Cáca Milis: Anáilís ar na Carachtair

Anáilís ar an mbeirt phríomhcharachtar:


Cén sort duine í Catherine sa ghearrscannán Cáca Milis le Brian Lynch? 

  • Bean óg, drochbhéasach ab ea í. Cúramóir dá máthair tinn - dílis di.
  • Níl an dara rogha aici ach a bheith mar chúramóir dá mháthair atá faoi mhíchumas.
  • Tá máthair breoite aici. 
  • Tá éalú ag teastáil uaithi den obair thuirsiúil sa bhaile.
  • Mífhoighneach - “nach mbím i gcónaí” - lig sí osna
  • Ciaptha cráite ag an máthair
  • Fuarchúiseach, easchairdiúil - ní raibh fonn cainte uirthi le Paul
  • Tá mianta ar leith ag teastáil uaithi - an grá nó cion b’fhéidir - úrscéal grá á léamh aici ar an traein - seans go bhfuil caidreamh agus sonas á lorg aici
  • Is príosúnaí í - tinn tuirseach den ghnáthshaol leadránach
  • Ní raibh fonn éisteachta uirthi le Paul
  • Is bean chruálta cruálach í - ag insint bréige dó faoin ‘loch’ agus ‘báid’ lasmuigh den fhuinneog agus faoin ‘bpéist’ sa cháca
  • Bean mhíchompórdach - bhí déistean uirthi nuair a bhí Paul ag ithe ar nós ainmhí, níor theastaigh uaithi féachaint air, 
  • Bhí nós ite gránna ag Paul - nós a bhí ag cur isteach go mór uirthi ó thús an turais
  • Chuir iompar sáiteach Paul isteach uirthi agus í ag léamh
  • Chuir Paul a máthair i gcuimhne di - ag freastal ar riachtanas a mháthair, níor theastaigh uaithi cabhrú le Paul in aon chor nuair a d’iarr sé uirthi dul agus cupán tae a fháil dó
  • Thug sí freagraí aonfhoclacha, gearra, borba ar cheisteanna Paul agus nuair a thosaigh sé ag comhrá - “céard?”
  • Is bean searbhasach amach is amach í - nuair a theastaigh uaithi an leabhar a léamh, lean Paul ag síorchaint - “teastaíonn uaim mo leabhar a léamh”
  • Bhí uafás uirthi nuair a d’ofráil Paul cuid den cháca loite leath-ite di
  • Bhí sí gan trua do chás Paul - bhí sí gan trua gan taise dá mhíchumas - rinne sí neamh-shuim de scéal Paul le linn an turais
  • Tá siombalachas lárnach sa scannán. Tá baint mhór aige le saol Catherine
    • an cáca milis: aisling/brionglóid atá ó Catherine ina saol, an saol románsúil idéalach a theastaigh uaithi
    • péist: na ‘galair’ ina saol féin - na gnéithe atá ag cur Catherine faoi bhrú - a máthair, easpa grá, an saol folamh leadránach - tá sí i ndeireadh na féide leis an saol mórthimpeall uirthi
  • Cosúlachtaí idir shaol Catherine agus Paul - asma ag Paul - plúchtaithe - Catherine plúchtaithe ina saol príobháideach tuirsiúil atá aici
  • Bhí fonn uirthi réiteach mailíseach a fháil ar na fadhbanna ina saol - 
  • Theastaigh ó Catherine an fód a sheasamh.
  • Bhí easpa trócaire aici do Paul. Shiúil sí léi ón traein tar éis do Paul titim i laige.
  • Bhí gliceas ag baint lena carachtar sa bhealach ar thóg sí an t-ionálaitheoir agus a chuir sí ar ais é. Ní fhéadfaí aon drochghníomh a chur ina leith.
  • Bhí sí bródúil as an ngníomh a rinne sí. Shiúil sí amach ar nós gnáthphaisnéara. 
  • Bhí sí gan mhairg gan scrupall. Níor mhothaigh sí ciontach ar chor ar bith.
  • Bhí nimh ina glór 
  • Bhí fearg - easpa mothúcháin ina haghaidh.
  • Bhain sí sásamh as an dallamhullóg ar chur ar Paul agus ceacht a mhúineadh dó. 

Cén saghas léargas a fhaigimid ar Paul sa scéal?


  • Drochbhéasach - drochnós ite aige - ag cur isteach ar Catherine ón tús - lean sé ag síorchaint
  • Meánaosta, glórmhór, cainteach, dall
  • Bhí easpa neamhspleáchais aige.
  • Bhíodh sé ag brath ar stráinséirí chun lámh cúnta a thabhairt dó.
  • Bhí mianta ar leith aige: an comhluadar, cairdeas, cómhra, spraoi ina shaol.
  • Taitníonn leis a bheith ag caint faoina shaol pearsanta - a mhalairt de phríomháideachas Catherine. Duine oscailte ab ea é.
  • Faighimid amach a lán eolas pearsanta faoi.
  • Bhí a chuid iompar páistiúil. Bhí sé ag lorg airde agus aitheantais.
  • Bhí drochsláinte air. Bhuail taom asma é - ag casacht, ag análú do domhain.
  • Fear féindírithe atá ann:  “na cailíní ar fad i mo dhiaidh”.
  • Theastaigh uaidh éalú ón gcathair agus ó bhuairt agus anró an tsaoil.
  • Mí-ádh air gur bhuail sé le stráinséar nimhneach cosúil le Catherine
  • Ceistíonn sé Catherine gan stad gan staonadh - faoin úrscéal, faoi cad a bhí lasmuigh den fhuinneog, na radharcanna.
  • Bac ab ea Paul i ngnáthlá Catherine - chuir sé isteach go mór uirthi agus ar an síochántacht a bhí uaithi.
  • Chuir sé ceist indíreach ar Catherine tae a fhail dó. Níor ghéill Catherine dá iarratas.
  • Dúnmharaíodh é go brúidiúil, go nimhneach ag deireadh an scannáin. 
  • Bhí lámh cúnta uaidh - dírítear ar a lámh sa teannradharc ag deireadh an scannáin.
  • Tháinig deireadh tobann cruálach agus fuarchúiseach lena shaol.
  • Coimeádtar an lucht féachana ag smaoineamh faoi thorthaí an eachtra dúnmharaithe.
  • Bíonn trua ag an lucht féachana don fhear bocht ina luí marbh ar an traein

Comments

  1. Tháinig mé trasna ar an gcomhlacht iasachta seo ar Facebook agus rinne mé teagmháil leis an ríomhphost go tobann chonaic mé go raibh mé ceadaithe le haghaidh iasachta de €20,000 agus mar sin níor chreid mé riamh go n-oibreoidh sé seo go léir go dtí go gcuirfí an méid de €20,000 chun sochair dom. iasachtaí chun teagmháil a dhéanamh déan teagmháil leis an gcuideachta iasachta seo le hiarratas ar iasacht seo é seoladh ríomhphoist na cuideachta >>>>> infomichealfinanceltd@gmail.com nó whatsapp +14699724809.

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)