Aiste: Aoibhneas na Tíre Seo (Scríofa ag Rang Gearóid BL. 5)

 Aoibhneas na Tíre Seo


Éire - tír bheag bhídeach atá suite amach ó Mhór-Roinn na hEorpa. Tír a bhfuil daonra le cois cúig mhilliún ann. Is tír í seo a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain as an aoibhneas agus an áilleacht a bhaineann léi. Ní lia duine ná tuairim mar a deirtear agus is é mo thuairim phearsanta ná go bhfuil tuilleadh le fáil d’óg agus aosta i ngach cearn den tír iontach seo - stair, cultúr, spórt, teanga agus radharcanna atá thar insint scéil!


Ar an gcéad dul síos, tá stair fhada chasta ag an tír seo. Téann annála na staire chomh fada siar le haimsir na clochaoise. Má fheachaimid siar ar phár na staire, tá flúirse le foghlaim faoi mhóreachtraí cinniúnacha a tharla fadó agus faoi iarsmaí na staire inár dtimpeall. Is iomaí áis stairiúil atá le feiceáil i ngach contae agus sráidbhaile ar fud na tíre. Ní dabht ar bith ach go gcuirimid lenár n-eolas faoin gcultúr agus faoin oidhreacht tríd an stair atá mórthimpeall orainn. Ní gá ach féachaint ar Bhrú na Bóinne i gCo. na Mí, Sceilig Mhíchíl i gCo. Chiarraí agus Caisleán Rí Eoin i Luimneach chun blas a fháil ar an am atá thart sa tír sciamhach seo!


Ní féidir a shéanadh ach gur daoine fáiltiúla, cairdiúla, sóisialta agus cabhracha iad muintir na hÉireann. Tá cairdeas, spraoi agus craic mar chuid lárnach den phobal sa tír seo. Deirtear go minic go gcruthaíonn muintir na hÉireann atmaisféar pleisiúrtha do chuairteoirí. Cuirtear fáilte Uí Cheallaigh roimh gach duine anseo - inimircigh agus turasóirí go háirithe. Taitníonn an nasc agus an ceangal sa phobal le muintir na hÉireann. Tagann an pobal le chéile sa teach tabhairne le haghaidh caint, cómhrá agus craic! An raibh a fhios agat go bhfuil clú agus cáil ar lucht leanúna spóirt na hÉireann as an gcomhluadar atá eadrainn? Bhain lucht leanúna sacair na hÉireann clú agus cáil amach de bharr an spraoi a bhí acu sa Fhrainc ag na Euros cúpla bliain ó shin! Chomh maith leis sin, tá an íomha traidisiúnta steireitíopach Éireannach ag athrú. Ní duine le gruaig rua agus craiceann bán é an gnáth-Éireannach a thuilleadh. Tá cultúr ionchuimsitheach againn anois sa tír seo faoi láthair lán le héagsúlacht cultúrtha!


Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí gur “glas iad na cnoic i bhfad uainn”. Ní aontaím go hiomlán léi, áfach. Anseo in Éirinn, tá radharcanna áille agus tírdhreach nádúrtha ar leac an dorais. Mealltar turasóirí ó chian is ó chóngar chuig an tír álainn seo chun na radharcanna seo a fheiceáil. Tá clú agus cáil ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin idir Chiarraí agus Dún na nGall in iarthar na tíre. Ar an gcósta, baineann turasóirí taitneamh as na radharcanna nádúrtha, mar shampla, an Bhoireann, Caisleán Bhláirne, Sceilig Mhíchíl agus Aillte Mhóthair. Anuas air seo, tá áilleacht an fhiadhúlra thar insint scéil - na páirceanna glasa, na tránna órga, na sléibhte arda agus na huiscebhealaí glana. Is léir mar sin gur cuid lárnach den tionscail turasóireachta iad na radharcanna seo!


Creid é nó ná creid, tá clú agus cáil ar Éire mar gheall ar na himeachtaí atá ar fáil fud fad na tíre. Tá imeachtaí de gach sórt ar fáil don phobal amuigh faoin aer: iascaireacht, rothaíocht, bádóireacht, marcaíocht na dtonn agus siúlóidí coille. Gné lárnach de chultúr na hÉireann is ea an ceol freisin: ceol traidisiúnta, ceol beo sna tithe tabhairne agus féilte ceoil ar nós An Picnic Leictreach. Eagraítear fleánna agus féilte áitiúlta ar nós Aonach an Phoic timpeall na tíre chun an pobal a thabhairt le chéile. Chomh maith leis sin, tá clubanna Chumann Luthchleas Gael i ngach paróiste ar fud na tíre. Glacann idir óg agus aosta páirt sna cluichí iománaíochta, camógaíochta agus peile. Cruthaítear atmaisféar a fhanann le daoine go deo ag na hócáidí agus na himeachtaí seo!


Gné eile a chuireann aoibhneas ar mhuintir na tíre seo ná an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Is í an Ghaeilge teanga dúchais na tíre seo. Tá an Ghaeilge fite fuaite le stair, cultúr agus sinsear na tíre seo. Le roinnt blianta anuas, tá athnuachan, fás agus forbairt tar éis teacht ar labhairt na teangan ar fud na tíre. Bunaíodh na céadta Gaelscoileanna agus Gaelcholáiste i ngach contae sa tír. Tá na mílte daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair. Gach samhradh, freastlaíonn méid mhór daltaí ar choláistí samhraidh sna Gaeltachtaí i nGaillimh, Ciarraí, Port Láirge agus Dún na nGall. Faigheann daltaí blaiseadh dena canúintí agus den Ghaeilge beo ann! Mar a deirtear “Beatha teanga í a labhairt”. Chomh maith leis sin, tá lucht leanúna mór ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta sa lá atá inniu ann. Bíonn cláracha nuachta, ceoil, spóirt agus do pháistí ar siúl orthu lá i ndiaidh lae. Chuile bliain sa tír seo, eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn Seachtain na Gaeilge - Gaeilge 24, díospóireachtaí, céilithe agus ciorcail chómhrá. Ní teanga seanfhaiseanta í an Ghaeilge a thuilleadh ach teanga nua-aimseartha agus beo! 


Mar fhocal scoir, is léir ón méid atá pléite agam gur párthas ar an saol í an tír sciamhach agus draíochtúil seo. Is tír í atá báite le stair, cultúr, traidisiúin, nósanna agus oidhreacht atá éagsúil ó aon tír eile ar domhan. Ar an iomlán, is iad an spiorad, an beocht agus an fháilte a chuirtear roimh chách agus atá fite fuaite inár saol laethúil na gnéithe is tábhachtaí a nascann an pobal Éireannach le chéile!

Comments

  1. Dia duit, is mise NIRA SHALOM, táim amuigh anseo chun an dea-scéal seo a scaipeadh ar an domhan ar fad maidir le conas a fuair mé mo iar-ghrá ar ais. Bhí mé ag dul ar mire nuair a d’fhág mo ghrá dom cailín eile an mhí seo caite, Ach nuair a bhuailim le cara a chuireann Baba Wale da Wiseman an teachtaire mór in aithne dom, d’inis mé mo fhadhb do Baba Wale faoi mar a d’fhág mo iar-ghrá mé agus freisin. conas a bhí orm post a fháil i gcuideachta an-mhór. Ní dúirt sé liom ach go bhfuil mé tagtha go dtí an áit cheart áit a mbeidh mé ag fáil dúil mo chroí gan aon fo-iarmhairtí. Dúirt sé liom cad is gá dom a dhéanamh, Tar éis é a bheith déanta, Sna 2 lá ina dhiaidh sin, ghlaoigh mo ghrá orm ar an bhfón agus bhí sé ag rá leithscéal as cónaí orm roimh seo agus freisin sa chéad seachtain amháin tar éis do mo ghrá glaoch orm. a bheith ag pléadáil le haghaidh maithiúnais, glaodh orm chun agallaimh i mo chuideachta inmhianaithe dá mba ghá dom a bheith ag obair mar mhaoirseoir. Táim chomh sásta agus chomh mór sin go gcaithfidh mé é seo a insint don domhan ar fad faoin gcaoi a gcuidíonn Baba Wale liom mian mo chroí a dheonú. Is speisialtóir é Baba Wale ar gach cineál geasa agus dea-draíochta. Má theastaíonn uait aon chineál teagmhálaithe cabhrach, Baba Wale, ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: babawalewiseman01@gmail.com Whatsapp: +12544131991 Go raibh maith agat níos déanaí

    ReplyDelete
  2. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)