Ceist Scrúdaithe: Géibheann le Caitlín Maude (Bliain 5 Rang Prionnsias)

“Is í an chodarsnacht a léirítear idir saoirse agus daoirse an ghné is suimiúla den dán Géibheann”. É sin a phlé.

Aontaím go láidir leis an ráiteas thuas. Is iad príomhthéamaí an dáin “Géibheann” le Caitlín Maude ná saoirse agus daoirse. Le linn an dáin spéisiúil fáthchiallach seo tugann an file léargas pearsanta dúinn ar athrú ollmhór ina saol. Baineann Maude úsáid éifeachtach as íomhá de leon mar mheafar dá saol féin - leon a bogadh ón bhforaois chuig saol teoranta i ngáirdín na n-ainmhithe. 

Ar an gcéad dul síos, dathaíonn an file pictiúr cuimsitheach cruinn dúinn de shaol an leoin san fhiántas ag tús an dáin. Bhí saoirse agus neamhspleáchas iomlán ag an leon ann. Leon láidir tábhachtach ab ea é. Bhí cumhacht in ghlór. Bhí “cliú agus cáil” air mar rí na foraoise. Bhí áilleacht agus údarás ag baint leis. Bhí sé i gceannas sa timpellacht fiáin agus nádúrtha sin - “na teochrasa”. Bhraith an leon láidir, fíochmhar agus bródúil de bharr an saoirse a bhí aige.

I líne a sé go dtí a hocht den dán, péinteálann an file íomhá cumhachtach den leon saor i mbarr a shláinte. Bhí saoirse ag an leon a “gháir” chumhachtach a úsáid go laethúil. Thuill sé meas óna hainmhithe eile nuair chroith sé “crainnte na coille” fadó. Bhain sé buntáiste as an saoirse a bhí aige chun a stádas agus a chumhacht a léiriú.

Feicimid codarsnacht ghéar sa dara leath den dán idir saol an leoin anois agus an saol a bhí aige fadó. Anois tá easpa cumhachta, neamhspleáchais agus saoirse ag an leon. Baineadh a shaoirse uaidh. Ní ainmhí cumhachtach é a thuilleadh. Tá an leon ina luí sa zú agus é briste agus in umar na haimléise. Tá tuirse air agus luíonn sé síos ag breathú “trí leathshiúil”. Níl ach “crann aonraic” le feiceáil sa zú. Mothaíonn an leon faoi bhrú agus clastrafóibeach i dtimpeallacht uirbeach agus mínádúrtha.

Sa chúig líne deireanacha den dán, léiríonn an file go bhfuil an leon mar thaispeántas agus ábhar siamsaíochta don phobal. Is cuid caidéise í den phobal anois. Is stráinséir nó comhthíoch é an leon anois. Tagann na “céadta daoine” chun an leon a fheiceáil gach lá . Tá atmaisféar éadóchasach le brath ar deireadh toisc nach bhfuil bealach éalaithe ag an leon ón daoirse i ngáirdín na n-ainmhithe. Ní chabhraíonn an pobal leis chun saoirse a bhaint amach arís - “a dhéanfadh rud ar bith dom, ach mé a ligean amach”.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil codarsnacht ghéar le brath sa dán seo idir an saol an leoin fadó agus an saol gruama atá aige anois. Tagann athrú ollmhór freisin ar mhothúcháin agus meon an leoin chomh maith tar éis a shaoirse a chailliúint. Tá a fhios againn gur meafar leanúnach é an leon den file, Caitlín Maude, a bhí in ísle brí le hailse ag an am. Tugann an dán seo léiriú éifeachtach ar an gcrá pearsanta a bhí sí ag fulaingt. 



Comments

  1. Táim an-sásta mo thaithí a roinnt anseo, is é Brenda an t-ainm atá orm agus bhí mé pósta go sona sásta. Go dtí go ndúirt mo fhear céile go raibh mé ag caimiléireacht air, ansin thángamar ar bheirt lánúineacha, ní raibh sé in ann a chreidiúint, ní raibh muinín agam as mo chuid focal mar sin chomhdaigh muid le haghaidh colscartha. Rinne mé iarracht bogadh ar aghaidh ar feadh i bhfad, ach ní raibh mé in ann fanacht gan é, agus mar sin thosaigh mé ag iarraidh mo fhear céile a fháil ar ais, agus ansin cuireadh mé chuig an Dr. Is fear mór a tháinig mé, chaith sé seal grá agus d'fhill sé ar mo fhear céile laistigh de 24Hours. leis seo, táim anseo chun teagmháil an Dr. IZOYA a roinnt, a shroicheadh air trí drizayaomosolution@gmail.com. Is cinnte go bhfuil sé cumhachtach agus go bhfuil sé ag plé leis na nithe seo a leanas ...
    (1) Séasúir ghrá de gach cineál (2) Scagadh ar stad (3) Deireadh a chur le neamhshuim. (4) Cabhair Spioradálta a bheith de dhíth ort.

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)