Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Fadhbanna Daoine Óga (comhscríofa ag Bliain 5 Rang Prionnsias) Ábhar conspóideach is ea an scéal seo faoi fhadhbanna daoine óga sa lá atá inniu ann. Tá an cheist seo pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní mór dúinn na fadhbanna a iniúchadh chun teacht ar réiteach éigin ar an scéal. Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach lia duine ná tuairim”. Tá fírinne ag baint leis an seanfhocal seo, dar liom. Níl dabht ar bith ach go bhfuil réimse leathan de dhúshláin agus de chrá pearsanta ag baint le saol déagóirí sa lá atá inniu ann: fadhb na ndrugaí, fadhb an óil, piarbhrú, bulaíocht, cúrsaí scoile, fadhbanna teaghlaigh agus fadhbanna sláinte. Ar an gcéad dul síos, ní féidir a shéanadh ach is ar éigean a théann lá thart nach mbíonn tagairt éigin d’fhadhb na ndrugaí i measc daoine óga sa lá atá inniu ann. Caithfear a admháil gur scéal náireach é seo. Nach suntasach an rud é go bhfuil cúrsaí amhlaid...