Posts

Showing posts from November, 2018

An Bhochtaineacht in Éirinn (Jodie Devaney) Bliain 6 Rang Phádraig

Image
An Bhochtaineacht in Éirinn  Le Jodie Devaney, Bliain 6 Ceann d’fhadhbanna casta na linne seo is ea an scéal faoin mbochtaineacht in Éirinn. In ainneoin an chúlú eacnamaíochta a bhí sa tír seo, tá Éire fós i measc na dtíortha is saibhre ar domhan. Is minic é maíte ag na húdaráis agus na polaiteoirí go bhfuilimid go hiontach maidir le hinfheisteoirí dhíreach eachtrach a mhealladh. I dtír den chineál sin cén fáth a bhfuil fadhb bochtaineachta fós againn? Cén fáth a bhfuil fós líon mór daoine gan dídean? Cén fáth go bhfuil carthanachtaí cosúil le Cumann Naomh Uinseann de Phól luite amach orthu féin agus ag streachailt chun cabhair a thabhairt dóibh siúd i ngalar na gcás? Ní gá dúinn ach éisteacht le ceannlínte na nuachta lá ar bith agus cloisfimid tagairt éigin don cheist seo. Tá fhios ag madraí an bhaile gurb í an chúis is mó leis an ngéarchéim tithíochta nach bhfuil an soláthar in ann freastal ar an éileamh. Is léir ó seo nach bhfuil forbróirí, úinéirí talún nó tógálaith

Easpa Dídine in Éirinn (Emma Brennan) Bliain 6 Rang Phádraig

Image
Ní túisce a chonaic mé teideal na haiste seo ná a rug mé ar mo pheann chun mo chuid tuairimí a bhreacadh síos. Is fadhb ollmhór é an bhochtanas atá go mór  i mbéal an phobail . Cuireann sé déistin orm a adhmháil go raibh thart ar chúig mhíle duine fasta i gcóiríocht éigeandála  arna maoiniú  ag an Stát i mí na Nollag 2017.          Is cuis imní é an easpa dídine in Éirinn  sa lá atá inniu ann. Is fadhb í atá ag crá is ag creimeadh na tíre seo agus níl faic ná fríde á dheanamh chun í a leigheas. Feictear daoine gan dídean ar shráideanna na  gcathracha agus na mbailte móra. Tá na daoine seo fágtha ar an trá fholamh, iad tréigthe ag an sochaí. Conas go bhfuil sé cothrom go bhfuil éagóir á dhéanamh ar na daoine seo. Níl rian den dhínit fágtha acu. Téann fréamhacha na faidhbe seo chomh fada siar go Ré an Tíogair  Cheiltigh. Bhí airgead ar fáil go héasca óna bainc náisiúnta toisc go raibh borradh eacnamaíochta againn sa tír. Bhí daoine ag eirí santach agus bhí tithe galanta á dtogái