An Choiriúlacht - Fadhb Mhór Ár Linne (Hope Ross)

Is éard atá i gceist le coiriúlacht eagraithe ná grúpaí áitiúla náisiúnta nó idirnáisiúnta a ghlacann páirt i bhfiontar cóiriúil i gcomhair brábúis. D’fhéadfadh cúrsaí polaitíochta nó airgeadais amháin a bheith mar chúis leis an gcoiriúlacht seo. Tá an-chuid saghsanna grúpaí coiriúlachta eagraithe ar nós an Mafia, gnóthaí éillithe nó dronga coirpeach. Coiriúlacht gan srian a bhíonn á dhéanamh ag na grúpaí seo, ar nós dúnmharú gan trua gan taise. Is coirpigh phroifisiúnta iad na grúpaí seo. Is léir dom go bhfuil an fhadhb seo thar taomadh. Tá na grúpaí coiriúlachta ag teacht i réim toisc go ndeirtear nach neart go cur le chéile. Freisin, tá na hoifigigh éillitheacha ag déanamh neamhaird ar an bhfadhb seo toisc gur craosairí amach is amach iad agus glacann siad le breabanna. Ní féidir a shéanadh ach gur scéal millteanach é seo. Déantar sceilpín gabhair de na híospartaigh neamhchiontacha a bhfuil tionchar ag an gcoiriúlacht orthu.
Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt chun a fheiceáil go bhfuil an tír seo ag cur thar maoil le drugaí. Bíonn réimse fairsing daoine a bhaineann leas as drugaí, idir andúiligh agus daoine óga a mealltar i dtreo saol rúndiamharach na ndrugaí nuair a thagann an crú ar an tairne. É sin ráite, bíonn éifeacht na ndrugaí mar an gcéanna ar an saol mór. D’fhéadfadh drugaí dochair dáiríre a dhéanamh don sláinte. Faraor, is í fírinne an scéil ná go bhfuil drugaí le fáil go furasta. Thiontódh sé do ghoile, an t-uafás drugaí támhshuanacha atá ar fáil go rábach in Éirinn. Le déanaí, gabhadh seilbh ar luach €3,000 de chócaon i mBaile Átha Cliath. Ní mór dúinn bheith san airdeall faoin eipidéim seo, agus daoine óga a chur ar an eolas faoi éifeachtaí na ndrugaí sula gcasann siad go dtí na drugaí seo chun éalú ó bhrú an tsaoil, nó mar bheart in am na héigne. Is minic a bhaineann mangairí drugaí earraíocht as daoine óga agus soineanta. Sprionlóirí amach is amach is ea iad na daoine seo, atá ag lord airgid dona chéad steall eile. Tá siad cráite go hiomlán ag an gcoiriúlacht. Is iomaí coir eile a eascraíonn ó andúil drugaí. Go minic, téann andúiligh i muinín na gadaíochta chun airgead a fháil do dhrugaí. Goideann siad airgead ó dhaoine atá ag cur allais na gcnámh ina gcuid oibre, tá sé go huile is go hiomlán éagórach. Tá cáil na tíre seo i dtreis ó thaobh na coiriúlachta de, agus caithfimid athrú chun feabhais a dhéanamh.
I gcomhthéacs an lae inniu, cloistear a lán cainte faoi choiriúlacht an bhóna bháin. Tráth dá raibh, bheadh comhlachtaí iontaofa ach anois bíonn feidhmeannaigh santach ar mhaoin. Cuireann siad an dallamullóg ar dhaoine neamhurchóideacha. Is coir an-chomónta í calaois, go háirithe calaois idirlíne, san aimsir seo. Is léir go bhfuil an chibearchoireacht ag ardú ar an taoide, agus tá maithe agus móruaisle na tíre ag ceistiú an bhfuil an idirlíon tairbheach don sochaí, nó an bhfuil drochtionchar aige ar rithim laethúil an tsaoil. Is oth liom a rá go dtarlaíonn an saghas calaoise seo lá i ndiaidh lae, i bhfoirm camscéimeanna ríomhphost, brádaíl aitheantais, calaois creidmheasa agus níos mó. Caithfear a bheith feasach ar na camscéimeanna seo ionas nach mbuaileann na comhlachtaí bob orainn, mar níl ar a n-intinn acu ach airgead bog a ghnóthú. D’fhulaing miondíoltóir Éireannach caolaois creidmheasa ar na mallaibh. Rinne na caimiléirí iarracht sceamáil a dhéanamh ar an gcomhlacht níos mó ná 172 n-uaire. Dá ndeachfadh na hinbhearta ar fad i gcrích, chaillfidís thart ar €16,000. Is scannal saolta é seo. Bhí luach €29.6 mhilliún ar chalaois creidmheasa in Éirinn i 2015, agus de réir dealramh, rinneadh 70% den chalaois sin ar líne. Tá na figiúirí seo ag fás níos gasta agus níos gasta. Mar bharr ar an donas, ní dhéantar monatóireacht ghéar ar ghníomhaíocht mhídhleathach ar líne. Tá na Gardaí ag imeacht bán ar an bhfadhb seo.

Tá an-chuid cúiseanna taobh thiar den choiriúlacht. Ó thaobh coiriúlacht an bhóna bháin de, bíonn saint mar phríomhchúis taobh thiar de na coireanna slítheanta a tharlaíonn faoi rún i gcomhlachtaí nó sa rialtas. Bíonn daoine cumhachta gafa le hairgead. Taibhsítear dom gur andúil é an t-airgead, i mbealach éigin. Ní ligeann na coirpigh seo do rud ar bith bac a chur orthu nuair atá airgead i gceist. Baineann bochtanas go mór leis an gcoiriúlacht chomh maith. I mo thuairim mheáite, níl an locht ar na coirpigh ar tógadh iad i teaghlaigh bhriste, nó i limistéir faoi míbhuntáiste. Is gnáth-rud í an choiriúlacht dóibh, agus níl taithí acu ar an ní eile toisc nach bhfaigheann siad an t-oideachas cuí. Bíonn an choiriúlacht mar shlí maireachtála dóibh. Cruthaíonn ár gcóras sóisialta timthriall bochtaineachta ina bhfanann na daoine seo, agus ní éalaíonn siad uaidh go minic. I gcás déagóirí in Éirinn, is dócha go bhfuil piarbhrú taobh thiar d’fhormhór na coiriúlachta. Spreagann cairde daoine óga iad chun botúin a dhéanamh. D’fhéadfadh éifeacht diúltach a bheith ag eachtra coiriúlachta ar a saol ar deireadh thiar thall. Freisin, bíonn tionchar ag drocheiseamláirí ar óige na tíre. Feictear réaltaí ceoil, teilifíse agus na meáin sóisialta gach uile lá, ag tógáil drugaí nó ag léiriú iompar inghlactha sa sochaí. Téann na daoine mór le rá seo i gcion ar dhaoine óga i ngan fhios dóibh féin.

Comments
Post a Comment