Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)

Is annamh a chloistear scéal faoin mbochtaineacht in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní chiallaíonn sé sin nach dtarlaíonn an fhadhb seo lá i ndiaidh lae, áfach. Níos minice ná a mhalairt, bíonn ar dhaoine Éireannacha a dtithe a fhágáil agus an oíche a chaitheamh ar na sráideanna. Is léir don dall gur fadhb mhór í an easpa dídine sa tír seo. Ní dóigh liom go bhfuil réiteach simplí ann. Is ag dul in olcas atá an fhadhb seo agus caithfimid cabhrú le daoine gan dídean in am an ghátair.


Cuirtear ceisteanna go forleathan faoina cúiseanna taobh thiar d’easpa dídine in Éirinn. Tarlaíonn an bhochtaineacht mar thoradh ar mheascán de cúiseanna: cliseadh teaghlaigh, géarchéimeanna airgeadais, fadhbanna alcóil nó drugaí agus scaoileadh ó fhorais. I mí Eanáir 2017, bhí níos mó ná 2100 teaghlach gan dídean agus ag lorg tacaíochta ón íocaíocht Cúnaimh Tithíochta. Nochtann na firicí seo go bhfuil costas ró-ard á ghearradh i gcomhair tithíocht in Éirinn. Cuireann sé uafás orm a chloisteáil faoi theaghlaigh a chodlaíonn ar na sráideanna toisc nach bhfuil a dhóthain airgid acu le haghaidh lóistín. Is minic a fheicimid daoine ar na sráideanna mar thoradh ar mhí-úsáid substaintí. Caithfear a bheith macánta faoina fadhbanna seo agus a admháil go bhfuil sé ag éirí níos measa bliain i ndiaidh bliana. Bíonn drugaí agus alcól in ann saol an duine a loiteadh i dtréimhse gearr. Is é bochtanais ceann de na iarmhairtí is imníche a bhaineann leis an bhfadhb seo. Measaim féin go bhfuil sciúrse na ndrugaí agus an alcóil ag crá agus ag creimeadh na tíre seo píosa ar phíosa.

Feictear daoine i ngreim ag an mbochtaineacht go laethúil. Iad fágtha ar an trá folamh gan phingin rua ina bpócaí. Teach beag cairtchláir déanta acu i bpóirse oifige. Tugann tú faoi deara iad le seanbhlaincéad á gclúdach ó fhuacht nimhneach na hoíche. Ina measc bíonn fir, mná, páistí agus seandaoine. Iad ar an ngannchuid agus easpa roghanna acu sa riocht ina bhfuil siad. De réir dealraimh, taifeadadh 184 duine a chodlaíonn ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath idir 7-8 Samhain 2017. Cuireann an staitistic seo brón orm toisc go bhfuil an méid sin daoine ar an anás. Is daoine iad a bhfuil dearmad glan déanta orthu ag ceannairí na tíre seo. Tá na créatúr seo i gcruachás ollmhór agus gan dídean ar bith. Feictear iad ina málaí codlata préachta leis an bhfuacht. Caithfidh siad na oícheanta dubha, doicheallacha an gheimhreadh a sheasamh gan aon duine ina gcúram. I mo thuairim, níl aon ghá milleán a chur orthu. Ag deireadh an lae, is íobartaigh bochta iad atá ag fulaingt.

Tá a fhios ag madraí na sráide go bhfuil caighdeán na tithíochta in Éirinn ar dhroch-chaighdeán. Is eol do chách go bhfuil tiarnaí talún gafa le brábús agus airgead ar fud na tíre. Bíonn saoránaigh faoi bhrú damanta chun morgáistí ollmhóra agus cíos ard a íoc. In ainneoin Ré an Tíogair Cheiltigh, bhí roinnt  Éireannach, teaghlaigh ina measc, buailte ag an mbochtaineacht. Ní raibh an cumas acu na hiasachtaí a íoc ar ais. Creidtear go forleathan go bhfuil daoine ag baint na gcnoc ag lorg lóistín cuí sa lá atá inniu ann. Fiú na daoine a oibríonn ó dhubh go dubh, ní bhíonn acu ach ón lámh go dtí an béal. Is dushlán do-ghlactha do dhaoine é íoc as gach bille agus cáin faoin spéir agus a bheith in ann costais tithíochta a íoc chomh maith. Is ag magadh fúinn atá an Rialtas, dar liom féin leis an “pá maireachtála” a ghearrtar orainn. Cuirtear brú dochreidte orainn costaisí a íoc ach cá bhfuil an chabhair nuair atáimid i ngalar na gcás? An mbíonn lámh chúnta ar fáil dúinn nuair atáimid ag streachailt le cruatan an tsaoil? Tá sé ríshoiléir dom go bhfuil cúrsaí imithe chun donais. Gan dabht, tá rialtas againn santach ar mhaoin agus ag loiteadh saoil na ndaoine. Éiríonn go geal leis an gcóras forbraíochtaí tithíochta a thosnú ach teiptear air na tithe sin a líonadh. Ní bhíonn ach scáileastáit fholmha mar thoradh air seo. Níl na costaisí lóistín réalaíoch faoi láthair agus tá éileamh thar cuimse ann do dhídean dá bharr. Is iad na polaiteoirí neamhscrupallacha atá ag cur saoránaigh i sáinn na bochtaineachta. Tá líon na ndaoine ag lorg deirce agus ag dul go dtithe súip ag méadú gach lá. Is léir go bhfuil ceist na tithíochta in Éirinn ina praiseach ar fud na mias.

Níl aon amhras i m’aigne go bhfuil athrú mór riachtanach chun an fhadhb seo a réiteach. Dar liom, tá feachtas in éadan na bochtaineachta ag teastáil go géar. I láthair na huaire, tá an daoine ar na sráideanna ar an dé deiridh. Tréigtear iad ag an sochaí agus ag polaiteoirí na tíre. Tá siad ag titim faoi líne na bochtaineachta agus ag brath ar chúnaimh ón stáit. Is léir go bhfuil sé thar am plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Creidim gur céim mhór chun tosaigh iad na heagraíochtaí catharnacha chun dul i ngleic le bochtaineacht in Éirinn. Tá an poitéinsúil ag na heagraíochtaí seo feachtas a mhúscailt faoin bhfadhb agus airgead a bhailiú. Anuas air sin, tá sé mar fhreagracht ar an Rialtas leigheasanna ar na fadhbanna a chur ar fáil. Measaim féin, dá nathrófaí an córas, thiocfadh laghdú ar an méid daoine ag sreachailt leis an dianbhochtaineacht sa tír seo. Tá cúrsaí ina cíorthuathail faoi láthair agus tá an cumhacht ag an Rialtas chun rudaí a fheabhsú. Is féidir leo tosú le teorainn a chur ar rátaí cíosa. Má thagann laghdú ar costaisí lóistín, bheadh i bhfad níos lú daoine i bponc ag teacht ar áit chónaithe. Thiocfadh buntáistí ó níos mó tearmann a chur ar fáil do dhaoine gan dídean freisin. Chabhródh sé go mór leis na híobartaigh beo bochta sa tír. Is fadhb thragóideach í an bhochtaineacht ach sílim go mbeimid in ann é a réiteach de réir a chéile. 


Mar fhocal scoir, fulaingíonn an iomarca daoine in Éirinn mar gheall ar an mbochtaineacht. Tréigeadh mórchuid daoine iad in am a ghátair agus níl cabhair ar bith ar fáil dóibh. Is iad mí-úsáid substaintí, scaoileadh ó fhorais agus costaisí arda tithíochta na fréamhacha taobh thiar den fhadhb cinnte. Is léir nach bhfuil na polaiteoirí santacha chun an éagothroime seo a chur ina ceart. Mar sin, tá tábhacht mhór i gceist le plean gníomhaíochta a cur i bhfeidhm mar shochaí. Creidim go dtiocfaidh feabhas mór ar an bhfadhb le cabhair ón eagraíochtaí rialtais agus óna eagraíochtaí catharnacha. Ní cheapaim go bhfuil aon réiteach simplí ann, ach, thar thréimhse ama, tá seans go mbeimid in ann cúrsaí a athrú. Mar a deireann an seanfhocal, “Ní neart go cur le chéile”.

Comments

  1. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  2. ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil sé seo fíor i ndáiríre Ní chreidim go bhfuil leigheas ar an hsv 2 seo toisc gur inis an t-ospidéal go léir nach bhfuil aon leigheas air, cúpla mí ó shin chonaic mé an fear seo ríomhphost DR..OBODO ar an idirlíon ó sciar fianaise ag duine a chuidíonn leis lena leigheas luibhe Déanaim teagmháil lena r-phost agus iarraim a chuid cabhrach freisin. Ní féidir liom a chreidiúint nuair a théim chun tástáil go dtiocfaidh mo thoradh amach diúltach agus go bhfuilim chomh sásta sin a roinnt leis an domhan ina bhfuil leigheas ceart ar deir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le DR..OBODO trína ríomhphost anois templeofanswer@hotmail .co .uk
     agus freisin WhatsApp air + (234) 8155 42548-1

    ReplyDelete
  3. Táim an-sásta mo thaithí a roinnt anseo, is é Brenda an t-ainm atá orm agus bhí mé pósta go sona sásta. Go dtí go ndúirt mo fhear céile go raibh mé ag caimiléireacht air, ansin thángamar ar bheirt lánúineacha, ní raibh sé in ann a chreidiúint, ní raibh muinín agam as mo chuid focal mar sin chomhdaigh muid le haghaidh colscartha. Rinne mé iarracht bogadh ar aghaidh ar feadh i bhfad, ach ní raibh mé in ann fanacht gan é, agus mar sin thosaigh mé ag iarraidh mo fhear céile a fháil ar ais, agus ansin cuireadh mé chuig an Dr. Is fear mór a tháinig mé, chaith sé seal grá agus d'fhill sé ar mo fhear céile laistigh de 24Hours. leis seo, táim anseo chun teagmháil an Dr. IZOYA a roinnt, a shroicheadh air trí drizayaomosolution@gmail.com. Is cinnte go bhfuil sé cumhachtach agus go bhfuil sé ag plé leis na nithe seo a leanas ...
    (1) Séasúir ghrá de gach cineál (2) Scagadh ar stad (3) Deireadh a chur le neamhshuim. (4) Cabhair Spioradálta a bheith de dhíth ort.

    ReplyDelete
  4. Bytefence Anti Malware Crack Such a nice and helpful piece of information. I’m so happy that you shared this helpful information with us. Please keep us up to date like this. Thanks for sharing. Visit My site

    ReplyDelete
  5. Woah! This site's template/theme appeals to me much.
    It's straightforward, yet it's effective. Getting the "perfect balance" might be difficult at times.
    between excellent usability and aesthetics, I think you did a fantastic job on this.
    Furthermore, the blog is quite rapid to load.
    I'm using Firefox. Fantastic website!
    du meter crack
    adobe after effects cc crack
    fl studio crack
    acronis true image crack

    ReplyDelete
  6. This is really beneficial software for both you and me.
    No errors were detected during the audit.
    It's something you can take advantage of. I hope you find it nice.
    ashampoo video converter crack
    wise duplicate finder pro crack
    secure eraser professional crack
    stardock windowblinds crack download

    ReplyDelete
  7. I am very thankful for the effort put on by you, to help us, Thank you so much for the post it is very helpful, keep posting such type of Article.
    Macrium Reflect Crack
    Call of Duty: Modern Warfare
    DBSchema Crack

    ReplyDelete
  8. Here at Karanpccrack, you will get all your favourite software. Our site has a collection of useful software. That will help for your, Visite here and get all your favourite and useful software free.
    AnyDesk Premium Crack

    ReplyDelete
  9. I am very impressed with your post because this post is very beneficial for me and provide a new knowledge to me. this blog has detailed information, its much more to learn from your blog post.I would like to thank you for the effort you put into writing this page.
    I also hope that you will be able to check the same high-quality content later.Good work with the hard work you have done I appreciate your work thanks for sharing it. It Is very Wounder Full Post.This article is very helpful, I wondered about this amazing article.. This is very informative.
    “you are doing a great job, and give us up to dated information”.
    studioline web designer crack/
    studioline photo classic crack/
    trustviewer crack/
    explorermax crack/
    coolutils total audio converter crack/

    ReplyDelete
  10. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)