Aiste: Mórcheisteanna i gCúrsaí Spóirt (comhscríofa ag Rang Phádraig, Bliain 6)

Mórcheisteanna i gCúrsaí Spóirt i  Saol an Lae Inniu  

(comhscríofa ag Rang Phádraig, Bliain 6)


Ábhar spéisiúil is ea an cheist seo faoi chúrsaí spóirt agus mórcheisteanna i gcúrsaí spóirt a bhfuil suim mhór ag muintir an domhain ann le tamall de bhlianta anuas. Tá fadhbanna an spóirt pléite agus athphléite ag polaiteoirí, iriseoirí agus ag saineolaithe agus ag an bpobal i gcoitinne. Ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach simplí ar na ceisteanna casta seo. Ba mhaith an rud é gach gné den scéal seo ar fad a scrúdú: fadhb na ndrugaí, drochiompar, ciníochas, airgead agus saint, easpa rannpháirteachais i gcúrsaí spóirt, easpa seirbhísí agus go leor eile. 

Ar an gcéad dul síos, is minic a bhíonn tuairisc faoi chonspóid agus tionchar na ndrugaí i gcúrsaí spóirt ar na meáin cumarsáide. Níl aon dabht ach gur scéal suimiúil, spéisiúil agus scannalach é seo. Athrú mór chun donais is ea fadhb na ndrugaí agus tá an locht ar fad ar mhionlach daoine náireacha agus mímhacánta. Is éard is cúis leis an bhfadhb chasta seo ná an brú mór millteanach a chuireann an cháil agus an iomaíocht ar luthchleasaithe. Déanann comhlachtaí ilnáisiúnta margaíochta dúshaothrú ar na réalta spóirt agus ar imreoirí agus bíonn brú dochreidte ar luthchleasaithe ardchaighdeán a bhaint amach go rialta. Ní gá ach féachaint ar an Tour de France, mar shampla. Náiríodh an spórt de bharr scannal drugaí Lance Armstrong. Freisin, bhris scéalta amach faoi shubstaintí mídhleathacha a raibh iomaitheoirí Rúiseacha á dtógáil sna Cluichí Oilimpeacha cúpla bliain ó shin. Creideann na hiomaitheoirí go gcuireann drugaí ar nós stéaróidigh agus teisteastarón leis an bhfeidhmiú agus go gcabhraíonn sé leo an lámh in uachtar a fháil. Ba chóir imscrúdú agus tástáil níos rialta a dhéanamh ar luthchleasaithe i ngach spóirt chun an fhadhb seo a réiteach go luath. 

Ní gá dúinn ach éisteacht le ceannlínte na nuachta lá ar bith, freisin, agus cloistear faoi dhrochthionchar an airgid i réimse an spóirt. Cá ndeachaigh na laethanta nuair a theastaigh ó imreoir spórt a imirt don spraoi agus don ghrá atá acu don spórt sin? Tagann comhlachtaí ar nós Nike i dtír ar lucht leanúna spóirt. Déanann siad brabús mór as t-léinte, geansaithe agus earraí spóirt a dhíol do chustaiméirí ar phraghasanna arda. Cinnte, tá caimiléireacht ar siúl acu agus tá siad ag cur an dallamhullóg ar dhaoine timpeall an domhain. Freisin, tá a lán airgid á thuilleamh ag comhlachtaí teilifíse spóirt ar nós Sky Sports óna gcustaiméirí a ghlacann le síntiúis dona cláracha spóirt. Gan dabht, bíonn cur amú airgid i gceist sa spórt freisin. Caitheadh 15 billiún dollar ar staideanna nua sa Bhrasaíl dona Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 2014 agus rinneadh caillteanas ollmhór dá bhárr. Tá mórcheist an airgid i gcúrsaí spóirt imithe ó smacht agus caithfear srian a chur air go luath!

Morcheist eile atá i mbéal an phobail le déanaí ná an geallghlacadóireacht i gcúrsaí spóirt. Tá méadú suntasach tagtha ar an méid daoine atá ag cur suimeanna móra airgead ar imeachtaí spóirt agus atá gafa le cearrbhachas. De réir na staitisticí is déanaí tá 40,000 duine in Éirinn tógtha leis an ngeallghlacadóireacht. Creid é nó ná creid, is ábhar imní í an staitistic seo. Anuas air seo, tá 1,100 gnólachtaí geallghlacadóireachta ar nós Paddy Power agus Ladbrokes sa tír seo. Déanann na comhlachtaí dúshaothrú ar dhaoine a bhfuil fadhb cearrbhachais acu. Níl dabht ar bith ach go bhfuil drochéifeachtaí ag baint leis an gceist seo - fadhbanna teaghlaigh, easpa airgid i gcomhair billí agus uaireanta bochtanas. Is andiúl é an cearrbhachas amach is amach. Caithfimid an nasc idir airgead agus cúrsaí spóirt a laghdú. Ní mór dúinn díriú ar ghnéithe tábhachtacha an spóirt - an spraoi, an lucht leanúna agus caighdeán an spóirt. 

Anseo sa bhaile in Éirinn, is minic a phléitear ar na meáin na ceisteanna móra i gcúrsaí spóirt sa tír seo. I gcás an Chumainn Lúthchleas Gael sa tír seo, tá ceisteanna tábhachtacha le freagairt. Ar dtús báire, tugtar easpa aitheantais d'imreoirí camógaíochta agus ban i gcomparáid leis na fir. Ní fhaigheann cluichí na mban an clúdach teilifíse céanna. Ní thaispeántar ach corr cluiche ban ar TG4 anois is arís cé go bhfuil níos mó ban ag imirt timpeall na tíre. Cnámh spáirne ná an dáileadh airgead ón CLG freisin. Déantar infheistíocht míchothrom ar chontaetha timpeall na tíre. Infheistítear breis airgid sna cathracha seachas faoin tuath. Níl sé seo ceart cóir ná cothrom, dar liom. Caithfear níos mó aire a thabhairt d’imeoirí amaitéaracha ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar an bpáirc imeartha i rith na bliana. Ní thuilleann na himreoirí bochta seo pioc den airgead tar éis an obair chrua a chuireann siad isteach ó cheann ceann na bliana. Is mór an náire is an scannal é!

Ábhar casta eile na linne seo ná easpa rannpháirteachais i gcúrsaí spóirt i measc gach aoisghrúpa ar fud an domhain. Cén fáth go bhfuil an nós seo ag éirí níos forleithne? Tá baint mhór ag an saol nua-aimseartha leis an bhfadhb seo. Tá brú ama ar dhaoine ar scoil agus ag obair. Tá easpa áiseanna spóirt agus aclaíochta ar fáil in áiteanna áirithe. Freisin, cuirtear éileamh ollmhór ar imreoirí chun dianthraenáil a dhéanamh chun caighdeán ard a bhaint amach. Imíonn an taitneamh agus an spraoi ón spórt dá bhárr. Ina theannta sin, tá costas ollmhór ag baint le spóirt áirithe a imirt - gailf agus marcaíocht capall mar shampla. De réir fíricí ón Aontas Eorpach, ní ghlacann ach 46% de mhuintir na hÉireann páirt sa spóirt nó san aclaíocht in aghaidh na seachtaine. De dheasca é seo, tá fadhb na hotrachta ag éirí i bhfad Éireann níos measa. Tá sláinte meabhrach ag dul in olcas agus tá saol níos míshláintiúla á leanúint ag daoine óga agus aosta. Cúis imní í seo cinnte.

Mar fhocal scoir, de bharr na cúiseanna ar fad a phléigh mé thuas is fíor go bhfuil mórcheisteanna ag baint le cúrsaí spóirt sa lá atá inniu ann. Is léir don dall go bhfuil an spórt ar fud an domhain in umar na haimléise de bharr fadhb na ndrugaí, an airgid agus na caimiléireachta. Tá ceisteanna crua le freagairt fós! Ba chóir gníomh éigin fiúntach a dhéanamh go luath chun deireadh a chur leis na fadhbanna móra seo. Táim dóchasach go dtarlóidh réabhlóid i gcoinne cúrsaí mímhacántachta sa spóirt amach anseo. Cad a tharlóidh sa todhchaí? An dtarlóidh aon athrú chun na maitheasa? Neosfaidh an aimsir. 




Comments

  1. Táim an-sásta mo thaithí a roinnt anseo, is é Brenda an t-ainm atá orm agus bhí mé pósta go sona sásta. Go dtí go ndúirt mo fhear céile go raibh mé ag caimiléireacht air, ansin thángamar ar bheirt lánúineacha, ní raibh sé in ann a chreidiúint, ní raibh muinín agam as mo chuid focal mar sin chomhdaigh muid le haghaidh colscartha. Rinne mé iarracht bogadh ar aghaidh ar feadh i bhfad, ach ní raibh mé in ann fanacht gan é, agus mar sin thosaigh mé ag iarraidh mo fhear céile a fháil ar ais, agus ansin cuireadh mé chuig an Dr. Is fear mór a tháinig mé, chaith sé seal grá agus d'fhill sé ar mo fhear céile laistigh de 24Hours. leis seo, táim anseo chun teagmháil an Dr. IZOYA a roinnt, a shroicheadh air trí drizayaomosolution@gmail.com. Is cinnte go bhfuil sé cumhachtach agus go bhfuil sé ag plé leis na nithe seo a leanas ...
    (1) Séasúir ghrá de gach cineál (2) Scagadh ar stad (3) Deireadh a chur le neamhshuim. (4) Cabhair Spioradálta a bheith de dhíth ort.

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)