Posts

Showing posts from September, 2018

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Image
Fadhbanna Daoine Óga  (comhscríofa ag Bliain 5 Rang Prionnsias) Ábhar conspóideach is ea an scéal seo faoi fhadhbanna daoine óga sa lá atá inniu ann. Tá an cheist seo pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní mór dúinn na fadhbanna a iniúchadh chun teacht ar réiteach éigin ar an scéal. Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach lia duine ná tuairim”. Tá fírinne ag baint leis an seanfhocal seo, dar liom. Níl dabht ar bith ach go bhfuil réimse leathan de dhúshláin agus de chrá pearsanta ag baint le saol déagóirí sa lá atá inniu ann: fadhb na ndrugaí, fadhb an óil, piarbhrú, bulaíocht, cúrsaí scoile, fadhbanna teaghlaigh agus fadhbanna sláinte.   Ar an gcéad dul síos, ní féidir a shéanadh ach is ar éigean a théann lá thart nach mbíonn tagairt éigin d’fhadhb na ndrugaí i measc daoine óga sa lá atá inniu ann. Caithfear a admháil gur scéal náireach é seo. Nach suntasach an rud é go bhfuil cúrsaí amhlaidh? Is iom

Aiste: Mórcheisteanna i gCúrsaí Spóirt (comhscríofa ag Rang Phádraig, Bliain 6)

Image
Mórcheisteanna i gCúrsaí Spóirt i  Saol an Lae Inniu   (comhscríofa ag Rang Phádraig, Bliain 6) Ábhar spéisiúil is ea an cheist seo faoi chúrsaí spóirt agus mórcheisteanna i gcúrsaí spóirt a bhfuil suim mhór ag muintir an domhain ann le tamall de bhlianta anuas. Tá fadhbanna an spóirt pléite agus athphléite ag polaiteoirí, iriseoirí agus ag saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach simplí ar na ceisteanna casta seo. Ba mhaith an rud é gach gné den scéal seo ar fad a scrúdú: fadhb na ndrugaí, drochiompar, ciníochas, airgead agus saint, easpa rannpháirteachais i gcúrsaí spóirt, easpa seirbhísí agus go leor eile.  Ar an gcéad dul síos, is minic a bhíonn tuairisc faoi chonspóid agus tionchar na ndrugaí i gcúrsaí spóirt ar na meáin cumarsáide. Níl aon dabht ach gur scéal suimiúil, spéisiúil agus scannalach é seo. Athrú mór chun donais is ea fadhb na ndrugaí agus tá an locht ar fad ar mhionlach daoine náireacha agus mímhacánta. Is éard is c

Ceist Scrúdaithe: Géibheann le Caitlín Maude (Bliain 5 Rang Prionnsias)

Image
“Is í an chodarsnacht a léirítear idir saoirse agus daoirse an ghné is suimiúla den dán Géibheann”. É sin a phlé. Aontaím go láidir leis an ráiteas thuas. Is iad príomhthéamaí an dáin “Géibheann” le Caitlín Maude ná saoirse agus daoirse. Le linn an dáin spéisiúil fáthchiallach seo tugann an file léargas pearsanta dúinn ar athrú ollmhór ina saol. Baineann Maude úsáid éifeachtach as íomhá de leon mar mheafar dá saol féin - leon a bogadh ón bhforaois chuig saol teoranta i ngáirdín na n-ainmhithe.  Ar an gcéad dul síos, dathaíonn an file pictiúr cuimsitheach cruinn dúinn de shaol an leoin san fhiántas ag tús an dáin. Bhí saoirse agus neamhspleáchas iomlán ag an leon ann. Leon láidir tábhachtach ab ea é. Bhí cumhacht in ghlór. Bhí “cliú agus cáil” air mar rí na foraoise. Bhí áilleacht agus údarás ag baint leis. Bhí sé i gceannas sa timpellacht fiáin agus nádúrtha sin - “na teochrasa”. Bhraith an leon láidir, fíochmhar agus bródúil de bharr an saoirse a bhí aige. I líne a sé

Ceist Scrúdaithe: Colscaradh le Pádraig MacSuibhne (Bliain 6 Rang Phádraig)

Image
“Tá codarsacht idir dhá thuiscint dhifriúla ar an bpósadh sa dán Colscaradh”. Pléigh.   Aontaím go huile is go hiomlán go bhfuil codarsnacht láidir idir dhá thuiscint dhifriúla ar an bpósadh sa dán ‘Colscaradh’ le Pádraig MacSuibhne. Sa dán sothuigthe seo, léiríonn an file na fadhbanna idir fear agus bean pósta agus déanann sé cur síos cur síos ar an gcinneadh a rinne siad chun scarúint óna chéile. Theip ar an ngrá idir an mbeirt acu de bharr an teannas a d’fhás eatarthu. Bhí mianta difriúla na beirte éagsúil óna chéile - mianta traidisiúnta ag an bhfear céile agus mianta nua-aimseartha ag an mbean chéile. I véarsa a haon den dán, cruthaíonn an file pictiúr soiléir dúinn de riachtanais an fhir ina shaol pósta. Is léir go raibh tuiscint seanfhaiseanta ag an bhfear ar an bpósadh. Theastaigh bean uaidh a d’fhanfadh sa bhaile ag tabhairt aire dona pháistí ina cheantar dúchais. Bhí grá agus saol compórdach ag teastáil uaidh “ar leac a thine”. Bhí saol teolaí síochánta uaidh l