Posts

Showing posts from January, 2018

Córas Oideachais na Tíre Seo (Becky Ní Thuathail, Bliain 5)

Image
   Chuile uair a chasaim cnapáin na teilifíse ar siúl cloistear scéal éigin faoi fhadhbanna an córas oideachais sa tír seo. A luaithe agus a chonaic mé teidéal na haiste seo i dtosach chuir sé ag smaoineamh mé. Níl aon amhras ach gur córas mí-oiriúnach agus as dáta é. Níos minice ná a mhalairt bíonn scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag cur is ag cúiteamh faoin ábhar seo. I mo thuairim phearsanta, is córas easnamhach é córas oideachas na hÉireann agus tá feabhas, athrú agus forbairt air ag teastáil láithreach bonn.            Ar an gcéad dul síos, níl dabht ar bith i m’aigne ach go bhfuil leasú ag teastáil ar na hábhair sa chóras oideachas. Tá béim i bhfad níos mó á gcur ar ábhair acadúla ar nós an Bhéarla agus an Ghaeilge seachas ar ábhair phraicticúla cosúil leis an gcorpoideachas. Níl aon amhras ann go maraíonn sé seo cruthaitheacht agus indibhidiúlacht an dalta lá i ndiaidh lae. I láthair na huaire cuirtear strus agus brú ollmhór ar dhaltaí leis an méid ábhar a bhfuil orthu

An Choiriúlacht - Fadhb Mhór Ár Linne (Hope Ross)

Image
I s ceist achrannach í an choiriúlacht atá i mbéal an phobail le fada an lá. Is léir do gach mac máthair go bhfuil an fhadhb seo ag déanamh scime dúinn le tamaill anuas. Tá sé imithe ó smacht! Níl teorainn leis na scéalta atá le cloisteáil ar an nuacht ó thaobh coireanna tromchúiseacha ar nós dúnmharú nó éigniú, agus freisin, ó thaobh na mionchoiriúlachta ar nós gadaíochta. Is fáinne fí í an choiriúlacht agus níl aon dul as. Beidh mé ag déanamh plé ar réimse leathan coiriúlachta, idir fheileonacht agus ollghníomhartha. Ar dtús báire, nochtóidh mé mo chuid tuairimí ar choiriúlacht eagraithe.          Is éard atá i gceist le coiriúlacht eagraithe ná grúpaí áitiúla náisiúnta nó idirnáisiúnta a ghlacann páirt i bhfiontar cóiriúil i gcomhair brábúis. D’fhéadfadh cúrsaí polaitíochta nó airgeadais amháin a bheith mar chúis leis an gcoiriúlacht seo. Tá an-chuid saghsanna grúpaí coiriúlachta eagraithe ar nós an Mafia, gnóthaí éillithe nó dronga coirpeach. Coiriúlacht gan srian a bhíonn á dhé