi Pádraig MacCárthaigh plámásaí, rógaire - bean chéile aige - ní raibh ach caidreamh collaí le Máire  ag teastáil uaidh easpa measa do mhná, éagóir á

Cáca Milis: Anáilís ar na Carachtair

Image
Anáilís ar an mbeirt phríomhcharachtar: Cén sort duine í Catherine sa ghearrscannán Cáca Milis le Brian Lynch?  Bean óg, drochbhéasach ab ea í. Cúramóir dá máthair tinn - dílis di. Níl an dara rogha aici ach a bheith mar chúramóir dá mháthair atá faoi mhíchumas. Tá máthair breoite aici.  Tá éalú ag teastáil uaithi den obair thuirsiúil sa bhaile. Mífhoighneach - “nach mbím i gcónaí” - lig sí osna Ciaptha cráite ag an máthair Fuarchúiseach, easchairdiúil - ní raibh fonn cainte uirthi le Paul Tá mianta ar leith ag teastáil uaithi - an grá nó cion b’fhéidir - úrscéal grá á léamh aici ar an traein - seans go bhfuil caidreamh agus sonas á lorg aici Is príosúnaí í - tinn tuirseach den ghnáthshaol leadránach Ní raibh fonn éisteachta uirthi le Paul Is bean chruálta cruálach í - ag insint bréige dó faoin ‘loch’ agus ‘báid’ lasmuigh den fhuinneog agus faoin ‘bpéist’ sa cháca Bean mhíchompórdach - bhí déistean uirthi nuair a bhí Paul ag ithe ar nós ainmhí, níor theastaigh uai

An Gnáthrud - Freagra Samplach (Avril Condon) Bliain 5

Image
Tugtar léargas ar shaol na ngnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí agus réaltacht an tsaoil ag an am sin sa ghearrscéal, “An Gnáthrud” le Deirdre Ní Ghrianna. É sin a phlé.  Déantar cur síos cruinn ar shaol na gnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí sa scéal “An Gnáthrud”. Feicimid gur gnáth daoine iad, an príomhcharactar Jimmy, a bhean chéile Sarah, an freastalaí Liz sa Bhialann Síneach, agus cara Jimmy, Billy. Feicimid fuarchúiseacht, bagairt agus foréigean na dTrioblóidí go soiléir le linn an scéil seo, ach go háirithe ag deireadh an scéil nuair a dúnmharaíodh Jimmy go fuilteach agus é ag siúl abhaile.  Ar an gcéad dul síos, is léir gur gnáthfhear ciallmhar, síochánta é Jimmy a bhfuil gnáthnósanna agus gnáth-theaghlach aige. Feicimid ag tús an scéil nach raibh aon baint ag Jimmy leis an mbriúdiúlacht, an foréigean ná an sceimhle i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Ba ghnáthrud é do Jimmy dul go dtí teach tabhairne “Tobair Bhacais” gach Aoine chun

Prós: Ceist Scrúdaithe - Hurlamaboc (Anna Sheahan)

Image
"Sa sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc, léiríonn iompar agus dearcadh Lisín go leor gnéithe den saol nua-aimseartha" Pléigh an ráiteas sin. (30 marc) Is fíor go dtugtar léargas spéisiúil ar ghnéithe suimiúla den saol nua-aimseartha tríd iompar agus dearcadh Lisín sa sliocht seo as an úrscéal 'Hurlamaboc' le Eilís Ní Dhuibhne.            Ar an gcéad dul síos, feicimid seoinínteacht agus ardnósacht shaol nua-aimseartha Lisín ag tús an tsliochta seo. Bhí Lisín ag céiliúradh fiche bliain pósta lena fear chéile Pól agus bhí cóisir mór “cathréimneach” á eagrú aici. Bhí sí ag úsáid an chóisir chun íomhá dearfach di féin agus a clann a cur ós comhair na gcomharsan. "Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici" agus bhí sé lán le bia álainn. Iarracht ab ea é seo chun a saibhreas a léiriú os comhair an phobail. Freisin, chuir Lisín péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir agus bláthanna sna prócaí. Is léir do chách go raibh baothghalántacht ag baint le saol

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Image
Nótaí Úsáideacha don Scrúdú Cainte Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach bhfuil aon tinteán mar do thinteán féin”. Is fíor sin, dar liom.  Táim ar mo sháimhín só ina chónaí i _____________. Tá mé i mo chónaí i __________________________ . Tá cónaí orm i ________________________ . Is as ______________________ dom ó dhúchas. Rugadh agus tógadh mé i ____________________ . Bhog mé go dtí ___________________________ nuair a bhí mé ________________ bliana/ (mbliana) daois. Is aoibhinn liom mo cheantar áitiúil. Níl áit ar bith cosúil leis in Éirinn nó ar fud an domhain. Is ceantar ciúin, tuaithe (rural) agus iargúlta (remote) é __________________ . Is ceantar gnóthach, uirbeach agus cairdiúil é  _______________ . Is ceantar __________________ , _________________ agus _______________é. Tá daonra ___________________________ i mo cheantar. Is éard is ciall le hainm na háite ná _____________________________  . Is aoibhinn liom mo cheantar.  Tá mé an-bhródúil (proud)