Géibheann (le Caitlín Maude): Nótaí Dhul Siar

Géibheann (Caitlín Maude)
TÉAMAÍ:
saoirse
daoirse
nádúr
cumhacht an nádúir
dínit 
easpa dínite
an timpeallacht

PRÍOMHSMAOINTE/SCÉAL AN DÁIN:
  • Véarsa a haon: leon ceannasach, ina áit dúchais, lán le bród, fuinneamh, eagla ar ainmhithe eile roimhe, rí na foraoise ab ea é, ina cheannaire san fhiántás, clú agus cáil ar a ghlór, glór cumhachtach, an fhoraois, na tropaicí, ceannaire, údarásach, bródúil, saoirse iomlán, cróga, stádas, bagarthach, bhí ardmheas ag na hainmhithe eile air, dínit, lán le spioraid, dáinséarach, saol nádúrtha, bhí neamhspleáchas aige

  • Véarsa a dó: feicimid íomha de leon tuirseach sa zú, faoi ghéibheann; in ísle brí, suite i dtimpeallacht mínádúrtha, spiorad briste, easpa fuinnimh, lag, i bpríosún, teanntaithe, ní feidir leis éalú, in umar na haimléise, is taispeántas é do chuairteoirí sa zú, ábhár siamsaíochta do chuairteoirí, srianta, deireadh lena seansaol, tuirseach traochta, ag cuimhneamh siar ar bhóithrín na smaointe, sannaithe sa zú, tá saol leadránach aige anois, stádas caillte

MOTHÚCHÁIN
  • dínit, easpa dínte, brón, faoi ghruaim, in ísle brí, uaigneach, dóchas, easpa dóchais, aoibhneas, cumha, trua, easpa trua, frustrachas, éadóchas

TEICNÍCÍ FILEATA

  • Friotail - Friotail nádúrtha simplí, gonta, gutaí leathana “ainmhí allta” (cumhacht agus láidreacht in iúl) , saorvéarsaíocht (easpa poncúlachta, rithim ó líne go líne, abairtí gonta agus fada, easpa struchtúir (cuirtear fuinneamh & tuirse an leoin in iúl, bhí sé lag, traochta)
  • Cónasc - “ach” - athrú ar atmaisféar an dáin, éiríonn an dán brónach, uaigneach, éadóchasach - tagann lagmhisneach ar an leon agus ar an bhfile - athraíonn suíomh an dáin
  • Uaim  - “s” - anois, síos - cuirtear ciúnas an zú, tuirse, frustrachas an leoin á chur in iúl dúinn; “a” “ainmhí, allta, teochrasa” - cumhacht, glór, fuinneamh láidir an leoin le brath
  • Pearsantú: siombal den fhile ab ea an leon, siombal den ailse a bhí ag an bhfile ab ea gáirdín na n-ainmhithe, is dán é seo a thagann ón croí, pearsanta, scríofa san aimsir láithreach - is leon é fós ach tá a stádas caillte
  • Atmaisféar - V1: tá sonas le brath, bhí an leon lán le crógacht, atmaisféar fuinniúil, cumhachtach  V2: atmaisféar lag, tuirsiúil, easpa fuinnimh, éadóchasach, luíonn an leon síos, níl fonn ná fiach air a stádas a léiriú
  • Meafar - seasann an leon don fhile í féin, bhí sí plúchtaithe le hailse, bhí drochthinneas uirthi, buailte ag an ailse
  • Dán fáthchiallach -  dhá chiall leis an dán - Tá drochthinneas an fhile á phlé aici go rúnda.

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)