Córas Oideachais na Tíre Seo (Becky Ní Thuathail, Bliain 5)

Chuile uair a chasaim cnapáin na teilifíse ar siúl cloistear scéal éigin faoi fhadhbanna an córas oideachais sa tír seo. A luaithe agus a chonaic mé teidéal na haiste seo i dtosach chuir sé ag smaoineamh mé. Níl aon amhras ach gur córas mí-oiriúnach agus as dáta é. Níos minice ná a mhalairt bíonn scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag cur is ag cúiteamh faoin ábhar seo. I mo thuairim phearsanta, is córas easnamhach é córas oideachas na hÉireann agus tá feabhas, athrú agus forbairt air ag teastáil láithreach bonn. Ar an gcéad dul síos, níl dabht ar bith i m’aigne ach go bhfuil leasú ag teastáil ar na hábhair sa chóras oideachas. Tá béim i bhfad níos mó á gcur ar ábhair acadúla ar nós an Bhéarla agus an Ghaeilge seachas ar ábhair phraicticúla cosúil leis an gcorpoideachas. Níl aon amhras ann go maraíonn sé seo cruthaitheacht agus indibhidiúlacht an dalta lá i ndiaidh lae. I láthair na huaire cuirtear strus agus brú ollmhór ar dh...