An Bhochtaineacht in Éirinn (Jodie Devaney) Bliain 6 Rang Phádraig


An Bhochtaineacht in Éirinn 
Le Jodie Devaney, Bliain 6

Ceann d’fhadhbanna casta na linne seo is ea an scéal faoin mbochtaineacht in Éirinn. In ainneoin an chúlú eacnamaíochta a bhí sa tír seo, tá Éire fós i measc na dtíortha is saibhre ar domhan. Is minic é maíte ag na húdaráis agus na polaiteoirí go bhfuilimid go hiontach maidir le hinfheisteoirí dhíreach eachtrach a mhealladh. I dtír den chineál sin cén fáth a bhfuil fadhb bochtaineachta fós againn? Cén fáth a bhfuil fós líon mór daoine gan dídean? Cén fáth go bhfuil carthanachtaí cosúil le Cumann Naomh Uinseann de Phól luite amach orthu féin agus ag streachailt chun cabhair a thabhairt dóibh siúd i ngalar na gcás?

Ní gá dúinn ach éisteacht le ceannlínte na nuachta lá ar bith agus cloisfimid tagairt éigin don cheist seo. Tá fhios ag madraí an bhaile gurb í an chúis is mó leis an ngéarchéim tithíochta nach bhfuil an soláthar in ann freastal ar an éileamh. Is léir ó seo nach bhfuil forbróirí, úinéirí talún nó tógálaithe sásta an soláthar a chur ar fáil go dtí go ndéanfaidh siad brábús ollmhór. Fiú má ghlacann tú leis an míniú sin, an leor an leithscéal é nuair atá na céadta duine ina gcoladh ar na sráideanna oíche i ndiaidh oíche?

Anuas air sin, agus mé ag féachaint ar an nuacht aréir, d’fhoghlaim mé faoi shaol tragóideach na daoine atá fágtha ar an trá folamh. Feiceann tú iad, go háirithe i bpóirsí dorcha agus cuma na hainnise orthu. Iad i measc doicheallacha an gheimhridh, craptha ina gcótaí móra. Na daoine gan dídean tréigthe ag an tsochaí. Seo iad na neacha a bhfuil dearmad déanta ag ceannairí agus lucht saothair na tíre seo ar. Iad gan cumhacht polaitiúil. Iad gan duine ina gcúram. Iarsmaí na tíre seo. Agus is ag méadú atá líon na ndaoine seo gan dídean i gcónaí. Is oth liom a rá gur taifeadadh aon chéad is a ochtó ceathar duine ina gcodladh ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath mí na Samhna 2017.

Is beag seachtain nach gcloistear tagairt éigin do scéal ar an nuacht faoi fadhb na ndrugaí agus an tionchar a bíonn aige ar saol na sráide. Is minic a chloistear an scéal seo faoi dhroch-impleachtaí drugaí agus droch-chomhluadair. Is iad na hábhair seo an chúis go dtiteann gnáthdaoine amach as an gcóras. Fágtar daoine i riochtanna cearta, tréighte ag a gclann agus fágtha ar thaobh na sráide. Bíonn na daoine i ndeireadh na feide ag lorg an chéad steall eile. Is bóthar dáinséarach iad drugaí a fhágann daoine i dtithe beag cairtclár ag deireadh an lae. Mar is eol dúinn go léir tá cúiseanna éagsúla leis an bhfadhb seo. Ina measc tá na ghnáthfhadhbanna ar nós brú na hoibre, brú chlainne nó brú airgeadais. Níl aon réiteach simplí ar an scéal ach measaim go cabhródh an Roinn Oideachas go mór dá gcurifí níos mó eolais ar fáil do dhaoine óga faoin gcabhair gur féidir leo a lorg i gcrúachás. Is cosúil go bhfuil an Rialtas beag beann ar an scéal, áfach.

Chomh maith le fadhb na ndrugaí cuireann fadhb an óil go mór leis an mbochtanaicht sa tír seo. Is é an droch-chomhluadar an chúis is mó taobh thiar d’fhadhb an óil chomh maith áfach. Tá nasc láidir idir dhrochfhadhb an óil agus géarchéim na ndrugaí gan dabht. Músclaíonn sé sochaí dháshraitheach agus bóthar dáinséarach don chuid eile den saol. Cuir i gcás an fear óg Seosamh a raibh scéal faoi ar an nuachtán áitiúil le déanaí. É tréigthe ag a chlann agus chairde de bharr an cumhacht a bhí ag droch-chomhluadar air. Tamaill caite aige i gceann de na hinstitiúidí teicneolaíochta sular thit sé amach as an gcóras. Alcól ba chúis leis a deir sé. Buachaill dathúil é a íslíonn a shúile nuair a fhéachann aon duine air agus a fhéachann sa treo eile nuair a labhraítear leis. Náire an domhain air a bheith sa riocht ina bhfuil sé. É i ndeireadh na feide ar fad, an fear bocht.

Is é mo thuairim go bhfuil meascán de chúiseanna le fadhb chasta an bhochtanais. Níl amhras ar bith ach go bhfuil baint ag easpa deiseanna agus easpa fostaíochta sa tír leis na heipidéim dhifriúla. Tá na fadhbanna seo ag dul in olcas de bharr tiarnaí talún santacha. An cloch is mó ar a bpaidrín ná an brabús a thuilleann siad ó sheomraí a ligean ar rátaí cíosa scanallacha. Is ar nós go bhfuil an Rialtas beag bann ar an scéal freisin.

Faoi mar atá luaite agam cheana, níl aon réiteach simplí ar an bhfadhb seo. Ní mór don Rialtas plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm agus airgead a infheistiú i dtithíocht inacmhainne chun an fhadhb seo a réiteach. Ba chóir tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil. Ní mór grúpaí oibre a bhunú chun an dul i ngleic leis an bhfadhb agus ionadaíocht a chur ar fáil do dhaoine ar an imeall. Níl guth acu faoi láthair.  Anuas ar sin ba cheart clinicí drugaí a oscailt le banaltraí agus siceolaithe proifisiúnta iontu chun lámh cúnta a thabhairt d’aindiúlaigh ar na sráideanna. Freisin, tá sé de dhualgas ar an Roinn Tithíochta feasacht a mhúscailt faoin mbochtaineacht. Níl leithscéal ar bith acu leis na meáin atá á úsáid lá i ndiaidh lae ag beagnach gach duine óg timpeall na tíre. Ní mór den Roinn Oideachas suim agus eolas a scaipeadh i scoileanna na tíre faoi fhadhb an bhochtanais. Ní féidir a shéanadh go bhfuil na meáin shóisialta faoi bhláth timpeall na tíre agus ba chóir go dtapófaí an deis chun fógraíocht agus eolas a chur ar fáil don phobal faoin mbochtaineacht.

Is mór an chúis sástachta é dúinn mar sin nuair a fheictear ar an nuacht clinicí úrnua á oscailt do dhaoine bochta chomh maith. Ba chóir don Rialtas tuilleadh seirbhisí éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá i ndeireadh na feide. Faoi mar a luaigh mé cheana, níl ach tearmann á lorg acu. Áit a chloistear a nguth. Tuar dóchais is ea an scéal seo anois.

Ar deireadh thiar thall, is fadhb chasta chompléacsach í fadhb na bochtaineachta. Ní neart go cur le chéile chun an fadhb seo a réiteach, dar liom. Ábhar suntasach is ea é seo. Tá sé thar am againn tabhairt faoin gceist chrua seo agus ba cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun é a réiteach. Ní mór dúinn go léir tuiscint a bheith againn ar na deacrachtaí atá ag na saoránaigh tréigthe seo agus iad ar an ngannchuid.

Comments

  1. Is mise Gráinne Mc Elwain i gCluain Dolcáin ach táim ag bogadh go Londain le mo fhear céile agus mé gortaithe agus croíbhriste nuair a tháinig fadhb mhór chun cinn i mo phósadh seacht mí ó shin, idir mise agus mo fhear céile. chuir sé an cás chun na cúirte le haghaidh colscaradh. Dúirt sé nár theastaigh uaidh fanacht liom arís, agus ní raibh grá agam dom a thuilleadh. Mar sin pacáil sé amach as an teach agus chuir sé orm féin agus mo pháistí dul trí phianta tromchúiseacha. Rinne mé mo chuid deiseanna ar fad chun é a thabhairt ar ais tar éis go leor déirce, ach bhí gach rud míshásta agus dheimhnigh sé go ndearna sé a chinneadh agus níor theastaigh uaim é a fheiceáil arís. Mar sin, tráthnóna amháin, nuair a tháinig mé ar ais ón obair, bhuail mé le seanchara liom a chuir ceist orm faoi mo fhear céile. Mar sin mhínigh mé gach rud dó, agus mar sin dúirt sé liom gurb é an t-aon bhealach ar féidir liom mo fhear céile a fháil ar ais ná cuairt a thabhairt ar theilgean litrithe darb ainm DrIgbinovia, toisc gur oibrigh sé dó freisin. Mar sin níor chreid mé i litriú riamh, ach ní raibh aon rogha agam ach a chomhairle a leanúint. Ansin thug sé dom an seoladh ríomhphoist doctorigbinovia93@gmail.com den chaip litrithe a thug sé cuairt air. Mar sin an mhaidin dár gcionn chuir mé ríomhphost chuig an seoladh a thug sé dom, agus dhearbhaigh na riachtanais litrithe dom go bhfaighidh mé mo fhear céile ar ais an dá lá. Ráiteas iontach !! Níor smaoinigh mé riamh agus labhair sé liom agus dúirt sé liom gach rud is gá dom a dhéanamh. Ansin an mhaidin dár gcionn, mar sin ionadh, d'iarr mo fhear céile nár ghlaoigh orm an 7 mí seo caite mé a fhógairt go raibh sé ag teacht ar ais. Cé chomh hiontach! Mar sin bhí sé mar sin tháinig sé ar ais an lá céanna, le go leor grá agus áthais, agus ghabh sé leithscéal as a dhearmad agus as an bpian a chuir sé orm agus ag ár bpáistí. Ón lá sin i leith, bhí ár gcaidreamh níos láidre anois ná mar a bhí sé cheana, le cabhair DrIgbinovia Mar sin rachaidh mé i gcomhairle leat má bhíonn aon fhadhb agat teagmháil a dhéanamh leis. glaoigh air nó cuir leis é ar Whats-app: +2348144480786 a bhuíochas mór do Drigbinovia ..!

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  3. Dia duit, is mise NIRA SHALOM, táim amuigh anseo chun an dea-scéal seo a scaipeadh ar an domhan ar fad maidir le conas a fuair mé mo iar-ghrá ar ais. Bhí mé ag dul ar mire nuair a d’fhág mo ghrá dom cailín eile an mhí seo caite, Ach nuair a bhuailim le cara a chuireann Baba Wale da Wiseman an teachtaire mór in aithne dom, d’inis mé mo fhadhb do Baba Wale faoi mar a d’fhág mo iar-ghrá mé agus freisin. conas a bhí orm post a fháil i gcuideachta an-mhór. Ní dúirt sé liom ach go bhfuil mé tagtha go dtí an áit cheart áit a mbeidh mé ag fáil dúil mo chroí gan aon fo-iarmhairtí. Dúirt sé liom cad is gá dom a dhéanamh, Tar éis é a bheith déanta, Sna 2 lá ina dhiaidh sin, ghlaoigh mo ghrá orm ar an bhfón agus bhí sé ag rá leithscéal as cónaí orm roimh seo agus freisin sa chéad seachtain amháin tar éis do mo ghrá glaoch orm. a bheith ag pléadáil le haghaidh maithiúnais, glaodh orm chun agallaimh i mo chuideachta inmhianaithe dá mba ghá dom a bheith ag obair mar mhaoirseoir. Táim chomh sásta agus chomh mór sin go gcaithfidh mé é seo a insint don domhan ar fad faoin gcaoi a gcuidíonn Baba Wale liom mian mo chroí a dheonú. Is speisialtóir é Baba Wale ar gach cineál geasa agus dea-draíochta. Má theastaíonn uait aon chineál teagmhálaithe cabhrach, Baba Wale, ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: babawalewiseman01@gmail.com Whatsapp: +12544131991 Go raibh maith agat níos déanaí

    ReplyDelete
  4. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)