Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha


Nótaí Úsáideacha don Scrúdú Cainte


  • Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach bhfuil aon tinteán mar do thinteán féin”. Is fíor sin, dar liom. 
  • Táim ar mo sháimhín só ina chónaí i _____________.
  • Tá mé i mo chónaí i __________________________ .
  • Tá cónaí orm i ________________________ .
  • Is as ______________________ dom ó dhúchas.
  • Rugadh agus tógadh mé i ____________________ .
  • Bhog mé go dtí ___________________________ nuair a bhí mé ________________ bliana/ (mbliana) daois.
  • Is aoibhinn liom mo cheantar áitiúil. Níl áit ar bith cosúil leis in Éirinn nó ar fud an domhain.
  • Is ceantar ciúin, tuaithe (rural) agus iargúlta (remote) é __________________ .
  • Is ceantar gnóthach, uirbeach agus cairdiúil é  _______________ .
  • Is ceantar __________________ , _________________ agus _______________é.
  • Tá daonra ___________________________ i mo cheantar.
  • Is éard is ciall le hainm na háite ná _____________________________  .
  • Is aoibhinn liom mo cheantar. 
  • Tá mé an-bhródúil (proud) gur as _______________  dom. 
  • Tá réimse leathan áiseanna (wide variety) do dhaoine óga i mo cheantar, mar shampla _________, ___________, ____________ agus _____________ .
  • Tá áiseanna spóirt d’ardchaighdeán (top class sports facilities) i mo cheantar, mar shampla ____________________, _________________ , ________________ agus __________________ .
  • Tá sé an-áisiúil (convenient) a bheith i mo chónaí i _____________Tá siopaí, ollmhargaí agus ionaid siopadóireachta an Cresent _______________ nóiméad sa charr ó mo theach. 
  • Tá réimse leathan (a wide range of) bialanna i mo cheantar mar shampla bialann Síneach, bialann Éireannach agus bialann beir leat (take aways). Téim ann le mo theaghlach ___________________ . Tá an bia ann den scoth.
  • Tá an-chuid clubanna do dhaoine óga sa cheantar. Tá mé mar bhall de (member of) chlub ______________. An t-ainm atá ar an gclub ná ____________________________ . Tá ________________ duine mar bhall den chlub.
  • Cúpla bliain ó shin, bhí mé mar bhall de chlub __________________ . 
  • Tá Abhainn na Sionainne ag rith tríd (running through) mo cheantar. Is í an abhainn is mó in Éirinn í. Téann daoine ag ___________________ ar an abhainn go minic.
  • Tá clú agus cáil (famous) ar mo cheantar mar gheall ar __________, __________ agus _________ . 
  • Tá a lán radharcanna stairiúla (historical sites) i mo cheantar, mar shampla Caisleán Rí Eoin, Loch Goir agus Caisleán Bhun Raite. Chuaigh mé ann nuair a bhí mé _____________ .
  • Tá an timpeallacht (environment) faoi tuath an-ghlan, an-taitneamhach agus an-síochánta (peaceful).
  • Tá a lán ainmhithe cosúil le _______________ , ______________ agus ___________ le feiceáil amuigh sna páirceanna. Tá aer úr sláintiúil (healthy air) mórthimpeall orm. Níl sé truaillithe (polluted).
  • Tagann a lán turasóirí go Luimneach sa lá atá inniu ann. Tá a lán áiseanna do thurasóirí i mo cheantar, mar shampla ______________________ , _____________________ agus ____________________.
  • Tagann na turasóirí ó chian is ó chóngar (from near and far) chun ______________________  a fheiceáil.
  • Thug mé cuairt ar _________________________ nuair a bhí mé __________________ .
  • Tá mo scoil suite i mo cheantar. _____________________ is ainm do mo scoil. Is meánscoil lán-Ghaelach í. 
  • Tá muintir na háite cairdiúil, fáiltiúil agus cneasta. Tá atmaisféar beo bríomhar (wonderful atmosphere) i mo cheantar.
  • Tá pobal láidir ina gcónaí ann.(close-knit community)
  • Réitím go hiontach le mo chomharsana béal dorais (next door neighbours).
  • Tá an-chuid cairde agam atá ina gcónaí sa cheantar.
  • Buailim le mo go rialta chun _____________________. Anois is arís casaim leo (I meet them now and then) chun _________________ .
  • Téimid go dtí _______________________ le chéile.
  • Tá seirbhís bus, traenach agus tacsaí ag freastal ar mhuntir na háite. Cosnaíonn ticéad fillte (return ticket) don bhus __________________ do dhaltaí.
  • Tá a lán buntáistí (advantages) eile ag baint le cónaí i _______________ . Tá aerfort na Sionainne in aice láimhe. Freisin, tá __________________________ cóngarach do mo theachsa.
  • Tá staideanna (staideanna) rugbaí, sacair agus Cumann Lúthchleas Gael suite sa chathair.
  • Tá Ollscoil Luimnigh suite cóngarach do mo theach. Tá a lán áiseanna suite ar an gcampas mar shampla _______________________.
  • Mar fhocal scoir (as a final word), is í mo thuairim phearsanta na gurb í _____________________ an áit is deise ar domhan (nicest place in the world) .
  • Tá seanfhocal (proverb) ann a deir “gur glas iad na cnoic i bhfad uainn” (the fields are greener far away). Ní hé sin an cás i gcónaí (that’s not always the case).


  • Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nach bhfuil eolas gan oideachas” (there’s no knowlegde without education) . Dar liom, tá fírinne (true) ag baint leis an seanfhocal seo. Tá an tábhacht ag baint le an t-oideachas i saol an lae inniu.
  • Tá mé ag freastal ar __________________________ .
  • Freastlaím ar ________________________________.
  • Tá an scoil suite i lár na cathrach (situated in the city centre)  i Luimneach
  • Tá mo scoil suite i lár chathair Luimnigh.
  • Is scoil mheasctha (mixed) lán-Ghaeilge í. 
  • Freastlaíonn buachaillí agus ____________ ar an scoil.
  • Tosaíonn an scoil gach lá ar a _____________ a chlog.
  • Críochnaíonn an scoil ar a _________________ a chlog gach lá.
  • Bíonn ______________ rang agam gach lá ar scoil.
  • Tá clú agus cáil ar (famous for) an scoil as an spórt, an ____________ agus an ______________ .
  • Is é ________________________ príomhoide na scoile. 
  • Is duine _______________ , ________________ agus ____________ é.
  • Is é/í _________________ leas-phríomhoide (vice-principal) na scoile.
  • Is duine _________________ , ________________  agus ___________ é.
  • Labhraíonn daltaí ______________ gach lá timpeall na scoile.
  • Freastlaíonn breis is _______________ daltaí ar an scoil.
  • Múineann (teach) thart ar ______________ múinteoirí sa scoil.
  • Tá formhór (majority) na múinteoirí sa scoil ___________________ , ____________________ agus _______________ .
  • Réitím go h-an mhaith leis an múinteoir _________________ agus ___________________ .
  • Is múinteoir cabhrach, __________________ agus _________________ é/í.
  • Tugann an múinteoir _____________________ a lán obair bhaile dom gach oíche.
  • Tá mo múinteoir _____________________ an-dian agus an-chrosta ar fad.  
  • Tá mo mhúinteoir _____________ gafa le rialacha scoile (obsessed with rules).
  • Déanaim staidéar (I study) ar _______________________  ábhar déag ina iomlán. 
  • Is iad na hábhair atá á dhéanamh agam (The subjects I study are) ná ___________________________________  .
  • Caithfidh mé a rá gurb é an t-ábhar is fearr liom ná _______________________ . 
  • Faighim torthaí maithe sa _______________ .
  • Ní ábhar róchasta é ____________ dar liom.
  • Tá an t-ábhar éasca le tuiscint __________________ .
  • Is ábhar dúshlánach ach taitneamhach é _____________ .
  • Is ábhar praiticiúil é ____________________ .
  • Is ábhar suimiúil agus spéisiúil é _________________ .
  • Tá na háiseanna sa scoil ar ard-chaighdeán (top-class facilities). 
  • Tá réimse leathan áiseanna do dhaltaí na scoile mar shampla ________________ , ________________, _________________ agus _________________ .
  • Tá na háiseanna sa scoil nua-aimseartha, ______________ agus __________________ .
  • Faraor (unfortunately), níl aon ionad spóirt nó halla corpoideachais sa scoil.
  • Tá cúirt cispheile ar chúl na scoile (back of the school) . Imríonn daltaí ___________ agus __________ ann ag am lóin.
  • Tá iPadanna ag gach dalta sa scoil. Is áis (useful resource) an-úsáideach é.
  • Úsáidim an iPad chun ______________________ agus chun __________________ .
  • Tosaíonn am lóin ar a __________________ a chlog.
  • Tógaim lón sláintiúil liom ar scoil. 
  • Ullmhaím (I prepare) mo lón an oíche roimh ré.
  • Éirím go luath ar maidin chun mo lón a ullmhú. 
  • Ithim ________________ , _______________ agus ____________. Ólaim deoch ______________ .
  • Tá réimse leathan bia (wide range of food) ar fáil sa cheaintín freisin mar shampla ________________ , ______________  agus _________________ .
  • De ghnáth ag am lóin, téim go dtí an __________________ chun bualadh le mo chairde.
  • Tá an chuid is mó de rialacha na scoile diain (strict) agus féaráilte.
  • Caithfidh daltaí cloí leis na rialacha maidir le ______________ , ____________ agus ____________ .
  • Caitheann gach dalta éide scoile gach lá. 
  • Caitheann na buachaillí geansaí dubh, léine ______________, bríste ______________ agus carbhat ____________ .
  • Caitheann na cailíní geansaí dubh, léine _____________ , sciorta __________________ agus carbhat ___________________ .
  • Tá culaith spóirt (sports gear) ag daltaí don rang ________________ . 
  • Bíonn rang dúbailte Corpoideachas agam ar an ________________ .
  • Taitníonn an éide scoile liom. Tá sé _______________ agus faiseanta.
  • Ní thaitníonn an éide scoile liom. Tá sé míchompórdach agus _________________.
  • Tá cosc iomlán ar (total ban on)  _____________________ ,____________________ agus ____________ .
  • Tugtar bileog buí do dhaltaí má _________________ nó má _______________ .
  • Cuirtear daltaí ar choinneáil (detention) má ____________________ nó má _________________ .
  • Tá réimse leathan imeachtaí ar fáil sa scoil mar shampla _______________ , _______________ agus __________________ .
  • Glacaim páirt sa chlub _____________________________ . 
  • Tá mé mar bhall (member of) den fhoireann __________________ sa scoil. 
  • Bíonn traenáil ar siúl gach _________________ ar a _____________ a chlog.
  • Bíonn cleachtadh (practice) don fhoireann/chlub _______________ ar siúl gach ___________________ i rith na seachtaine.
  •  Faighim obair bhaile scríofa agus foghlama gach oíche.
  • Tógann sé ______________ uair an chloig chun m’obair bhaile a chríochnú (to finish).
  • Bím tuirseach traochta ag deireadh an lae tar éis lá crua oibre (after a hard day’s work).
  • Déanaim obair na gcapall (trojan work) gach lá sna ranganna ar scoi.
  • Ligim mo scíth (I relax) nuair a théim abhaile gach oíche. Bím spíonta traochta (wrecked tired) ag deireadh na seachtaine.
  • Táim ar mo sháimhín só ag freastal ar __________________ . 
  • Táim sásta gur roghnaigh mé an scoil seo thar aon scoil eile (over any other school). Dar liom is í ___________ an scoil is fearr in Éirinn. 
  • Tá seanfhocal ann a deir gur “aoibhinn beatha saol an scoláire” Aontaím go huile is go hiomlán leis an ráiteas sin. Tá saol an mhada bháin ag daltaí scoile sa lá atá inniu ann dar liom.


  • Deir mo sheanmháthair liom i gcónaí “nuair a stadann an ceol, stadann an rince”. Aontaím leis an ráiteas sin dar liom. 
  • Is iontach an rud é an ceol i saol an duine óig dar liom.
  • Níl dabht ar bith i m’aigne ach go spreagann ceol daoine óga cosúil liom féin.
  • Tugann ceol misneach do___________ . Tugann ceol dóchas do____________ .
  • Is déagóir mé féin agus….
    • Is cuid tábhachtach de mo shaol é an ceol. 
    • Is aoibhinn liom ceol.
    • Is duine ceolmhar mé.
    • Tá ceol san fhuil agam (in my blood).
    • Is é ceol __________________ bun agus barr mo shaoil (very important to me).
    • Is éalú (escape) é an ceol ________________ ó strus an tsaoil agus strus na scoile.
  • Éistim le réimse leathan ceol ar nós ____________ , ______________ agus ____________ .
  • Tá an ghráin (hate) agam ar _____________ agus _________________ .
  • Tá éagsúlacht (variety) ceol agam ar m’Ipod/m’iPAD/ar m’fhón póca agam, mar shampla ____________ , ____________  agus ________________ .
  • Cheannaigh mé cluasáin ______________ le déanaí. Chosain siad ___________ Euro.
  • Taitníonn ceol ___________ , ______________ agus _____________ go mór liom thar aon cheol eile.
  • Cuireann _____________ ar mo shuaimhneas mé.
  • Téann ceol ___________________ go mór i bhfeidhm orm.
  • Tá an ghráin agam ar _____________ agus _________________ . 
  • Seinim an ________________ . (uirlis ceoil)
  • Thosaigh mé ag seinim an _________________ nuair a bhí mé _____________ bliaina/mbliana d’aois.
  • Téim go dtí ranganna ceoil _______________ uaire in aghaidh na seachtaine.
  • Táim mar bhall den ghrúpa __________________ sa scoil. 
  • Canaim sa ___________________ sa scoil anois is arís.
  • Ní sheinim aon uirlis ceoil ach éistim le ceol ________________ .
  • Tá bailiúchán (collection)mór amhrán agam ar mo __________________  .
  • Íoslódálaim ceol ón idirlín agus ó aipeanna cosúil le ________________ .
  • Sábhálaim mo cheol ar fhuaimrian (playlist). Tá _____________ amhrán agam ar m’fhuaimrian.
  • Tá sé saor in aisce chun ceol a íoslódáil ar ____________ .
  • Bainim úsáid as aipeanna ar nós ________________ chun éisteacht le ceol.
  • Féachaim ar fhíseáin ceoil go rialta ar _____________________ .
  • Cosnaíonn sé _____________ Euro chun albam nua a íoslódáil.
  • An banna ceoil is fearr liom ná ______________________ .
  • Is é ______________________ príomhamhránaí an ghrúpa. 
  • Is duine de na ceoltóirí is fearr a bhí ann riamh é/í ____________________ .
  • Is duine ______________ , _________________  agus ______________ é _____________ .
  • Is amhránaí den chéad scoth é. Tá guth álainn binn ag ______________ . 
  • Tá feith an cheoil ag ___________________ .
  • Seineann ___________________ ceol chroíúil.
  • Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht le _________________ .
  • Tá bua an cheoil ag ________________________ .
  • Taitníonn liricí na n-amhrán liom. Tá na liricí _________________ agus ________________ . (gáirsiúil, taitneamhach, spreagúil, éadrom, conspóideach, neamh-chonspóideach_
  • Ní úsáideann __________________ drochtheanga sna hamhrán.
  • Úsáideann ___________________ drochtheanga sna hamhráin.
  • Scríobhann ___________________ amhrán faoi ____________ , __________ agus _____________.
  • Chuaigh mé go dtí ceolchoirm i ______________________ roimhe seo.
  • Cheannaigh mé an ticéad don cheolchoirm ____________________ .
  • Fuair mé an ticéad don cheolchoirm mar bhronntanas ó _____________________ .
  • Chosain na ticéad ______________ Euro.
  • Thaisteal mé chuig an ceolchoirm ___________________ .
  • D’fhan mé in óstán _____________ réalt i lár na cathrach.
  • Bhí an t-atmaisféar leictreach. 
  • Bhí an t-atmaisféar thar barr.
  • Bhí idir óg agus aosta ag an gceolchoirm.
  • Bhí gliondar agus lúchair ar an lucht féachana nuair a shiúl ________________ amach ar an stáitse.
  • Bhí an slua ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
  • Bhí slua ________________ míle duine i láthair ag an gceolchoirm.
  • An staisiún raidió is fearr liom ná ___________________ .
  • Éistim leis an gclár raidió __________________ .
  • Seinntear ceol _________________, _________________ agus _____________ ar an staisiún.
  • Is clár raidió do dhaoine óga é.
  • Tá an clár raidió dírithe ar an aos óg (youth)
  • Tosaíonn sé ar a ______________ a chlog agus críochnaíonn sé ar a ____________  a chlog.
  • Is é __________________ an láithreoir ceoil is fearr liom.
  • Bíonn comórtais ar siúil ar an raidió go rialta.
  • Sheol mé téacs isteach chuig ______________ agus bhuaigh mé ___________ uair amháin.
  • Féachaim ar chláracha ceoil ar nós _______________ anois is arís.
  • Bíonn ardchaighdeán ceoil ______________ le cloisteáil ar an gclár __________ .
  • Na moltóirí ar an gclár ná ______________ , ____________ agus ___________.
  • Tá déagóirí cosúil liom féin an tógtha leis an gceol, cinnte.
  • Foghlaimíonn daoine óga cosúil liom féin óna teachtaireachtaí sna hamhráin agus ón gceol.
  • Tá cluas ag a lán daoine óga cosúil liom féin  don cheol. 
  • Is rud tairbheach (beneficial) é sin dar liom.




  • Is é _________________ an clár teilifíse is fearr liom.
  • Féachaim ar chláracha ______________, ____________ agus ___________ den chuid is mó.
  • Tosaíonn ____________ ar a _________________a chloga ar an stáisiún teilifíse ____________ .
  • Críochnaíonn sé ar a ________________ a chlog.
  • Bíonn _____________ ar siúl ________________ uair in aghaidh na seachtaine
  • Bainim sult agus sásamh as féachaint ar  _________________ .
  • Taispeántar _________________ ar an staisiún teilifíse ______________ .
  • Is iad na príomhcharactair atá ar an gclár teilifíse ná ________________ , ______________ agus ________________ .
  • Is duine _____________ , ____________ agus ___________ é/í an príomhcharactar mar ________________ .
  • Is iad __________________ , __________________ agus ________________ na mioncharactair ar an gclár.
  • Taitníonn an mioncharactar _______________ go mór liom freisin. Is duine _____________ , ___________ agus ____________ é/í.
  • Tá an clár suite i  ________________________ . 
  • Is clár ______________, ________________ agus ________________ é.
  • Is clár do dhaoine óga é ________________ .
  • Tá an clár  ______________  dírithe ar dhaoine óga.
  • Baineann an clár ________________  le saol an déagóra. 
  • Féachann mo chairde ar an gclár ______________ freisin.
  • Is é/í ____________________ an láithreoir ar an gclár (presenter)
  • Is clár teilifíse lán le haicsean é _____________________ .
  • Níl dabht ar bith i m’aigne ach gur clár teilifíse den scoth é ___________________ !
  • Is fearr liom na stáisiúin teilifíse ________________ agus _______________ .
  • Tá réimse leathan cláracha den scoth ar an stáisiún __________________ .
  • Anois is arís féachaim ar ____________________ ar an teilifís.
  • Go minic, breathnaím ar chláracha ______________ ar an stáisiún ______________ .
  • Níl lá nach dtéann thart nach bhféachaim ar  _________________ ar an teilifís.
  • Féachaim ar an teilifís….
    • chun briseadh/ sos a thógáil ó obair/bhrú na scoile agus óna leabhar
    • nuair a bhíonn mo chuid obair bhaile críochnaithe agam.
    • ag an deireadh seachtaine den chuid is mó.
    • chun mo scíth a ligean
    • chun éalú ó strus an tsaoil
    • mar chaitheamh aimsire
  • Féachaim ar Netflix ar an idirlíon/ar m’fhón póca/ar mo ríomhaire glúine/ar m’Ipad
    • …anois is arís
    • …go rialta
    • …go minic
    • …nuair a bhíonn an deis agam.
    • …nuair a bhíonn am le sparáil agam.
  • Is í an tsraith teilifíse is fearr liom ar Netflix ná _____________________.
  • Is clár ______________ é. 
  • Is iad _______________ agus _________________ na príomhaisteoirí sa tsraith teilifíse _____________ .
  • Níl suim dá laghad agam féachaint ar Netflix mar….
    • tá sé ró-chostasach.
    • tá sé leadránach.
    • níl réimse leathan cláracha do dhaoine óga air.
  • Tá teilifís cliste agam sa bhaile. 
  • Tá réimse leathan aipeanna ar an teilifís agam msh. ____________ agus ____________ .
  • Bainim úsáid as an aip _______________ chun féachaint ar fhíseáin den chuid is mó.
  • Cosnaíonn an aip ________________ Euro ar iTunes.
  • Cosnaíonn síntiús ar Netflix ______________ Euro in aghaidh na míosa.
  • Íocaim as an síntiús le m’airgead póca.
  • Íocann mo thuismitheoirí as an síntiús, gan dabht!
  • Tá na táillí do Netflix róchostasach, dar liom!
  • Tá Netflix agus Youtube an éasca le húsáid. 
  • An gné is fearr liom faoi Netflix ná __________________________.
  • An gné is fearr liom faoi Youtube ná _________________________. 
  • Féachaim ar an teilifís ar feadh __________ uaire an chloig _____________ .
    • gach tráthnóna
    • gach lá
    • i ndiaidh na scoile
    • ag an deireadh seachtaine
    • i rith na seachtaine
  • Féachaim ar fhíseáin ar Youtube go minic. 
  • Úsáidim Youtube ar scoil sa rang __________________ .
  • Taispeánann an múinteoir  ______________ ….
    • físeáin oideachasúla sa rang ____________  ó Youtube anois is arís.
    • cláracha faisnéise don rang _____________ ar Youtube. 
  • Le déanaí, d’fhéach mé ar chlár suimiúil ar Youtube faoi ___________________ sa rang ______________ . 
  • Clár ______________ a bhí ann. 
  • An gné is mó a thaitin liom faoin gclár ná ….
    • go raibh sé an-oideachasúil.
    • gur chabhraigh sé liom foghlaim.
    • gur mhúscail sé mo chuid suime san ábhar.
    • gur chabhraigh sé liom smaoineamh ar eolas óna leabhar.
  • Baineann an rang an-taitneamh/an-sult/sult agus sásamh as na cláracha a thaispeánann an múinteoir _____________ .
  • Is é an pearsa teilifíse is fearr liom ná ________________ agus ____________.
  • Is duine _____________ , _____________ agus ___________ é/í.
  • Is láithreoir/aisteoir é/í ar an gclár teilifíse ________________ .
  • Leanaim ____________ ar Twitter agus ar Facebook. 
  • Tá clú agus cáil ar ____________________ mar aisteoir/láithreoir/réalt teilifíse.
  • Is as ___________________ é/í.



  • An bhliain seo caite….
  • Anuraidh….
  • An samhradh seo caite…
    • chuaigh mé ar laethanta saoire go dtí _____________________ .
    • chaith mé tréimhse ar saoire i ___________________________ .
    • chuaigh mé ar saoire go dtí  __________________ ar feadh seachtaine.
    • chuaigh mé ar saoire go dtí __________________ ar feadh coicíse.
    • d’fhan mé in Éirinn agus chuaigh mé ar saoire go dtí Contae _____________ .
  • D’eitil mé/ D’eitlíomar le _________________ .
  • Chuir mo ______________________ an saoire in áirithe. (booked trip).
  • Chosain an saoire ____________________ Euro.
  • Bhí an praghas….
    • réasúnta
    • costasach
    • saor
    • daor
  • Phacáil mé/ Phacálamar _________________  , __________________ agus ______________ dona laethanta saoire.
  • D’ordaigh mé pas / víosa nua dona laethanta saoire.
  • Thaisteal mé/ Thaistlíomar le Ryanair/Aer Lingus/Delta.
  • D’fhan mé/ D’fhanamar …..
    • in óstán.
    • in ionad campála.
    • in árasán.
    • i dteach ósta.
    • i gcarbhán.
    • i bpuball.
  • Bhí an lóistín suite…
    • i lár na cathrach
    • in aice an trá.
    • amuigh faoin tuath.
    • in ionad saoire.
    • sa Ghaeltacht.
  • Bhí áiseanna den chéad scoth san óstán mar shampla…
    • linn snámha mór.
    • bialann nua-aimseartha.
    • club óige do dhaoine óga.
  • Bhí rogha mór siopaí in aice láimhe (nearby) mar shampla siopa _____________ agus ____________ .
  • Bhí muintir na háite …..
    • cairdiúil 
    • fáilitiúil
    • cneasta
    • cabhrach
    • lán le moltaí.
  • Chuir muintir na háite fáilte chroíúil romhainn.
  • Chuir bainisteoir an óstán fáilte Uí Cheallaigh romhainn.
  • Chuaigh mé / Chuamar ar thuras treoraithe go dtí ________________ agus _____________ .
  • Bhí mé stiúgtha leis an ocrais gach tráthnóna.
  • D’ith mé/ D’itheamar i mbialann _________________ ar an ____________________ .
  • Thaitin bia na háite liom mar shampla ________________ agus _________________ .
  • Bhlas mé (tasted) _____________ agus ________________ .
  • Mhol an gníomhaire taisteal cuairt a thabhairt ar ______________ agus ____________ .
  • Bhí an ceantar….
    • fíorálainn
    • plódaithe le turasóirí
    • iargúlta
    • gnóthach
    • ciúin agus síochánta.
    • galánta.
  • Bhí an tírdhreach lán le….
    • cnoic agus sléibhte arda.
    • foraoisí galánta.
    • bealaí siúlóide.
    • aibhneacha agus locha.
    • tránna órga.
    • aillte dochreidte. 
    • páirceanna glasa. 
    • fiadhúlra agus ainmhithe.
  • Bhí an aimsir….
    • den scoth
    • te teolaí.
    • marbhánta.
    • grianmhar,
  • Bhí an ghrian ag spalpadh.
  • Ní raibh scamall sa spéir. 
  • Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
  • Ní raibh braon báistí ó thús go deireadh na laethanta saoire.
  • Bhí an teocht ________________ chéim Celcius.
  • Bhí na radharcanna….
    • thar barr.
    • dochreidte.
    • galánta.
    • go hálainn.
    • gan sárú.
    • ar fheabhas.
  • Chonaic mé réimse leathan radharcanna ar nós _____________ agus ________________ .
  • Chuaigh mé / Chuamar ar thuras treoraithe go dtí ______________ agus ____________ .
  • An radharc is mó a thaitin liom ná ___________________ mar ___________________ .
  • Chuaigh mé ar cuairt go dtí _________________ agus ______________ar mo laethanta saoire.
  • Bhí gliondar agus lúchair orm nuair a chonaic mé ______________ agus _______________ ar na laethanta saoire.
  • Bhain mé sult agus sásamh as __________________ agus _________________ ar mo laethanta saoire.
  • Bhain an radharc den ___________________ an anáil asam. (took my breath)
  • Bhí spórt agus scléip agam/againn ag_______________________________________ .
  • Bhí díomá orm nuair a tháinig deireadh leis an saoire ar an _________________ .
  • D’fhill/ D’fhilleamar abhaile ar an _______________________  ar a ________________ a chlog.
  • Bhí mé ______________________ ag deireadh an turais.
    • lán le fuinneamh
    • tuirseach traochta
    • spíonta traochta
    • ar muin na muice.
  • Mhair an turas abhaile ar an  _____________________ uair an chloig.
  • Cheannaigh mé cúpla bronntanas san aerfort ar an mbealach abhaile mar shampla __________________ , _____________________ agus _______________ .
  • Cheannaigh mé ______________ do mo ______________ agus _________ do mo ______________ .
  • An bhliain seo chugainn, ba bhreá liom dul ar laethanta saoire go dtí __________________  
  • Tá sé i gceist ag mo __________________ dul ar saoire go ________________ an bhliain seo chugainn.
  • An samhradh seo chugainn, rachaidh mé féin agus mo theaghlach go ______________ ar ár laethanta saoire.
  • Tá clú agus cáil ar _________________________ .
  • Ba bhreá liom __________________ , __________________ agus _________________ a fheiceáil ann! 
  • Táim ag tnúth leis cheana féin! 

An Fón Póca 

  • Tá fón póca agam. Ní fhéadfainn déanamh gan é, caithfidh mé a rá!
  • Is breá liom m’fhón póca mar tá sé __________________ , _________________ agus _________________ .
  • Cheannaigh mé m’fhón póca i _________________ .
  • Is fón cliste é.
  • Is gnáthfhón é.
  • Is fón de dhéantus _____________ é m’fhón póca. 
  • Tá seirbhís idirlín ar m’fhón póca.
  • Chosain an fón __________________ Euro.
  • Cheannaigh mé an fón le  __________________ .
    • m’airgead póca.
    • hairgead ó mo bhreithlá.
  • Fuair mé an fón mar bhronntanas ó ___________________ .
  • Tá réimse leathan aipeanna ar m’fhón póca ar nós _____________ , ______________ agus _______________ .
  • Bainim úsáid as m’fhón póca chun glaoch a chur ar mo _______________  , mo _____________ agus mo ________________ .
  • Tá a lán buntáistí ag baint leis an bhfón atá agam. Ní dabht ar bith faoi sin!
  • Déanaim teagmháil le mo ghaolta mar shampa 
    • mo chol cheathair ___________
    • mo dheartháir _____________
    • m’aintín _____________
    • m’uncail ______________
  • Sábhálaim dátaí tábhachtacha san fhéilire i m’fhón póca, ar nós
    • breithlá mo chairde agus mo chlann
    • dátaí scrúdaithe scoile
    • dátaí imeachtaí scoile.
  • Cabhraíonn an fón liom cuimhniú ar ócáidí tábhachtacha ar nós ________________ agus ___________________ .
  • Is féidir liom
    • téacsanna a sheoladh chuig mo ________________ .
    • glaoch gutháin a chur ar mo __________________ .
    • dul i dteagmháil le _________________________  ó lá go lá.
  • Anois is arís, úsáidim an fón chun grianghrafanna a thógáil.
  • Tá ______________ grianghraf agam i m’albam ar an bhfón faoi láthair.
  • Roinnim grianghrafanna le mo _________________ ar __________________ .
  • Seolaim grianghrafanna chuig mo ________________ ar _________________ .
  • Uaslódálaim __________________ ó m’fhón póca go __________________ .
  • Íoslódálaim aipeanna ar nós __________________ ar m’fhón póca.
  • An aip is déanaí a d’íoslódáil mé ná __________________ .
  • Is aip __________________ é. Úsáidim é chun ___________________ .
  • Tá a lán aipeanna oideachasúla ar fáil ar an bhfón póca ar nós _______________ agus ____________________ .
  • Úsáidim a lán aipeanna siamsaíochta ar nós __________________ , _______________ agus ___________________ . 
  • Is é an aip siamsaíochta is fearr liom ná _________________ . 
  • Is aip _____________ é. 
  • Déanann mo thuismitheoirí siopadóireacht ar líne ar aipeanna ar nós _______________ , __________________ agus _________________ .
  • Breathnaím ar fhíseáin ar an aip _____________________ . Chosain an aip _____________ Euro.
  • Bhí an aip saor in aisce. Ní chaith mé pingin rua air!
  • Imrím cluichí ar m’fhón póca ar nós ________________ , ______________ agus _______________ .
  • Na haipeanna is fearr liom ná _______________ agus ________________ .
  • Is aip __________________ agus _________________ é _________________ .
    • nua-aimseartha
    • éasca le húsáid
    • taitneamhach
    • spéisiúil
    • éagsúil
    • suimiúil
    • idirghníomhach
    • faiseanta
    • áisiúil
  • Nuair a bhíonn gá leis úsáidim mapaí Google ar an bhfón…
    • chun seoladh a aimsiú
    • chun sráid a chuardach.
    • teach mo ________ a aimsiú.
  • Úsáidim m’fhón póca chun cabhrú liom le m’obair scoile….
    • ó am go ham.
    • anois is arís.
    • nuair a bhí gá leis.
    • go rialta.
    • go minic.
  • D’ordaigh mé _______________ ar m’fhón póca uair amháin. Bhí sé an-áisiúil.
  • Tá roinnt míbhuntáistí ag baint leis an bhfón póca, dar liom.
  • Seolann daoine teachtaireachtaí mí-oiriúnacha dá chéile ó am go ham.
  • Tarlaíonn cibearbulaíocht ar shuíomhanna ar nós ______________ agus ________________ .
  • Tá creidmheas an-chostasach freisin. 
  • Caithim ___________________ Euro in aghaidh na seachtaine ar chreidmheas.
  • Cosnaíonn na haipeanna is déanaí ar nós ________________  ___________ Euro.
  • Déanann an fón póca damáiste dona súile, don sláinte agus don inchinn freisin.
  • Bíonn déagóirí ró-ghafa lena bhfóin póca, dar liom.
  • Caitheann déagóirí an-iomarca ama ar shuíomhanna ar nós _______________ agus __________________ .
  • Is é an suíomh sóisialta is fearr liom ná __________________ .
  • Seiceálaim mo chuntas _____________________
    • cúpla uaire in aghaidh an lae
    • uair amháin in aghaidh an lae.
    • anois is arís.
    • go han-mhinic
    • ag an deireadh seachtaine.
    • nuair a bhíonn am le sparáil agam.
  • Is annamh a fheictear grúpa déagóir gan fón póca i lámh duine amháin acu.
  • Cuireann an fón póca isteach ar _______________________
    • chómhrá idir dhaoine
    • obair scoile.
    • staidéar na ndaltaí.
    • tiománaithe sa charr.
  • Bím an-chúramach ar an bhfón póca. 
  • Ní labhraím le stráinséirí ar líne.
  • Ní chuirim aon eolas príobháideach ar líne nó ar mo leathanach _________________ .
  • Ní roinnim aon sonraí pearsanta le daoine ar an suíomh __________________ .
  • Athrú mór chun na maitheasa ab ea é nuair a fuair mé fón nua _____________ cinnte!

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do Phríomhoide?

Dar liom, is post fíordheacair agus dúshlánach é post an phríomhoide. Bíonn an príomhoide i gceannas ar an scoil iomlán. Dá mbeinn i mo phríomhoide ar an scoil seo, dhéanfainn roinnt athruithe. Chuirfinn réimse níos fearr bia ar fáil do dhaltaí sa bhialann. Laghdóinn an méid obair bhaile a fhaigheann daltaí. Gheobhainn réidh le héide scoile. Ligfinn dona daltaí a ngnáthéadaí a chaitheamh. D’eagróinn níos mó turais scoile dona daltaí. Chuirfinn áiseanna níos compordaí agus níos nua-aimseartha ar fáil sa scoil. Thabharfainn breis ranganna staidéir do dhaltaí i rith an lae. Chuirfinn níos mó ranganna teanga agus corpoideachais ar fáil. Spreagfainn na daltaí chun níos mó Gaeilge a labhairt timpeall na scoile!

Cad a dhéanfá dá mbuafá an Crannchur Náisiúnta?

Dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta, bheadh sceitimí átháis orm, cinnte! An chéad rud a dhéanfainn leis an airgead ná shábhálfainn an t-airgead sa bhanc chun é a choimeád sábháilte. Ina dhiaidh sin, cheannóinn teach nua. Roinnfinn an t-airgead le mo theaghlach agus le mo chairde. D’infheisteoinn airgead i ngnóthaí difriúla. Bhogfainn go tír te cosúil le Meiriceá nó an Spáinn. Thabharfainn roinnt airgid do charthanachtaí ar nós Trócaire nó Goal. Chuirfinn feabhas ar áiseanna agus clubanna i mo cheantar áitiúil. Rachainn ar thuras timpeall an domhain. 

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do Thaoiseach?

Dá mbeinn i mo Thaoiseach… - chuirfinn níos mó airgid ar fáil d’áiseanna spóirt do dhaoine óga ar fud na tíre. - thógfainn níos mó tithe dona daoine gan dídean.  - d’infheisteoinn níos mó airgid sa chóras sláinte chun ospidéil a thógáil. - d’ardóinn / mhéadóinn an pinsean seanaoise do dhaoine os cionn 65 bliain d’aois. - laghdóinn cánacha sa tír ar ghnáthdhaoine. - chuirfinn feabhas ar na bóithe agus an córas iompair sa tír. - thabharfainn postanna do pholaiteoirí le smaointe nua chun an tír a rialú. - gheobhainn réidh leis na polaiteoirí sa tír faoi láthair. - d’ardóinn pá na ndaoine a bhfuil clann acu. - thabharfainn níos mó airgead do scoileanna chun áiseanna a fheabhsú. - sheolfainn airgead thar lear chuig an Afraic agus chuig carthanachtaí ar nós Trócaire. - spreagfainn comhlachtaí chun teacht go hÉirinn chun postanna a chur fáil. - d’athróinn an córas oideachais sa tír.  - d’ardóinn cánacha ar dhaoine saibhre.
- spreagfainn daoine chun earraí Éireannacha a cheannach.

Cad é do thuairim faoin timpeallacht? An bhfuil sé i mbaol, dar leat?
  • Dar liom, tá an timpeallacht go mór i mbaol sa lá atá inniu ann.
  • Tá an iomarca truailliú ag tarlú ar fud na tíre agus an domhain.
  • Scaoileann na monarcha a lán gásanna nimhneacha amach san aer.
  • Déanann carranna dochar don timpeallacht freisin.
  • Lasann daoine tinte le guail agus breoslaí iontaise.
  • Tá athrú aeráide ag tarlú. 
  • Tá na hoighearchaidpeanna san Artach ag leá.
  • Tá leibhéal na farraige ag ardú bliain i ndiaidh bliana.
  • Tá easpa ocsaigine san aer do dhaoine agus d’ainmhithe.
  • Tá gnáthóga ainmhithe á scrios de bharr truailliú timpeallachta.
  • Tá méadú mór ar phlaisteach san fharraige. 
  • Níl a dhóthain infheistíochta in athchúrsáil agus i bhfuinneamh in-athnuaite, mar shampla fuinneamh gaoithe, fuinneamh uisce, hidrealeictreachas.
  • Tá a lán comhlachtaí guail agus fuinneamh gafa le hairgead. Is cuma leo faoin timpeallacht.
  • Chun an fhadhb a réiteach caithfear:
  • an córas taisteal poiblí a úsáid seachas an carr
  • carranna leictreacha a úsáid seachas carranna peitril
  • níos mó boscaí bruscair a chur ar fáil.
  • an dlí a chur ar pholaiteoirí agus comhlachtaí a bhriseann dlíthe timpeallachta.
  • gnáthóga ainmhithe a chaomhnú.
  • fuinneamh a shábháil go cliste.
  • oideachas níos fearr a chur ar fáil faoin timpeallacht.
  • níos mó crainn a phlandáil chun an aer a fheabhsú.

Cad iad na fadhbanna sóisialta i do cheantar?

  • Tá neart fadhbanna móra sóisialta i mo cheantar - fadhb an óil, fadhb na ndrugaí agus fadhb an bhochtanais ach go háirithe.
  • Dar liom, tá fadhb an óil ag éirí ó smacht. 
  • Tá baint mhór ag piarbhrú ar dhaoine óga leis.
  • Is cuid de chultúr na tíre é an ól. 
  • Déanann déagóirí ar meisce rudaí nach ndéanfaidís de ghnáth.
  • Ceannaíonn daoine níos sine an t-alcól do dhéagóirí. 
  • Tá cárta aitheantais bréige ag a lán déagóirí freisin.
  • Anois is arís, goideann déagóirí alcól ón baile.
  • Is éalú é an t-alcól ó scrúdaithe, strus an tsaoil agus múinteoirí agus tuismitheoirí.
  • Spreagann réalta ceoil daoine óga chun alcól a ól, dar liom. An rud a cíonn an leanbh, is é a dhéanann an leanbh, dar liom.
  • Mar thoradh ar an alcól, éiríonn roinnt daoine gafa leis go huile is go hiomlán.
  • Ní féidir leo díriú ar a gcuid oibre nó staidéir.
  • Uaireanta léimeann daoine isteach sa charr faoi thionchar an óil.
  • Cúisíonn alcól a lán fadhbanna sláinte.
  • Cuireann daoine airgead amú ar alcól go minic. 
  • I mo thuairim, tá fadhb na ndrugaí imithe ó smacht go hiomlán.
  • Tá sí ró-éasca teacht ar dhrugaí éagsúla - drugaí boga agus crua.
  • Caitheann a lán déagóirí toitíní raithní chun a scíth a ligean. Ní thuigeann siad an dochar a dhéanann sé dá gcoirp agus dá sláinte.
  • Tá na mangairí drugaí an-foréigneach. Maraíonn siad a chéile chun cumhacht agus airgead a fháil.
  • Tá mí-úsáid drugaí fíordháinséarach dar liom. Tá ceimicí dáinséarach istigh iontu.
  • Bíonn na drugaí ar fáil go héasca ar na sráideanna, sna clubanna oíche agus sna tithe tabhairne.
  • Bíonn roinnt daoine gafa le drugaí dleathacha.
  • Éiríonn daoine gafa le drugaí go han éasca. Tá siad an-tarraingteach.
  • Chun an fhadhb a réiteach caithfear…
  • píonóis níos déine a chur ar na mangairí.
  • gach druga dáinséarach a scrois sa tír.
  • breis Gardaí a chur ar na sráideanna.
  • tástálacha drugaí a dhéanamh ar dhaoine óga agus sna scoileanna.
  • oideachas níos fearr a chur ar fáil faoina dáinséir a bhaineann le drugaí.
  • eolas a scaipeadh faoina hiarmhairtí a bhaineann le drugaí. mar shampla piollaí, cannabas agus cócaon.

Cad é do thuairim faoi pholaiteoirí na tíre seo?
  • Tá meas agam ar roinnt polaiteoirí a dhéanann a ndícheall do mhuintir na tíre.
  • Tá roinnt polaiteoirí áfach atá gafa le hairgead, stádas agus cumhacht. Ní dhéanann siad a dhóthain do mhuintir na tíre.
  • Ní thugann na polaiteoirí go leor tacaíocht do dhaoine ar an imeall, mar shampla daoine gan dídean, daoine ag sreachailt le hairgead, daoine ar ioncaim íseal, pinsinéirí.
  • Ba chóir go mbeadh polaiteoirí 
  • ag freastal ar ghnáthmhuintir na tíre.
  • ag cur feabhas ar sheirbhísí sa tír, mar shampla scoileanna sa chóras oideachais, ospidéil sa chóras sláinte
  • ag cur feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta, ag cruthú postanna, ag mealladh tionscail nua isteach sa tír
  • ag éisteacht le smaointe an phobail
  • an seasamh an fhóid maidir le Breatimeacht
  • ag socrú fadhbanna seachas ag cruthú fadhbanna
  • ag infheistiú in áiseanna nua timpeall na tíre
  • Ní thuigeann na polaiteoirí na fadhbanna atá ag gnáthdhaoine, mar shampla le morgáistí, cánacha arda agus easpa seirbhísí
  • Tá tuarastail arda a thuilleamh acu. Cuireann sé seo isteach go mór orm. Íocann an cáiníocóir as an bpá sin!
  • Tá siad beag beann ar na gnáthdhaoine.
  • Ba chóir go mbeadh daoine le taithí agus na scileanna riachtanacha a bheith ag rialú na tíre.
  • Tá meas agam ar Micheál D. Ó hUigínn mar Uachtarán sa tír seo.
  • Is eisceacht é sa saol polaitiúil.
  • Tugann sé cluas éisteachta do dhaoine difriúla.
  • Níl sé gafa le hairgead.
  • Ionadaí stáit eiseamláireach is ea é.
  • Tá taithí na mblianta aige.
  • Tá sé bródúil as an nGaeilge agus cultúr na tíre.
  • Mar dhuine, is duine cairdiúil, cabhrach agus cineálta é!

Modh Coinníollach - Freagraí don Scrúdú Béil:

Dá mbeinn i mo Chomhairleoir Áitiúil….
  • chuirfinn níos mó áiseanna ar fáil do dhaoine óga.
  • d’fheabhsóinn an seirbhís poiblí sa chathair.
  • chabhróinn le daoine sa chathair atá gan dídean.
  • d’ullmhóinn níos fearr do thubaistí agus do thuillte sa chathair
  • thógfainn bacainní chun an t-uisce a choimeád amach óna sráideanna.
  • d’infheisteoinn airgead i seirbhísí do dhaoine óga.

Dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta…
  • cheannóinn teach mór galánta.
  • thabharfainn roinnt airgid do charthanachtaí ar nós Chlann Shíomóin, Trócaire.
  • roinnfinn an t-airgead le mo theaghlach, mo chairde agus mo ghaolta.
  • chuirfinn airgead i gcoigilteas bainc.
  • shábhálfainn cnuasach airgid don todhchaí.
  • thaistleoinn timpeall an domhain agus go tíortha éagsúla.
  • d’íocfainn as morgáiste mo thuismitheoirí.

Dá mbeinn i mo réalt spóirt / réalt ceoil…
  • scríobhfainn amhráin chun airgead a thuilleamh do charthanachtaí.
  • bheinn i mo dhea-eiseamláir do dhaoine óga.
  • spreagfainn daoine óga chun spórt a imirt / ceol a sheinm.
  • thraenálfainn go dian dícheallach.
  • dhéanfainn obair na gcapall ar an bpáirc.

Dá mbeinn i m’Aire Oideachais…
  • chuirfinn níos mó béime ar scileanna praiticiúla seachas acadúla.
  • d’infheisteoinn breis airgid i gceantair neamhfhorbartha.
  • d’osclóinn níos mó Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna timpeall na tíre.
  • gheobhainn réidh le scrúdaithe stáit agus thabharfainn measúnú leanúnach isteach ina áit.
  • laghdóinn líon na ndaltaí sna ranganna.
  • d’fhostóinn breis múinteoirí acmhainne sna scoileanna.

Dá mbeinn i mo Thaoiseach…
  • -d’fheabhsóinn bonneagar na tuaithe.
  • -chuirfinn feabhas ar an gcóras leathanbhanda timpeall na tíre.
  • -leasóinn roinnt dlíthe.
  • -thaistleoinn thar lear chun gnó a spreagadh in Éirinn.
  • -bhuailfinn le ceannairí móra domhanda eile chun fadhbanna an domhain a réiteach.


Comments

  1. I really appreciate your support on this.
    Look forward to hearing from you soon.
    I’m happy to answer your questions, if you have any.


    แจกเครดิตฟรี ฝากถอนง่าย

    แจกเครดิตฟรี ฝากถอนง่าย

    คาสิโน

    ReplyDelete
  2. Many thanks for your kind invitation. I’ll join you.
    Would you like to play cards?
    Come to the party with me, please.
    See you soon...

    เครดิตฟรี

    คาสิโน

    เครดิตฟรี

    เครดิตฟรี

    ReplyDelete
  3. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)