Prós: Ceist Scrúdaithe - Hurlamaboc (Anna Sheahan)

"Sa sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc, léiríonn iompar agus dearcadh Lisín go leor gnéithe den saol nua-aimseartha" Pléigh an ráiteas sin. (30 marc)

Is fíor go dtugtar léargas spéisiúil ar ghnéithe suimiúla den saol nua-aimseartha tríd iompar agus dearcadh Lisín sa sliocht seo as an úrscéal 'Hurlamaboc' le Eilís Ní Dhuibhne. 

          Ar an gcéad dul síos, feicimid seoinínteacht agus ardnósacht shaol nua-aimseartha Lisín ag tús an tsliochta seo. Bhí Lisín ag céiliúradh fiche bliain pósta lena fear chéile Pól agus bhí cóisir mór “cathréimneach” á eagrú aici. Bhí sí ag úsáid an chóisir chun íomhá dearfach di féin agus a clann a cur ós comhair na gcomharsan. "Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici" agus bhí sé lán le bia álainn. Iarracht ab ea é seo chun a saibhreas a léiriú os comhair an phobail. Freisin, chuir Lisín péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir agus bláthanna sna prócaí. Is léir do chách go raibh baothghalántacht ag baint le saol Lisín in Ascaill na Fuinseoige agus í ina conaí i dteach álainn eisiach i gceantar ardnósach. Tá sé soiléir go raibh saol nua-aimseartha ag gach duine sa cheantar seo agus bhí Lisín ag iarradh cos a choinneáil leis na comharsana ar fad.

          Bhí Lisín díreach cosúil le na mná eile a bhí ina gconaí ar Ascaill na Fuinseoige. Deirtear linn sa scéal seo go raibh siad go léir faiseanta, gealgháireach, fionn agus tanaí. Luaitear sa sliocht nach raibh sé:
"de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smuidiú."  Is léir go bhfuil an t-údar ag déanamh scigmhagadh ar nósanna nua-aimseartha na mban seo. Bhí gach bean ró-ghafa lena n-íomhánna féin. Bhí rud éigin “sa bhreis” ag Lisín orthu, áfach. Is léir go raibh iomaíocht agus comórtas idir na mná sa cheantar seo i dtaobh na maoin a bhí acu. Is gnéithe suimiúla den saol nua-aimseartha iad an fhalsacht agus an éadomhaineacht seo, gan dabht.

          Anuas air sin, is léir go raibh meon caolaigeanta agus uaillmhianach ag Lisín agus na mná eile - tréithe láidre a bhaineann leis an saol nua-aimseartha. Bhí siad uilig den tuairim nach 'gnathduine' í máthair Eibhlín Ní Loinsigh toisc nach raibh an fhalsacht nó an cuma céanna ag baint léi. Deirtear go raibh sí aisteach "i mórán bealaí" toisc nach raibh sí gafa léi féin nó lena híomhá. An t-aon difríocht a bhain léi ná go raibh gruaig fhionn uirthi. I mo thuairim, léiríonn an meon cúng seo a bhí bainteach le Lisín gné suimiúil den saol nua-aimseartha toisc go raibh béim ar leith curtha ar íomhá foirfe sa cheantar seo. I ndáiríre píre, níl aon duine foirfe agus rinneadh imeallú ar Eibhlín toisc nár chloígh sí le nósanna agus iompar an tsaoil nua-aimseartha. 

          Feicimid iomaíochas agus comórtas an tsaoil nua-aimseartha tríd iompar Lisín le linn an scéil freisin. Ba bhean tí iontach í Lisín agus ní raibh post buan lán-aimseartha aici. Bhí saol bog aici agus is í a bhí i gceannas ar ghnóthaí an tí. Bhí sí go hiomlán féindírithe, áfach. D'oibrigh a fear chéile, Pól, mar léachtóir san ollscoil agus rinne sé go leor airgid ag ceannach stoc ar an idirlíon. Toisc nár léirigh Lisín suim ollmhór i saol a páistí, bhí alán ama saor aici. Bhí Lisín mar bhall de roinnt eagraíochtaí cosúil le "clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta.'' D'fhreastal sí ar ranganna teanga - Spáinnis, Rúisis, Sínis agus Seapáinis freisin. Bhí Lisín ina ball de na heagraíochtaí seo ar mhaithe lena stádas féin a neartú agus a chothú i súile na gcomharsan. An aidhm a bhí aici ná go mbeadh éad á chur aici ar na comharsana agus is léir go mbeidís go léir “ite le formad”. Is léir gur iarracht ab ea é seo ó Lisín chun cur leis an meas a bhí uirthi go poiblí.  


          Deirtear sa sliocht gur duine “foirfe” i mórán bealaí í Lisín. I mo thuairim, is í an íomhá den fhoirfeacht seo an t-aon cloch ar a paidrín agus ba chuma léi faoi gach ní eile atá tábhachtach sa saol - meas, grá agus tuiscint, mar shampla. Is gnéithe iad seo atá ar lár sa saol nua-aimseartha agus i saol Lisín sa sliocht. Is féidir a rá, mar sin, go bhfaighimid léargas ar roinnt gnéithe suimiúla atá baint leis an saol galánta nua-aimseartha trí dhearcadh ardnósach Lisín - an tseoinínteacht, an fhalsacht, an fhéinspéis agus an t-ábharachas. 

Comments

Popular posts from this blog

Scrúdú Cainte - Nótaí Úsáideacha

Aiste: Fadhbanna Daoine Óga (Rang Prionnsias Bliain 5)

Géarchéim na Tithíochta in Éirinn - An Bhfuil Leigheas Air? (Ruth Dollard, Rang Phádraig)