Easpa Dídine in Éirinn (Emma Brennan) Bliain 6 Rang Phádraig


Ní túisce a chonaic mé teideal na haiste seo ná a rug mé ar mo pheann chun mo chuid tuairimí a bhreacadh síos. Is fadhb ollmhór é an bhochtanas atá go mór  i mbéal an phobail . Cuireann sé déistin orm a adhmháil go raibh thart ar chúig mhíle duine fasta i gcóiríocht éigeandála  arna maoiniú  ag an Stát i mí na Nollag 2017.

         Is cuis imní é an easpa dídine in Éirinn  sa lá atá inniu ann. Is fadhb í atá ag crá is ag creimeadh na tíre seo agus níl faic ná fríde á dheanamh chun í a leigheas. Feictear daoine gan dídean ar shráideanna na  gcathracha agus na mbailte móra. Tá na daoine seo fágtha ar an trá fholamh, iad tréigthe ag an sochaí. Conas go bhfuil sé cothrom go bhfuil éagóir á dhéanamh ar na daoine seo. Níl rian den dhínit fágtha acu. Téann fréamhacha na faidhbe seo chomh fada siar go Ré an Tíogair  Cheiltigh. Bhí airgead ar fáil go héasca óna bainc náisiúnta toisc go raibh borradh eacnamaíochta againn sa tír. Bhí daoine ag eirí santach agus bhí tithe galanta á dtogáil acu ag usáid airgead ó iasachtaí dochreidte. Measaim go raibh an tsaint imithe go smior iontu. Bhí chuile duine ag dul ar saoire chuig tíortha iasachta cúpla uair le linn na bliana. Níor mhair an saol baothghalánta sin i bhfad. Thit an tóin den chóras baincéireachta. Mhéadaigh fiacha na mbanc go sciobtha agus tháinig deireadh tapaigh tobann leis an gcinéal saoil neamhrealaíoch a bhí á leanúint ag lucht an rachmais ar fud na tíre. Blianta i ndiaidh an Tíogair Cheiltigh, tá an tír fós fagtha ina cíorthuathail. Níl pingin rua fágtha san eacnamaíocht  chun cabhrú leis na daoine bochta atá gan dídean.
            
                 Ní féidir a sheánadh ach go bhfuil nasc laidir idir easpa Didine agus fadhb an óil. Is  minic a fheictear duine gan dídean agus iad ina suí i dteach beag cairtchláir agus iad go hiomláin ar meisce. Tá an fhadhb seo pléite agus athphléite ag iriseoirí agus saineolaithe. Is léir go bhfuil sé le feiceáil ó cheann ceann na tíre. Bhí fíric dochreidte sna méain cumarsáide le deanaí a dúirt go mbíonn  thart ar nócha dó faoin gcéad  de dheágoirí na tíre ar meisce gach deireadh seachtaine. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine ar na sráideanna de bharr an óil. Is náireach an rud é don tír seo. Conas gur féidir linn easpa didíne a sheachaint nuair atá gréim ollmhór ag an alcól ar shaol deagoirí sa lá atá inniú ann? 
     
Baineann na neachta seo atá imeallaithe ar na sráideanna le gach gné agus le gach aicme den saol. Ní hamháin go bhfuil andúil ag na daoine seo ach bíonn fadhbanna pearsanta acu chomh maith - cliseadh teaghlaigh, fadhbanna airgid nó fadhbanna meabhrach go minic. Tóg Caitlín mar sampla. Cailín óg ó chathair Luimnigh ab ea í a raibh oideachas den chéad scoth bainte amach aici. Ní raibh sí riamh gan leabhar ina lámh aici. Thit sí i ngrá ach ní raibh aon rath ar an ngrá, treigeadh í agus thosaigh sí ag ól chun deileáil leis an bpian. Tamaill ina dhiadh tógadh a teach uaithi agus bhí uirthi conaí ar na sráideanna sa chathair. Ní scéal eisceachtúil é seo, gan dabht.

Cé go séanfaidh an rialtas é tá polaiteoirí na tíre seo ag casadh a ndroim in aghaidh na bhfadhbanna atá ag daoine gan dídean. Níl siad ag iarraidh cabhair cheart a thabhairt. Níl lámh cúnta á ofráil acu. Cúpla mí ó shin, tháinig cás chun cinn ar an gclar “Primetime”. Bhí sé le feicéail go soiléir go raibh  an córas maidir le tithíocht inacmhainne ina praiseach ar fud na mias. Tá roinnt árasáin agus tithe ar ligean ar cíos atá chomh dona leis na tionóntáin siar sa stair. Bhí cás amháin i mBáile Átha Claith le déanaí ina raibh ionradh camras ag tarlú go rialta. Tá sé seo go hiomlán i gcoinne cearta bunúsacha daoine. Cuirim an milleán ar na polaiteoirí mar go bhfuil siadsan in ann a bheith ag stiúradh ná tíre. Leis an tuarastal ard atá á fáil acu ba ceart go mbeadh seirbhisí agus áit chónaithe ceart ar fáil do mhuintir na tíre.  Tá seanfhocal ann a deir go bhfuil “ an fhirinne searbh” áfach. Ní mór dul i ngleic leis na fadhbanna láithreach bonn. 
Is cuma sa tsioc le polaiteoirí na tíre faoi na daoine bochta atá ag maireachtáil ó lámh go béal. An rud is tabhachtaí dóibh ná go bhfuil an cumhacht polaitiúil acu féin. Ní fhaca mé polaiteoir bocht riamh agus gineann sé an frustrachas ionam nuair a chím Aire éigin le carr agus teach galánta nuair atá cathracha na tíre seo loite leis an mbochtaineacht. Na créatúir bochta a bhfuil ag brath go hiomlán ar chúnamh ón stait,  mo ghaidhim iad. An t-aon sóthoisc a bhfuil ag muintir na sráide ná na eagraíochtí carthanachta a théann amach i bhfuacht nimhneach na hoíche chun béile te a thabhairt dóibh. Níl aon tacaíocht airgid ag na carthanachtaí seo ón rialtas. Cén fath é sin, áfach? Níl na polaiteoirí ach ag iarraidh na cistí airgid a úsáid ar mhaithe lena aidhmeanna féin a bhaint amach. Níl siad ach ag tochailt ar a gceirtliní féin.

      Dá mbeinn i m’Aire Airgeadais, thabharfainn deontais amach do carthanachtaí ar nós Fócas Éire ionas go mbeadh siad in ann breis tacaíochta a thabhairt do dhaoine gan dídean. D’infheisteoinn airgead chun ionaid athshlanúcháin a thogáil ionas go mbeadh anduiligh atá ar na sráideanna abalta leigheas a chur orthu féin. Is náireach an rud é nach bhfuil faic na fríde á dheanamh ag an rialtas fad is atá an fhadhb mhillteanach nimhneach seo ag leanúint ar aghaidh gan stop gan staonadh.

               Faoi mar atá luaite agam thuas, níl aon réiteach simplí ar an easpa dídine. Is fadhb náisiúnta agus géarchéim í. I mo thuairim mheáite, caithfidh an rialtas dul i ngleic leis an bhfadhb go práinneach. Tá sé in am dúinn seasamh le daoine ar an imeall sa tír seo agus lámh cúnta a thabhairt dóibh. Ar deireadh, tá an fhreagracht orainn go léir comhoibriú chun baoil agus bagairtí an easpa dídine a réiteach. Mar a deireann an tseanfhocail: "Ní neart go chur le chéile”.

Comments

  1. An-aiste go deo scríofa agat Emma, maith thú as ucht an iarrachta a chuir tú leis. Togha na hoibre déanta agat.

    ReplyDelete
  2. Táim an-sásta mo thaithí a roinnt anseo, is é Brenda an t-ainm atá orm agus bhí mé pósta go sona sásta. Go dtí go ndúirt mo fhear céile go raibh mé ag caimiléireacht air, ansin thángamar ar bheirt lánúineacha, ní raibh sé in ann a chreidiúint, ní raibh muinín agam as mo chuid focal mar sin chomhdaigh muid le haghaidh colscartha. Rinne mé iarracht bogadh ar aghaidh ar feadh i bhfad, ach ní raibh mé in ann fanacht gan é, agus mar sin thosaigh mé ag iarraidh mo fhear céile a fháil ar ais, agus ansin cuireadh mé chuig an Dr. Is fear mór a tháinig mé, chaith sé seal grá agus d'fhill sé ar mo fhear céile laistigh de 24Hours. leis seo, táim anseo chun teagmháil an Dr. IZOYA a roinnt, a shroicheadh air trí drizayaomosolution@gmail.com. Is cinnte go bhfuil sé cumhachtach agus go bhfuil sé ag plé leis na nithe seo a leanas ...
    (1) Séasúir ghrá de gach cineál (2) Scagadh ar stad (3) Deireadh a chur le neamhshuim. (4) Cabhair Spioradálta a bheith de dhíth ort.

    ReplyDelete
  3. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)