Posts

Showing posts from 2020

Aiste: Aoibhneas na Tíre Seo (Scríofa ag Rang Gearóid BL. 5)

  Aoibhneas na Tíre Seo Éire - tír bheag bhídeach atá suite amach ó Mhór-Roinn na hEorpa. Tír a bhfuil daonra le cois cúig mhilliún ann. Is tír í seo a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain as an aoibhneas agus an áilleacht a bhaineann léi. Ní lia duine ná tuairim mar a deirtear agus is é mo thuairim phearsanta ná go bhfuil tuilleadh le fáil d’óg agus aosta i ngach cearn den tír iontach seo - stair, cultúr, spórt, teanga agus radharcanna atá thar insint scéil! Ar an gcéad dul síos, tá stair fhada chasta ag an tír seo. Téann annála na staire chomh fada siar le haimsir na clochaoise. Má fheachaimid siar ar phár na staire, tá flúirse le foghlaim faoi mhóreachtraí cinniúnacha a tharla fadó agus faoi iarsmaí na staire inár dtimpeall. Is iomaí áis stairiúil atá le feiceáil i ngach contae agus sráidbhaile ar fud na tíre. Ní dabht ar bith ach go gcuirimid lenár n-eolas faoin gcultúr agus faoin oidhreacht tríd an stair atá mórthimpeall orainn. Ní gá ach féachaint ar Bhrú na Bóinne i gCo

An Triail: Freagra Samplach “Tá fimíneacht agus mímhacántacht le feiceáil i mbeagnach gach gné den saol mar a léirítear sa dráma seo é”. Pleigh. Le Clodagh Hannan, Mercy Oyewo, Elaine Ní Threasaigh, Cian O’Brien agus Kyle Luck

Gan amhras ar bith, tá fimíneacht agus mímhacantacht le feiceáil i mbeagnach gach gné den saol mar a léirítear sa dráma ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda. Is léir ó phríomheachtraí   an dráma gur fimínigh amach is amach iad an chuid is mó de na carachtair: Pádraig, Bean Uí Chathasaigh agus Liam Ó Cathasaigh ach go háirithe. Bhí tionchar ollmhór ag saol na 1960dí in Éirinn ar an mbealach gur imeallaigh siad Máire gan scrupall nó choinsias ar bith. Áfach, ar an taobh eile den scéal, tá daoine tuisceanach agus cabhrach sa dráma chomh maith cosúil le Mailí. Nuair a bhí Máire in am an ghátair, thug Mailí tacaíocht di agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar sin.                              Ar an gcéad dul síos ní féidir an ráiteas seo a phlé i gceart muna luaitear Pádraig, an duine is mhímhacanta sa dráma. Buailimid leis don chéad uair nuair a théann Máire go dtí an rince sa teach scoile. Nuair a chuirtear é agus Máire in iúl dá chéile don chéad uair, léiríonn sé an-suim i Máire, ach g