Posts

Showing posts from December, 2018

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)

Image
Is annamh a chloistear scéal faoin mbochtaineacht in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní chiallaíonn sé sin nach dtarlaíonn an fhadhb seo lá i ndiaidh lae, áfach. Níos minice ná a mhalairt, bíonn ar dhaoine Éireannacha a dtithe a fhágáil agus an oíche a chaitheamh ar na sráideanna. Is léir don dall gur fadhb mhór í an easpa dídine sa tír seo. Ní dóigh liom go bhfuil réiteach simplí ann. Is ag dul in olcas atá an fhadhb seo agus caithfimid cabhrú le daoine gan dídean in am an ghátair. Cuirtear ceisteanna go forleathan faoina cúiseanna taobh thiar d’easpa dídine in Éirinn. Tarlaíonn an bhochtaineacht mar thoradh ar mheascán de cúiseanna: cliseadh teaghlaigh, géarchéimeanna airgeadais, fadhbanna alcóil nó drugaí agus scaoileadh ó fhorais. I mí Eanáir 2017, bhí níos mó ná 2100 teaghlach gan dídean agus ag lorg tacaíochta ón íocaíocht Cúnaimh Tithíochta. Nochtann na firicí seo go bhfuil costas ró-ard á ghearradh i gcomhair tithíocht in Éirinn. Cuireann sé uafás orm a chloisteáil faoi thea