An Triail - Anáilís ar na Carachtair



An Triail - Nótaí Dul Siar - Carachtair sa Dráma



Máire Ní Chathasaigh
  • óg, goilliúnach, chuaigh sí i gcoinne nósanna traidisúnta na 1960idí - caidreamh le fear pósta
  • faoi smacht a máthar - damhsa
  • faoi chrann smola ag Pádraig, chreid sí gach rud a dúirt sé
  • neamhurchóideach - an lámh ina uachtar ag Pádraig - ordaíonn sé í gan sceitheadh
  • béasach, umhal - dílis do Phádraig, macánta
  • géilleann sí do Phádraig
  • déantar dúshaothrú tríd an dráma - Pádraig, Bean Uí Chinsealaigh, ..
  • imeallaithe tríd an drama
  • saol fothainiúil - smacht diain sa bhaile uirthi
  • in umar na haimléise - dea-oibrí
  • caillte amach is amach
  • íobartach de ghliceas Phádraig agus don sochaí
  • easpa trua agus tuisceana ag an máthair
  • tréigthe
  • láidir agus diongbháilte - an leanbh a choimeád - altramas, ginmhilleadh
  • thug sí an rún isteach san uaigh léi

Pádraig MacCárthaigh
  • plámásaí, rógaire - bean chéile aige - ní raibh ach caidreamh collaí le Máire  ag teastáil uaidh
  • easpa measa do mhná, éagóir á dhéanamh aige ar Mháire
  • bréagadóir lofa, pósadh bréige - geallúint shollúnta -  “beannaithe”
  • bua na cainte aige, Máire faoi dhraíocht
  • easpa dílseachta - níor thacaigh sé le Máire in am a gátar
  • glic, slim, sleamhain - rún, máistir scoile ab ea é
  • buachaill báire - thuig sé go raibh cumhacht sa chaidreamh aige, ábalta í a mhealladh
  • shantaigh sé a leas féin - gafa leis féin - easpa spéise i Pádraigín
  • fealltach - rinne sé dúshaothrú ar Mháire ón oíche ar bhuail sé léi
  • gan scrúpall coinsiasa
  • imirt magúil - ag cleasaíocht le Máire
  • dímheasúil , déisteanach - chas sé a dhroim ar Mháire nuair a fuair sé amach faoin leanbh
  • níor ghlac sé freagracht as a chuid iompair
  • dhá thaobh diúltacht ag baint leis
  • chuir an dubh ar an ngeal uirthi
  • suarachán - chas sé a dhroim ag an uaigh sa radharc deireanach
  • glaonn sé “striapach” ar Mháire ag an teach an mhí-chlú (na mban)


Máthair Mháire:

  • seanfhaiseanta, coimeádach, nósanna traidisiúnta - An Choróin Mhuire
  • béalchráifeach, easpa Críostaíochta ag baint léi
  • sásta an leanbh a mharú - deoch nimhniúil
  • baintreach - leagann sí beim na íobairtí a dhéanann sí don chlann
  • uaillmhianach - Máire sna mná rialta, Seán mar shagart, Liam i mbun na feirme - tógtha léi féin, tiarnúil, dian, smacht láidir aici, i gceannas ar imeachtaí an tí
  • neamhthuisceanach - díbríonn sí Máire
  • údarásach, saol fothainiúil i bhfeidhm sa bhaile
  • mursaire - ar an eolas faoi gach rud sa teach
  • “níl aon réasún ag Mam”  - Liam
  • fonn éalú ón milleán sa chúirt - fímíneacht, fímíneach amach is amach
  • níos buartha faoi thuarimí na gcomharsan ná faoi Mháire
  • gafa le rialacha, stádas
  • scar sí í féin óna hiníon
  • maslach - “striapach” 
  • bata agus bóthar do Mháire - ruaig

Bean Uí Chinsealaigh 
  • rinne sí dúshaothrú ar Mháire - lóistín ach pá íseal - “ceithre phunt” ach thug sí “dhá phunt deich scillinge di” - post ag teastáil go géar ó Mháire
  • glic - “cúntóir tís” - sárobair déanta ag Máire ach chuaigh sí taobh thiar dá droim, glaoch ar an oibrí sóisialta
  • d’ofráil sí an post ar ais do Mháire gan an leanbh - coinníollacha
  • d’aithin sí go raibh Máire ag sreachailt - fímíneach
  • chuir sí an dallamhullóg - thuig sí cad a tharlódh don leanbh sa Teach Tearmainn
  • bean uasal, ardnósach, Baile Átha Cliath
  • bréag-ghalántacht - féachann sí aníos ar Mháire
  • gníomh míthrócaireach ab ea é ligint do Mháire dul chuig an Teach Tearmann - “tharraingeodh sí an náire orainn” - buartha faoi thuairimí na gcomharsan
  • fimíneach, mealltach, féindírithe, mímhacánta, easpa trócaire, gránna, fuarchúiseach, meán-aicmeach

Oibrí Sóisialta - Áine Uí Bhreasail
  • dhá thaobh léi - pearsantacht poiblí (cineálta, ag obair ar mhaithe le Maire) ach sa Teach Tearmann, brú á chur aici ar Mháire, frustrachas uirthi,  easpa measa ag na mná sa Teach Tearmainn uirthi
  • Áine an Bhéil Bhinn 
  • míthuisceanach, easpa trua do chás Mháire - leanbh a chur ar altramas
  • dúirt sí go raibh Máire “stuacach” “ceanndána” - níor léirigh sí tuiscint di
  • coimeádach - ag cloí le rialacha an phoist- dubh agus bán
  • cairdiúlacht bhréige - fímíneacht - athraíonn a hiompar/pearsantacht nuair a diúltaíonn Máire a hiarratais
  • béim ar dheiseanna an Tí Tearmainn - lóistín, bia, aire dochtúra srl…
  • ag súil go mbeadh sí cabhrach ach a mhalairt ar fad a bhí i gceist
  • míthrocaireach
  • cúngaigeanta 
  • bean fuar mídhaonna - an brú a chuir sí ar Mháire fáil réidh leis an leanbh
  • fímíneach - easpa trua do chás na gcailíní & do Mháire

Mailí
  • cineálta agus cabhrach do Mháire - d’ofráil sí lóistín do Mháire
  • léiríonn sí suailcí an duine  - dea-thréithe pearsanta an duine - thug sí tacaíocht do Mháire sa TT 
  • ní dhearna sí dúshaothrú ar Mháire
  • imeallaithe cosúil le Máire
  • ar an láthair nuair a thit an teach aníos ar Mháire - comhthárlú
  • trua aici do chás Mháire
  • cabhair phraiticiúil i bhfoirm lóistín agus poist
  • tuisceanach ar phearsantacht Mháire - ciúin, dílis, macánta ab ea Máire - thuig sí an chúis go raibh Máire ag coimeád Pádraig faoi rún
  • “stiúsaithe” - thug sí íde na muc is na madraí do na mná nár thug na mná ar thaobh na sráide nuair a thit teach Mháire síos
  • éalú do Mháire óna carachtair eile fímíneacha sa dráma
  • “oinsín tuaithe” - thuig sí easpa taithí / soineantacht Mháire - mhínigh sí di cad a bhí i gceist le haltramas
  • codarsnacht ghéar idir Mhailí agus Máire i dtaobh na bpáistí
  • croí san áit cheart
  • “Is aingeal tú a Mhailí” - Máire - buíoch do Mhailí as a cairdeas agus a comhluadar
  • Tháinig sí ar an láthair “fuar marbh”
  • Thug sí muinín, faoiseamh do Mháire - ní ghlacann sí lena féintrua “ Chroith suas tú féin”

Liam
  • an deartháir is sine
  • saol fothainiúil - an saol leagtha amach dó ag an máthair - i mbun na feirme
  • is cuma sa tsioc leis faoina dheirfiúir nuair a fhaigheann sí torrach 
  • tacaíonn Liam le tuairimí a mháthar - náire i measc na gcomharsan
  • “tá an oíche loite agat orm”
  • ag bualadh le Beití de Búrca i ngan fhios dá mháthair 
  • níor sheas sé suas do Mháire ar chor ar bith - luaigh sé gur loit Mháire íomha na clainne
  • chuir sé an locht ar Mháire as an gcleamhnas idir é féin agus Beití de Búrca a scrios - milleán ar Mháire “an poiblíocht….”
  • ba eisean a bhí in éineacht le Máire ag an damhsa -  mífhreagrach - éalú óna freagrachtaí - “ní mise a coimeádaí”



Seán
  • ábhar sagairt - ar intinn aige dul leis an sagartóireacht - saol pleanáilte ag a mháthair dó
  • “loit sí an saol orainn” - uaigh - milleán ar Mháire
  • gafa lena íomha féin agus íomha na clainne i measc na gcomharsan
  • níor sheas sé suas do Mháire sa chúirt
  • ní raibh an rogha aige ach an sagartóireacht a fhágáil - milleán ar Mháire as an donas ina saol féin - “tharraingeodh sí náire orainn”
  • easpa carthanachta, níor léirigh sé aon trua do Mháire as an “gcoir”
  • easpa tuisceana - níor thacaigh sé léi
  • “Tá Mam ródhian uirthi”
  • easpa trócaire, Críostaíochta
  • sceith Seán ar Mháire - ag iompar clainne - nach bhfuil sí ag glacadh leis an gComaoineach Naofa
  • Cabhraíonn sé le Liam éalú i rith na hoíche chun bualadh le Beití de Búrca - a mhalairt a bhí i gceist le Máire
  • Fímíneach sa scéal - hypocrite 
  • Fímíneacht - hypocrisy 
  • Fimínigh - hypocrites


Seáinín an Mhótair

  • cabhraíonn sé le Máire in am a gátair
  • buailimid leis sa TT ar dtús báire - tuigeann sé go bhfuil Máire difriúil/éagsúil óna mná eile “nóinín i measc na neantóg”
  • codarsnacht géar idir é féin agus Pádraig & na fir eile sa dráma - thug sé comhairle fanacht amach óna mná eile Mailí Dailí Nábla
  • deisbhéalach 
  • “fear Críostaí” - “ní haon áit d’fhear Críostaí é seo” - éalú ón TT
  • chabhraigh sé le Máire nuair a thit an díon isteach, léiríonn sé carthanacht di
  • “tabharfaidh mé tú aon áit is mian leat”  - comhtharlú
  • fear meánaosta - trua do Mháire
  • lochtaíonn sé an saol mórthimpeall, an fímíneacht a bhain leis ag an reilig “ an té a bhriseann na rialacha…”

Téamaí:


  • Fimíneacht
  • Saol in Éirinn le linn na 1960idí
  • Tionchar na hEaglaise ar an sochaí sna 1960idí
  • Tragóid
  • Cás máithreacha aonair / máthair aonair ag iompar clainne
  • Imeallú
  • Dúshaothrú

Comments

  1. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)