Córas Oideachais na Tíre Seo (Becky Ní Thuathail, Bliain 5)

  Chuile uair a chasaim cnapáin na teilifíse ar siúl cloistear scéal éigin faoi fhadhbanna an córas oideachais sa tír seo. A luaithe agus a chonaic mé teidéal na haiste seo i dtosach chuir sé ag smaoineamh mé. Níl aon amhras ach gur córas mí-oiriúnach agus as dáta é. Níos minice ná a mhalairt bíonn scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag cur is ag cúiteamh faoin ábhar seo. I mo thuairim phearsanta, is córas easnamhach é córas oideachas na hÉireann agus tá feabhas, athrú agus forbairt air ag teastáil láithreach bonn. 
          Ar an gcéad dul síos, níl dabht ar bith i m’aigne ach go bhfuil leasú ag teastáil ar na hábhair sa chóras oideachas. Tá béim i bhfad níos mó á gcur ar ábhair acadúla ar nós an Bhéarla agus an Ghaeilge seachas ar ábhair phraicticúla cosúil leis an gcorpoideachas. Níl aon amhras ann go maraíonn sé seo cruthaitheacht agus indibhidiúlacht an dalta lá i ndiaidh lae. I láthair na huaire cuirtear strus agus brú ollmhór ar dhaltaí leis an méid ábhar a bhfuil orthu tabhairt futhu i scrúdú na hArdteistiméireachta. Tá ar gach dalta timpeall ar an meán, ar aon ábhar déag a dhéanamh don Teastaigh Sóisearach. Tá ar dhaltaí timpeall ar seacht n-ábhar dúshlánacha a dhéanamh don Ardteist chomh maith! Ní feidir a shéanadh ach gur seafóid mhillteanach í seo. Is minic a chaitheann daltaí dhá nó trí uair in aghaidh an lae ag déanamh obair bhaile. Is ag snámh in aghaidh easa atá siad! Tá easpa ama pearsanta ag gach duine acu agus is minic a chuireann sé seo isteach ar imeachtaí seach-churaclaim nó ar chaitheamh aimsire, ar nós spóirt nó ceoil. Síltear go mbeidh daltaí lán réidh do shaol na hoibre i ndiaidh na hArdteiste ach ní mar a shítear a bhítear, áfach. Ní fhoghlaimíonn daltaí scileanna sóisialta nó cumarsáide atá go hiomlán riachtanach i bpostanna tábhachtacha sa lá atá inniu ann. Tá an domhan mórthimpeall orainn ag forbairt lá i ndiadh lae, ach is annamh a thagann athruithe móra sa chóras oideachais. Caithfear a bheith macánta faoi, sa lá atá inniu ann tá an curaclam meánscoile i bhfad Éireann ró chung. Ba chóir go mbeadh rogha níos leithne ag daltaí faoin méid ábhar agus faoina cineálacha ábhar a bhfuil orthu dul i ngleic leo!
          Chomh maith leis sin, tá córas na pointí agus na scrúdaithe atá i bhfeidhm in Eirinn go hiomlán mí-oiriúnach do dhaltaí. De réir Albert Einstein, eolaí cáiliúil ón stair, ‘is duine ardéirme é gach duine, ach, má déantar breithiúnas ar inniúlacht éisc bunaithe ar chrann a dreapadh, creidfidh sé dá saol ar fad gur amadán é’. Baineann an fhadhb chéanna le córas oideachais na tíre seo! Teipeann ar an gcóras scrúdaithe daltaí a mheasúnú i gceart. Is córas loctach é atá go hiomlán bunaithe ar phointí. Is minic a fhoghlamaíonn daltaí gach rud do ghlanmheabhair chun an córas seo a shásamh. Is annamh a thuigeann siad an t-ábhar a bhfuil siad ag foghlaim. Ó mo thaithí féin, is minic a fhoghlaimím frásaí sa Fhraincis de ghlanmheabhair ach níl clú dá laghad agam conas na frásaí seo a úsáid sa ghnáthshaol laethúil. Dá bharr na scrúdaithe, táim beagnach líofa sa Fhraincis, ach a mhalairt ar fad atá fíor. Cuireann an córas doghlactha seo strus ollmhór ar dhaltaí ar fud na tíre. Is minic a fheictear daltaí in umar na haimléise agus iad ag stadéar go dian dícheallach. Is córas iomlán mícothrom atá ann a oireann do dhaltaí matamaiticúla nó do dhaltaí a téann chuig scoileanna lán-Ghaelacha. Bíonn an scéim marcála mísholéir agus léirmhínitheach, go háirithe in ábhar mar Bhéarla no Ealaín, a breathnaíonn toradh dalta go minic an gcineál cearthaitheora a fhaigheann tú. Ar deireadh thiar thall ansin, níl ach scrúdú amháin ann chun obair dhian dhaltaí na tíre ar fad a léiriú i. Is feidir drochlá a bheith ag aon duine. Is seafóid é go mbraitheann pointí ollscoile agus do rogha cúrsa sa choláiste ar aon scrúdú amháin. Ba chóir go mbeidh córas measúnaithe leanúnaigh ann! I láthair na huaire, níl aon scrúdaithe bunaithe ar scileanna praicticúla atá ag scoláirí. Mar is eol do chách, tá sé ríthábhachtach in aon phost scileanna sóisialta agus scileanna ceannaireachta a bheith agat. Dá mbeinn i m’Aire Oideachais chuirfinn béim ar scileanna na ndaltaí seachas scrúdaithe caighdeánacha!
       Tá an iomarca béime ar rialacha sa chóras Oideachas in Éirinn. Tá rialacha ríthábhachtach chun smacht, phoncúileacht agus struchtúr a thabhairt do dhaltaí ach is minic a bhíonn múinteoirí gafa leo. Bíonn siad ag faire amach go géar le haghaidh daltaí ag briseadh na rialacha. Is minic a chruthaíonn sé seo teannas agus drochatmaisféar idir múinteoir agus scoláirí. Tá flúirse Dé na rialacha seo seafóideach, amaideach agus seanfhaiseanta, dar liom! Ní bhíonn an deis ag daltaí a bhféinúileacht a léiriú de bharr na rialacha seo. Níl céad ag daltaí fáinní sróin a chaitheamh, gruaig ildaite a bheith orthu nó smidiú a chaitheamh. Níl aon chead ag buachaillí fáinní cluasa a chaitheamh ach oiread - rud a léiríonn an mícothromaíocht inscine a bhaineann leis an gcóras oideachais!
     Gné amháin de rialacha scoile ná obair bhaile scoile. I mbeagnach gach gach ábhair tugtar idir tríocha nóiméad agus aon uair an chloig d’obair bhaile do dhaltaí meánscoile. Cuirtear rialacha diaine i bhfeidhm dá mba rue é nach gcríochnaíonn daltaí a n-obair bhaile ar chaighdeán ard inghlactha. Ceann de na pianóis is géire ná coinnéail. Is léir do dall gur seafóid amach is amach é an córas coinneála. Is cur amú ama é, amach is amach! Tá ar dhaltaí fanacht i sheomra ar feadh tréimhse ama gan faic ná fríde le déanamh! Ní ciall ná réasún leis! Dá mbeinn i mo phríomhoide, chuirfinn píonóis níos éifeachtaí i bhfeidhm ar nós glanadh na scoile nó obair bhaile breise.
    Creid nó ná creid, tá easpa áiseanna oiriúnacha i scoileanna timpeall na tíre seo. I roinnt scoileanna bíonn easpa spás do ranganna agus easpa múinteoirí chun na ranganna seo a mhúineadh. Bíonn na daltaí ina suí i ranganna atá chomh pacáilte le scardáin i mbairille! Níl aon ionadh ann nach bhfaigheann na daltaí seo oideachas cuí. Tá easpa maoinithe i gceist i roinnt scoileanna a chinntíonn go bhfuil easpa seirbhísí breise ann. Tá sé mícothrom nach bhfaigheann roinnt daltaí seirbhísí breise mar leabharlann dá bharr an easpa maoinithe seo. Bíonn formhór de na scoileanna seo míoiriúnach do dhaltaí faoi míchumas chomh maith. Bíonn hallaí róchúng, seomraí ró-phlódaithe agus is minic nach mbíonn aon ardaitheoir nó rampaí sábháilte iontu. Tá an milleán iomlán ar an rialtas, dar liom. Níl a dhóthain airgid ann chun riachtaais gach scoil a shásamh agus tá roinnt scoileanna ann ag snámh in aghaidh easa dá bhárr. Ní hamháin sin, ach is minic go mbíonn go leor fadhbanna costasacha sna scoileanna seo, mar shampla, fadhbanna le silte, ballaí taise agus córas teasa seanfhaiseanta. Cuireann na fadhbanna seo brú ar mhúinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí ó thaobh airgid agus foghlama de.
        An bhfuil réiteach ar na fadhbanna sa chóras oideachas sa lá atá inniu ann? Buíochas le Dia, tá cursaí ag athrú chun na maitheasa le cúpla bliain anuas. Tugadh isteach Teastas Sóisearach nua sa Bhéarla. Leagtar béim ollmhór ar scileanna nua óráide, cumarsáide agus tionscadal sa chóras nua. De réir suirbhé le déanaí, tháinig feabhas deich faoin gcéad ar ghráid daltaí sa Bhéarla anuraidh. Dar leis an Aire Oideachas, Richard Bruton, feabhsóidh an córas nua seo todhchaí na ndaltaí. Creidim go láidir gur chéim chun feabhais é an t-athrú seo ach Tá géarghá le tuilleadh athruithe a dhéanamh sa todhcaí. Tá ceannaireacht, tuiscint agus treoir riachtanach chun na spriocanna agus na haidhmeanna seo a bhaint amach. Deir mo sheanathair liom i gcónaí gur “dé réir a chéile a thógtar an caisleáin”. Ní réiteófar na fadhbanna seo thar oíche ach cinnte tá comhoibriú de dhíth chun leasaithe fiúntacha a dhéanamh do dhaltaí amach anseo.

        Mar fhocail scoir, is léir go bhfuil an chuid fadhbanna sa córas oideachas in Éirinn. Tá sé ríshoiléir nach dtugann an córas oideachas ullmhúchán ceart dúinn don saol mór agus tá dul chun cinn mór le déanamh fós. Tá seanfhocal ann a deir gur “fearr déanach ná choíche. Le cúnamh Dé, tiocfaidh na athruithe seo ar an bhfód go gairid amach seo sa todhchaí.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)