An Gnáthrud - Freagra Samplach (Avril Condon) Bliain 5

Tugtar léargas ar shaol na ngnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí agus réaltacht an tsaoil ag an am sin sa ghearrscéal, “An Gnáthrud” le Deirdre Ní Ghrianna. É sin a phlé. 
Déantar cur síos cruinn ar shaol na gnáthdaoine i mBéal Feiriste le linn na dTrioblóidí sa scéal “An Gnáthrud”. Feicimid gur gnáth daoine iad, an príomhcharactar Jimmy, a bhean chéile Sarah, an freastalaí Liz sa Bhialann Síneach, agus cara Jimmy, Billy. Feicimid fuarchúiseacht, bagairt agus foréigean na dTrioblóidí go soiléir le linn an scéil seo, ach go háirithe ag deireadh an scéil nuair a dúnmharaíodh Jimmy go fuilteach agus é ag siúl abhaile. 
Ar an gcéad dul síos, is léir gur gnáthfhear ciallmhar, síochánta é Jimmy a bhfuil gnáthnósanna agus gnáth-theaghlach aige. Feicimid ag tús an scéil nach raibh aon baint ag Jimmy leis an mbriúdiúlacht, an foréigean ná an sceimhle i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Ba ghnáthrud é do Jimmy dul go dtí teach tabhairne “Tobair Bhacais” gach Aoine chun bualadh lena chairde. Mothaíonn sé “ciontach” mar tá a bheanchéile, Sarah, sa bhaile “ag streacailt go crua ag iarraidh na páistí a chur ina luí”. Is dea-mháthar í Sarah agus í ag tabhairt aire do na páistí. Is duine tuisceanach í chomh maith. Tá a fhios aici go bhfuil deoch tuillte ag Jimmy ar an Aoine agus é “ag obair ag deireadh na seachtaine”. Níl sí ag iarraidh go mbeidh cairde Jimmy ag rá go bhfuil sé “faoi chrann smola aici”. Féachann Jimmy ar “na potairí” a bhíonn “greamaithe do na stola” céanna gach lá. Ceapann sé go bhfuil an t-ádh leis. Tá a theaghlach ann nuair a théann sé abhaile. Is léir gur fear teaghlaigh é Jimmy agus go bhfuil grá mór aige dóibh. Tá saol simplí, compórdach ag Jimmy gan aon fhoréigean. Is cara maith é Jimmy agus é ag tabhairt cabhair do Billy i dtaobh a chuid oibre. Bhí Billy amach ar an drabhlás, “ag ceiliúradh” an leanbh “nua ba deireanaí” ar feadh na seachtaine. Bhí ar Jimmy “tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer” go dtabharfadh sé cabhair do Billy. Chinntigh Jimmy nach mbeidh a chara i dtrioblóid. Is gnáthduine é Billy agus é ag dul amach “ag ceiliúradh” an bhreith nua ina theaghlach. Is léir freisin, nach bhfuil aon bhaint ag Billy leis an bhforéigean. 
I lár an scéil feicimid gur lean Jimmy na gnáthnósanna a bhí aige agus é ag dul chuig an bhialann Shíneach. Feicimid an bhagairt a bhí mórthimpeall le linn na tréimshe sin sa chuid seo den scéal. Ba cheann de “dheasghnátha” an Aoine do Jimmy agus Sarah “curaí” agus “chop suey” a fháil ón Jasmine Palace. Fágann Jimmy an teach tabhairne chun é seo a fháil do Sarah. Feictear gaol grámhar idir Jimmy agus a bhean chéile. Buaileann Jimmy le grúpa deagóirí ar a shlí abhaile sa bhialann Shíneach. Grúpa “gairsiúil” ab ea iad a bhí “ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin”. Ba ghrúpa garbh iad a bhí “ar meisce ar fhíon úll”. Rinne Jimmy neamhaird den bhagairt uathu agus leanann sé ar aghaidh lena ghnáthshaol agus lena chomrá le Liz. Bhí aithne aige ar an bhfreastalaí, Liz. Bhí a ordú ar eolais aici nuair a chuireann sí ceist air, “An gnáthrud, a Jimmy”. Is gnáthoibrí í Liz atá uaigneach. Insíonn sí do Jimmy “i modh rúin” gur fhág a “stócach” í nuair a rugadh a hiníon bheag. 
Ag deireadh an ghearrscéil, nochtaíonn an t-údar contúirt agus dáinsear na dTrioblóidí nuair a dúnmharaíodh Jimmy in ionsaí randamach seicteach. Rinne Jimmy neamhaird de “chaint ghraosta, ghraifleach, ghnéasach” na stócach seo. Ní raibh aon bhaint aige leis an drochteanga ná leis a bhforéigean a bhí in úsáid ag na daoine seo. Bhí Jimmy ag smaoineamh faoina bhean chéile ar a shlí abhaile agus ce chomh “sásta” is a bhí sé le linn dóibh a bheith le chéile. Ba ghnáth lánúin iad a raibh grá láidir eatarthu. Bhí sé “caillte ina smaointe féin” agus “níor chuala sé an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach”. Grúpa níos gairbhe ná na stocaigh sa bhialann ab ea ionsaitheoirí Jimmy. “Scaoil sé urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy”. Fágadh Jimmy ina luí i lár na sráide. Ionsaí fuarchuiseach, barbartha a bhí ann. Rinneadh ionsaí gan choinne air de bharr a reiligiún. 
Ba ghnáthduine é Jimmy nach raibh aon bhaint aige leis an mbaol, an bhagairt ná an dainséir atá le brath sa scéal seo. Bhí Jimmy bocht san áit mícheart ag an am mícheart. Casadh tobann ab ea deireadh an scéil. Ba chríoch tragóideach, tubaisteach é. Fágadh gnáththeaghlach Jimmy gan aon athair.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)